Tá Balor ar tí a chuid sómhainní a dhíol, a luach a thabhairt don daibhir, soc a dhéanamh dá chlaíomh, é féin a bhearradh agus a lomadh, an deannach a chreathadh dá chuaráin agus dul trí chró snáthaide.
Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
Tá Joseph Aloisius Ratzinger, nó Benedictus XVI mar is fearr aithne air, i ndiaidh an t-ualach seo a iompar ar feadh ocht mbliana, chóir a bheith, agus ní beag an tionchar a bhí ag an tromualach seo ar a shláinte, deirtear. Tá sé anois chun a scíste a ligean agus dul i mbun machnaimh go lánaimseartha.
Nuair a chuala Balor an scéal seo, shíl sé nárbh fhearr dó féin rud a dhéanamh ná éirí as a phost tromchiallach tromchúiseach féin agus dul i mbun marana fosta ar feadh tamaill. Ó nár dheas é, a deir sé. Ach, sula ndéanfadh sé a leithéid, shíl sé go rachadh sé i dteagmháil lena sheanchomrádaí, Joseph Benedictus, agus go gcuirfeadh sé cúpla ceist air faoina shaol mar phápa, faoina thodhchaí mar iarphápa, agus faoin Phápacht féin.
As go brách lenár laoch ar eitilt Ryanair chun na Róimhe, agus praghas na traenach isteach chuig lár na cathrach aige ina phóca tóna – le caoinchead an eagarthóra, Seosamh Mac Slua Muirí. ‘Ná bac le tacsaí a fháil ó lár na cathrach amach chuig an Vatacáin,’ a dúirt Mac Muirí le Balor Bocht. ‘Ar leas do shláinte atá mé ag smaoineamh. Beidh an tsiúlóid go maith ag na spreangaidí.’
Ag Meabhrú ar an Saol
Faoin am a shroich Balor seomraí príobháideacha an Phápa bhí drochnéal amach is amach air, ach nuair a chonaic sé a sheanchara beag Gearmánach ag fanacht leis, chuir aoibh álainn an Phápa ar a sháimhín só arís é. Chuir Benedict na múrtha fáilte roimhe agus scairt sé fá choinne bia agus dí. D’ith siad agus d’ól siad a sáith agus ba ghairid gur shocraigh an dís síos le bheith ag meabhrú os cionn na tine.
Balor: Níl dabht ar bith ach gur tréimhse ar leith í seo i saol na hEaglaise, go háirithe do na cairdinéil a mbeidh sé de phribhléid acu, agus d’ualach orthu, an Pápa nua a thoghadh. Tá tíortha na hEorpa agus mórán de thíortha an domhain ag fulaingt faoin ghéarchéim geilleagair seo. Caidé mar atá cúrsaí i Stát Chathair na Vatacáine? Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil sibh an-saibhir mar stát, agus go bhfuil an-chuid sóchmhainní agaibh. An féidir go bhfuil brú oraibh? Seans ar bith go mbeidh ar an Phápa úr ísliú tuarastail a fhulaingt?
Benedictus: Beag an baol, a Bhaloir; beag an baol. Go háirithe ós rud é nach mbíonn tuarastal ag an Phápa. Tá muid beo bocht, an dtuigeann tú? Beo bocht!
Balor: Bhuel, ní miste dom a rá nach mbíonn cuma an daibhris ar an Phápa riamh. Ón am a tháinig tusa i gcumhacht níor chaith tú ach scoth na n-éadaí: síoda agus sról; agus giuirléidí órga a bhí thart ort i gcónaí. Cá bhfuil an bhochtaineacht? Níl sé le feiceáil.
Benedictus: Ach níor liom féin ruainne ar bith den éadach sin, ná fiú oiread is uinge den ór. Is leis an Eaglais é ar fad; le pobal dílis Dé. Ní bhíonn pingin rua ag an Phápa riamh: searbhónta de chuid shearbhóntaí Dé a thugtar ar an Phápa; agus tá údar maith leis an nath sin.
Sócmhainní na hEaglaise
Balor: Luaigh tú pobal dílis Dé ansin, a Phápa. Tá cuid mhór de phobal dílis Dé ar an trá fholamh, go háirithe sa tríú domhan; gan acu ach ón láimh go dtí an béal. An leo an éadáil ar fad atá i seomraí stórais agus in iarsmalanna na Vatacáine, a Phápa? Agus más leo, caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin?
Benedictus: Do chum glóire Dé agus onóra na hEaglaise an mhaoin shaolta sin, mar a dúirt Éireannach iomráiteach fadó, a Bhaloir.
Balor: Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann, a dúradh, i gcead duit, a Phápa; agus leachtanna cuimhneacháin a bhí i gceist aige seachas maoin shaolta. Ach an dtig liom ceist eile a chur ort anois? An bhfuil seans ar bith ag seanphágánach de mo leithéid dul isteach i Ríocht Dé ar ball? Caidé do bharúil dhiaga shaineolach?
Benedictus: Bhuel, a Bhaloir, tá iomlán mo shaoil caite agam ag staidéar na diagachta, agus is é atá foghlamtha agam ina dhiaidh sin is uile ná gur cóir i gcónaí dul ar ais chuig an Scrioptúr. Mar sin, cuirim an cheist seo orm féin: ‘Caidé a déarfadh Íosa Críost faoi seo?’ Seo sliocht ón soiscéal:
Chuir fear óg saibhir ceist ar Íosa lá: “A Mháistir mhaith,” a dúirt sé, “caidé atá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” Dúirt Íosa leis “Is eol duit na haitheanta.” Dúirt an fear óg saibhir “Choimeád mé iad sin uile ó m’óige.” Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: Tá rud amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh.” Thiontaigh Íosa thart agus dúirt lena dheisceabail: “A chlann liom, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i Ríocht Dé.”
Sin é briathar Dé, a Bhaloir. Sin freagra do cheiste. Is fiú duit machnamh a dhéanamh ar na focail sin nuair a bheidh tú i mbun do mharana; agus déanfaidh mise amhlaidh.
Balor: Bhuel, míle buíochas leat as an cheacht sin, a Phápa. Déanfaidh muid beirt amhlaidh.