Amharcann Breandán Delap ar leabhar a mhaíonn gur cheart deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais.
Baineadh siar as pobal na Gaeilge dornán blianta ó shin nuair a d’fhógair Enda Kenny an oíche sular thosaigh comhdháil bhliantúil Fhine Gael i Sráid an Mhuilinn, Co. Chorcaí, gur cheart gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge i ndiaidh an teastais shóisirigh. ‘Uirlis mhaol,’ a thug sé ar an iallach a bhíonn ar dhaltaí scoile céad teanga an stáit a fhoghlaim don Ardteist. B’in an 11 Samhain 2005 agus idir sin agus teacht i gcumhacht Fhine Gael bhain pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta na sála dá chéile ag iarraidh a chinntiú nach dtiocfadh bhláth ar an bheartas seo. D’éirigh lena bhfeachtas sa mhéid is go raibh sé ar cheann de na ceisteanna ba mhó díospóireachta le linn olltoghchán na bliana 2011. Ní raibh Páirtí an Lucht Oibre i bhfách leis an iarracht ón tús agus níor cuireadh i gClár an Rialtais é dá réir. Thug cairde na Gaeilge na cosa leo an iarraidh seo agus bhí an osna faoisimh a ligeadh le cluinstean ó Chnoc Fola go Céim an Fhia.
Ach ar eagla go mbeadh pobal na Gaeilge róshócúlach faoina mbua, níor mhiste ceann a thabhairt don mhéid a bhí le rá ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, anuraidh. In agallamh leis an Irish Times, dúirt sé go ndeir múinteoirí leis go gcaitear 30% d’am na bunscoile ag plé le cúrsaí creidimh agus Gaeilge. “If we are worried about literacy and numeracy and this figure is close to being correct . . . then we have to ask ourselves questions.” Thug sé le fios fosta go raibh teagasc na Gaeilge ar an “biggest single policy failure in Irish education”. San am i láthair, tá an tAire Quinn ag cloí le Clár an Rialtais (.i. gan aon athrú ar stádas éigeantach na Gaeilge) ach leanann an bhagairt.
An Nimh san Fheoil
Agus seo chugainn anois sampla eile nach bhfuil naimhde na teanga sa chóras oideachais imithe ar shiúl bíodh a fhios agat, ná baol air. Leabhar is ea The Revival of Irish: Failed Project of a Political Elite le Donal Flynn (Original Writing) a léiríonn na fadhbanna agus go deimhin na fabhtanna a bhain leis an chóras éigeantach ó bhunú an stáit a leith. Tá an ‘tionscnamh’ seo (mar a thugann an t-údar air) ar bun le hionann is 90 bliain anois: “...the longest running of all state programmes, involving over the time the largest expenditure of financial and human resource of any state programme, and with the least to show by way of any enduring results.” Is léir go bhfuil clár oibre frith-Ghaeilge ag an údar, áfach, agus baineann an ghangaid d’údarás oibiachtúil an tsaothair, dar liom. Is trua sin, mar tá an t-uafás taighde fiúntach déanta ag Donal Flynn agus thabharfaí níos mó aird dá bhfuil scríofa dá mbeadh cur chuige níos tomhaiste aige.
Tugann sé liodáin de staidreamh faoi fhadhb na neamhlitearthachta, mar shampla, atá bailí go maith ach is é an bhuntéis atá aige ná go bhfuil baint éigin ag an fhadhb seo leis an Ghaeilge éigeantach. Deir sé nach raibh aon deacracht aige féin an teanga a fhoghlaim nuair a bhí sé ag teacht i méadaíocht i dTiobraid Árann ach gur beag tairbhe a bhí sa Ghaeilge dá chomhscoláirí a chuaigh ar an bhád bhán go Sasana. Ar ndóigh, dá leanfaí leis an tuairim gur chun freastal ar an imirce atá córas oideachais na hÉireann, ní bheadh aon fhilíocht ná ealaíon á múineadh i scoileanna na tíre ach an oiread. Óir samhlaím gur beag an tairbhe a bhain an té a bhí ag sluaisteáil stroighine ar láithreáin thógála Bhóthar Holloway as an trí véarsa de The Lake Isle of Inisfree nó an soinéad Shakepeareach a d’fhoghlaim sé de ghlanmheabhair ach chomh beag.
Seo é an dara leabhar ar an ábhar seo a foilsíodh le deich bliana anuas. Ina leabhar siúd, Compulsory Irish: Language and Education in Ireland (Irish Academic Press, 2002), chuir an Dr Adrian Kelly an teoiric chun cinn go léiríonn na hiarrachtaí an teanga a athbheochan tríd an chóras oideachais an chontúirt a bhaineann le cead a thabhairt do “ideology to win over pragmatism in the formulation of policy.” Téann Donal Flynn céim níos faide ná seo sa mhéid is nach measann sé go bhféadfadh beartais feidhmiúla eile lasmuigh den chóras oideachais an uaillmhian seo a bhaint amach ach an oiread: “There can be no pragmatic steps for a project that is not itself pragmatic.”
Teanga ar Leith d’Aicme ar Leith
Deir Flynn gur beag an t-iontas gur chuir rialtais éagsúla ón bhliain 1922 go 1932 an-bhéim ar Ghaeilge riachtanach ó tharla gur trí fhoréigean agus neart láimhe a tháinig na daoine sin chun cumhachta: “Revolutionaries taking power will typically be both elitist and authoritarian in their mentality.” Téann sé thar fóir, áfach, i roinnt de na líomhaintí a chuireann sé i leith bunaitheoirí an stáit: “Economic development was seldom their central interest and consequently the question of Ireland’s competitive position in the world was seldom of interest to them either.”
Leanann sé leis an tuairim gur teanga eisiach do scothaicme is ea an Ghaeilge. I measc na mball den scothaicme seo, tá státsheirbhísigh agus polaiteoirí (ó tharla gur iarmhúinteoirí is ea an cheathrú chuid acu): “Those most socialised within the Irish education system and who benefit most directly from its certification both as teachers and as politicians.” Tá léamh iontach cúng aige ar chainteoirí Gaeilge: “Those who are engaged with Irish are either small groups of devotees or are public officials employed for the purpose of using the language, for example by translating official documents.” Bíonn leisce ar an údar an fhaill a ligean thairis gan chlisé nó steiréitíopa nó claontuairim a nochtadh faoi lucht labhartha na teanga.
’Sé bun agus barr na teoirice atá aige ná gur chomhcheilg ab ea gluaiseacht na hathbheochana chun smacht a choinneáil ar an phobal. Ar nós gach comhcheilg le dealramh, bhí baint lárnach ag an Eaglais Chaitliceach leis mar go raibh an teanga ag feidhmiú mar a bheadh “barrier to foreign influences.” Ní bheadh a leithéid de theoiric as alt in The Da Vinci Code ach is é an t-aon sampla a thugann an t-údar ná gur chuir an t-iar-Chairdinéal Tomás Ó Fiach in éadan an Language Freedom Movement. Lena chois sin, sílim go bhfuil sé róghoilliúnach sna samplaí a thugann sé do na hiarrachtaí a dhéanann cainteoirí Gaeilge a bheith ag caitheamh anuas ar an Bhéarla. Mar shampla, ba ag tagairt d’iarrachtaí briotacha Barack Obama abairt Ghaeilge a úsáid a bhí Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley, nuair a dúirt sé sa Dáil gur “fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste.” Is beag duine seachas údar an leabhair seo a cheapfadh gur masla a bhí i bhfocail an Aire Stáit do chainteoirí Béarla. Lagaíonn a leithéid de racht domlasta aon phointe suimiúil atá déanta ag Flynn agus dá réir sin is beag aird a thabharfar ar a leabhar.
Tubaiste a Bheadh Ann
Is beag an baol mar sin go mbeidh aon tionchar ag an tsaothar spídiúil seo ar smaointeoireacht an rialtais. Ach bíodh geall nach bhfuil deireadh leis an chonspóid, ná baol air. Ní thig le héinne a shéanadh gur beag toradh a bhíonn le feiceáil ar an 14 bliana a chaitheann scoláirí na tíre ag foghlaim na teanga. De thairbhe sin, má leanann cúrsaí mar atá beidh sé ag dul i ndeacracht ar chairde na Gaeilge cosaint a dhéanamh ar an dúnghaois. An ndéanfar go leor leasuithe ar theagasc na Gaeilge idir seo agus an chéad saothar eile a fhoilseofar faoin ábhar?
Ní gá a rá gur tubaiste a bheadh ann don teanga agus don Ghaeltacht dá mbainfí ón éigeantas. Thitfeadh an tóin as tionscal na gcoláistí samhraidh, mar shampla, agus is cinnte gur lú ráchairt a bheadh ar leabhair, ar chláracha agus ar irisí Ghaeilge chomh maith. Is ábhar roghnach í an Ghàidhlig in Albain agus níl ach meánscoil amháin sa tír a bhíonn ag teagasc trí mheán na teanga sin. Tá a laghad cainteoirí Gàidhlige ann anois go bhfuil teipthe ar Bhòrd na Gàidhlig príomhoide atá inniúil ar an teanga a earcú do Bhun-sgoil Ghàidhlig Inbhir Nis le trí bliana anuas. Go deimhin, b’éigean don Bhòrd feachtas a bhunú in iarracht cainteoirí Gàidhlige a mhealladh le bheith ag múineadh. Sách ráite.
Ní thig le teanga a bheith go fiú ina hábhar roghnach, mura bhfuil éinne ann le hí a theagasc agus chun an rogha a chur ar fáil do na scoláirí. Agus dá olcas na buillí a bhuaileadh an teanga is an Ghaeltacht le dornán blianta anuas – Acht na Gaeltachta, deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge, deireadh le daonlathas san Údarás srl. – ní bheidh iontu ach putha gaoithe le hais an cúbach a tharlódh dá ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.