Tá tochas ardáin ag teacht ar Dhiarmuid Johnson tharla gur bhuail fear siúlach rac-cheol isteach san oifig aige lá amháin agus cén fáth nach siúlfadh sé uaidh ‘as seo don tír anonn.’
Ar tí an oifig a fhágáil a bhí mé nuair a bhuail an fón. Glór fir, glór daingean, dea-mhúinte, agus canúint Bhrandenburg na Gearmaíne air.
“Tá an grúpa ag ullmhú díolama maidir le scread Dheirdre sa mbroinn agus ba mhaith liom na sleachta Gaeilge a thaifeadadh uait. Tiocfaidh mé féin go Bonn le thú a fheiceáil.”
‘Corvus Corax’ – An Fiach Dubh – is ainm don ghrúpa, rac-cheol a bhfuil blas na meánaoise air, agus is é fear stiúrtha agus amhránaí na buíne a bhí ar an líne agam.
“Beidh fáilte romhat, a Chastus,” arsa mise. “Cuir e-mail chugam agus socróidh muid dáta.”
Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta. Ag socrú a chuid trealaimh a bhí sé.
“Diarmuid?”
“Is mé. Do chéad fáilte. Ólfaidh tú tae?
Ársaíocht Ábhair
Is gearr gur thaispeáin sé a chuid ábhair dom. Dréacht ársa sa nGaeilge a bhí ann aimsir Phádraig Naofa. Cathbad Draoi, an tuar oilc, an leanbh sa mbroinn.
“Tuigim an chuid is mó de,” a deirim agus mé ag déanamh iontais de.
“Labhair go deas soiléir dom,” arsa sé, “beidh mise a rá seo ar an ardán.”
Agus léigh mé trí rosc Sean–Ghaeilge don cheoltóir mór cáiliúil.
“Cén rithim é féin meas tú?” ar sé agus é ag oibriú na méar.
“Rosc é,” a deirimse. “Línte gearra, dhá bhéim in aghaidh an líne.”
“Agus cén focal é sin?” agus chuir sé barr ionga faoi derdrathar.
“Briathar. Ciallaíonn sé maidhm nó pléasc nó a leithéid sin.”
“Ainm an pháiste?”
“Go díreach.”
“Is diabhaltaí an stuf é seo,” arsa fear na gruaige duibhe agus an dá shúil ar bior ina cheann.
Nuair a bhí an taifeadadh déanta d´ól muid tuilleadh tae.
“Cén fáth nach labhraíonn na daoine an Ghaeilge in Éirinn?” arsa Castus.
“Éirinn an chéad tír a chuaigh le Béarla os cionn céad bliain ó shin. Tá sé ar fud an domhain anois.”
“Ach ní thuigfeadh mórán daoine an tseanfhilíocht seo?” ar sé agus rian na himní ar a ghlór.
“Déan do dhícheall léi,” arsa mise, “faraor nach mbeadh Gaeilgeoirí na hÉireann chomh pointeáilte leat!”
“Seans go mbeidh muid ag déanamh turas na Síne aríst an bhliain seo chugainn,” ar sé.
An Tír Aduain
Le scór bliain anuas agus tuilleadh, chuir mé roinnt aithne ar Ghearmáinigh go leor, na scoláirí Ceilteacha, cuir i gcás, agus tá trí bliana de mo shaol caite ar fhód na Gearmáine agam. Ach is i gcomhluadar Chastus lá sneachta i mBonn i mbliana an chéad uair a chuala mé trácht go mion, macánta ar an saol a bhí sa DDR – Oirthear na Gearmáine – sna seachtóidí agus sna hochtóidí. I mbeagán focal, ba rí-ait an tír í. Fál go spéir idir í agus an chuid eile den Ghearmáin. Teorainn dhúnta eile idir í agus an Pholainn. Agus an phríomhchathair Beirlin roinnte ina dhá leith ag balla ard a raibh saighdiúirí agus gunnaí acu ag faire go fraochta air de ló agus d’oíche.
“Ó dheas de Bheirlin faoin tuaith a tógadh mise,” arsa an buachaill. “Ní raibh muid ach cúpla céad slat ón teorainn. Bhí pléascáin sa talamh timpeall ar an sconsa mór ard. Bhínnse ag spraoi sna garrantaí. Is minic a thug an garda abhaile mé!...Cén t-am anois é?” ar seisean ansin.
“Tá sé a ceathair.”
“Tá dalladh ama agam.”
Chuir sé cuma na smaointe air féin agus rug greim driobaill ar an gcéad scéal eile.
“Nuair a d’fhága mé an scoil bhí fonn bóthair orm ach ní raibh aon chead taistil againn. Fuair mé visa le cuairt seachtaine a thabhairt ar Moscó, mé féin agus an deartháir. Céard a rinne muid ach coinneáil orainn soir go Vladivostok. Bhí trí seachtainí caite sula raibh muid ar ais i mBeirlin. Bhí an t-ádh dearg gur scaoil an garda thar teorainn ar ais muid. Bhí muid óg, ar ndóigh. Ach bhí dhá bhliain caite ag mo dheartháir sa gcoláiste ina ábhar innealtóra. D’fhéadfaí é a bhriseadh as an gcoláiste.”
Cuireadh nach Féidir a Obadh
“Cogar,” a deir sé liom ansin. “Chuala mé do chuid ceoil féin ar YouTube. Ní beidh tú i mBeirlin sa Márta, an mbeidh? Beidh muid ag taifeadadh. Ba bhreá liom an fliúit a chur ar an albam nua.”
“Cá bhfios nach mbeinn!” arsa mise.
Tharraing sé ríomhaire póca amach agus thug géarbhreathnú ar a chuid dátaí.
“An ceathrú lá déag, meas tú?”
“Beidh mé ann.”
Mar sin a tharla. Níl a fhios agam an mbeidh orm turas na Síne a dhéanamh ag cantaireacht sa tSean-Ghaeilge faoi Dheirdre agus faoi chinniúint na nUltach. Ná culaith leathair a chaitheamh agus mo shainbhéic a ligean le laochra an ghrúpa. Ach tá m’ainm sa leabhar ag an bhfiach dubh go fóill.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.