Míníonn Alan Desmond go bhfuil Éire cáinte ag an Aontas Eorpach mar gheall ar idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe a thagann as tíortha lasmuigh den AE.
Chuir an Chomhairle um Inimircigh na hÉireann aighneacht faoi bhráid an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí le déanaí a léiríonn roinnt de na mórfhadhbanna i gcóras inimirce na tíre seo. Ceann de na diomair is mó ar an gcóras ná go bhfuil an iomarca ceilteanais ag údaráis an Stáit. Ciallaíonn sé seo go bhfuil easpa treoirlínte foilsithe is easpa soiléireachta maidir leis na slata tomhais a chuirtear san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoi chearta is teidil inimirceach in Éirinn. Is minic a théitear i muinín an dlí mar gheall ar an easpa soiléire seo, rud a tharraingíonn an-chostas ar inimiricigh is ar an Stát féin, is a chuireann brú breise ar an gcóras cúirteanna.
An tAthaontú Teaghlaigh agus an tAthbhreithniú Breithiúnach
Tógaimis mar shampla ceist an chirt chun athaontú teaghlaigh. Is foinse mór inimirce é an t-athaontú teaghlaigh ar fud an domhain, go háirithe sna Stáit Aontaithe. Is amhlaidh go bhfuil na Stáit bainte amach ag formhór na n-inimirceach atá ann de bharr nasc teaghlaigh le saoránaigh nó inimircigh atá lonnaithe sa tír cheana. Ach in Éirinn níl aon chóras dea-nósúil a chuireann ar chumas Éireannach is inimirceach iarraidh ar an rialtas baill dá dteaghlaigh a ligean isteach sa tír. Tá éiginnteacht faoi na coinníollacha atá le comhlíonadh ag iarratasóirí agus faoi na baill teaghlaigh atá i gceist. An iad sonuachair agus leanaí faoi bhun 18 amháin atá in ann teacht go hÉirinn sa chomhthéacs seo, nó an féidir baill teaghlaigh eile a thabhairt isteach? Fiú nuair a éiríonn le daoine baill dá dteaghlaigh a thabhairt go dtí an tír, bíonn éiginnteacht ag baint leis na cearta atá acu is na dualgais atá orthu.
Ní hionadh, ina fhianaise sin, go bhfuil neamhréireachtaí sna hiarratais ar athaontú teaghlaigh a nglactar leo agus na cinn nach nglactar leo. Ós rud é nach bhfuil aon sásra achomharc neamhspleách chun cinntí inimirce a athbhreithniú, téann daoine nach n-éiríonn lena n-iarratais chun na gcúirteanna d’fhonn cead isteach chun na tíre a fháil dá ndaoine muinteartha. Is réiteach é seo a dtugann na dlíodóirí athbhreithniú breithiúnach air. Is cuid fhíorthábhachtach dár gcóras dlí é an t-athbhreithniú breithiúnach, ach tá an tuairim nochta ag beirt bhreithiúna de chuid na hArd-Chúirte le déanaí go bhfuil an iomarca daoine ag dul i muinín an réitigh seo chun athaontú teaghlaigh a bhaint amach. Dá dheasca sin, ídítear acmhainní an Stáit agus am na gcúirteanna. Sheachnófaí é seo, ar ndóigh, dá mbeadh rialacha soiléire ann maidir le hathaontú teaghlaigh agus dá gcuirfí sásra achomharc neamhspleách ar bun a phléifeadh le cinntí a dhéantar i réimse na hinimirce. Dar leis an gComhairle um Inimircigh na hÉireann gurb é sásra den chineál seo an tslí is fearr chun trédhearcacht, nósanna imeachta córa agus leigheasanna feidhmiúla a chinntiú d’inimircigh in Éirinn.
Cáineadh Eorpach
Tá na héagóracha atá fite fuaite i gcóras inimirce na hÉireann tugtha faoi deara ag eagraíochtaí lasmuigh den tír, leis. I dtuairisc a d’eisigh Coiste Eorpach na gCeart Sóisialta níos luaithe i mbliana cuireadh in iúl go raibh Éire ag sárú roinnt mhaith ceart atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa. Is le cearta oibrithe nach saoránaigh de chuid an AE iad a bhaineann an chuid is mó de na sáruithe seo. Dar leis an gCoiste go bhfuil idirdhealú neamhdhleathach á dhéanamh ag Éirinn ar na hoibrithe seo maidir le rochtain ar ghairmoiliúint agus ar ardoideachas. Bhí an Coiste den tuairim, leis, go ngearrtar táillí ró-arda ar cheadanna oibre, rudaí atá de dhíth ar dhaoine nach saoránaigh de chuid an AE iad má theastaíonn uathu post a fháil in Éirinn. Is léir go bhféachtar ar inimircigh mar dhream ar féidir breis airgid a fháscadh as. D’fhéadfaí a rá gur mar sin atá an Stát ag caitheamh le gach uile dhuine sa tír faoi láthair agus beartais déine á gcur i bhfeidhm gan taise ag an rialtas. Ach tá soghontacht faoi leith ag baint le hinimircigh ós rud é nach bhfuil an vóta ná guth polaitíochta ag a bhformhór. I mí na Samhna, fágaim, gan ach foláireamh 5 lá tháinig méadú 100% ar an táille atá le híoc ag daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad ar mian leo fanacht in Éirinn níos faide ná 90 lá. Gearrann an Bheilg €50 ar na daoine seo agus san Iodáil is san Ostair bíonn tuairim is €100 le híoc, ach ó mhí na Samhna ar aghaidh caitear €300 a thabhairt chun clárú le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce, rud a fhágann go bhfuil Éire ar na tíortha san Eoraip ina ngearrtar na táillí cláraithe is airde ar an dream seo daoine.
Bhí iarracht den íoróin ag baint leis gur cuireadh toscaireacht chun na hIndia le mic léinn a mhealladh chuig ollscoileanna na hÉireann dhá lá i ndiaidh don rialtas an t-ardú sa táille cláraithe a fhógairt.
D’fhéadfaí a rá go bhfuil go leor deacrachtaí dár gcuid féin againn faoi láthair gan bheith buartha faoi inimircigh. Tá roinnt daoine den tuairim go bhfuil sé iomarcach a bheith ag trácht ar chearta eachtrannach sa tír seo nuair atá an méid sin Éireannach in umar na haimléise. Ach is in aimsir an anró is mó atá tábhacht ag baint le cearta an duine a chosaint agus is rud iad cearta an duine atá ag gach uile dhuine, is cuma an Éireannach nó eachtrannach é.