Tá sé in am deireadh a chur leis an fhinscéal uirbeach go bhfuil an Ghaeltacht rite le deontais ón stát, dar le Breandán Delap.
»»»Bhí Robert McMillen ag tabhairt cluaise don óige agus dá dtuairimí faoi choimheascar crua na laetha a chuaigh thart, tréimhse nach furasta d’óige na linne seo a bharraíocht anois.
»»»Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge. San alt seo ceistíonn duine de na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas sin, Donncha Ó hÉallaithe, dearcadh TG4 i leith na Gaeilge
»»»Tharraing dúnmharú tubaisteach Jill Meaghar i Melbourne cuimhne Bhearnaí Uí Dhoibhlin siar chuig scéal uafáis a thit amach i gCathair Darwin i samhradh na bliana 1999, scéal a bhain go dlúth le hÉirinn.
»»»Tá Fidelma Ní Ghallchobhair ag áiteamh san alt seo gur cruthaíodh Caighdeán Oifigiúil 2012 gan ‘an chomhairle chúntach’ a fháil ó réimsí leathana de shaol na Gaeilge mar a rinneadh nuair a tiomsaíodh leaganacha eile den Chaighdeán Oifigiúil na blianta siar.
»»»Bhí Tony Birtill ag taispeántas grianghraf i Learpholl a thug léargas ar an troid in aghaidh an Ghinearáil Franco breis is trí scór bliain ó shin. Bhí teannas go leor le brath le linn mórshiúil ag an am céanna.
»»»Níor scéal i mbarr bata léim Felix Baumgartner, mar a samhlaíodh do roinnt bheag daoine, ach éacht agus céim mhór chun cinn ag an duine a bhí ann dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Beidh dhá bhliain eile ag dream Obama lena gclár oibre a chur i gcion ar Stáit Aontaithe Mheiriceá dar le Brian Ó Broin.
»»»Thug Balor cuairt ar Bhancríona na hEorpa, féachaint an raibh rud ar bith eile a dtiocfadh leis na Gaeil a dhéanamh di.
»»»Cíorann Alan Desmond san alt seo gnéithe de dhlí agus de dhearcadh mhuintir na hÉireann ar ár gcuid Éireannaigh óga úra.
»»»Thug Tony Birtill a thicéad do Hillsborough dá dheartháir. Eisíodh tuarascáil thábhachtach an mhí seo caite a bhain leis an bhás go léir in Hillsborough agus le fulaingt lucht inste scéil a d’éalaigh as an tubaiste ar rian a reatha ar éigean.
»»»Tá beagnach a thrian de dhaonra na Sé Chontae Fichead ina bpáistí. Is céim chun cinn é Reifreann na míosa seo in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Bhí Alan Desmond ag iniúchadh athruithe in iompar na Stát Aontaithe i leith na nInimirceach, athruithe a bheas tábhachtach do na céadta míle Gael sna Stáit Aontaithe.
»»»Tá an rialtas ar tí Comhdháil a reáchtáil ar an Bhunreacht. Ríomhann Breandán Delap cuid de na haltanna gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh orthu.
»»»Tá cíochadh na súl ar bun ag eagarwhorie a nochtann barraíocht de phríobháideachas saoil súdairí Shasana dar le Balor.
»»»Le barr spéise sa Chorsaicis agus i scéal na teanga a thapaigh Diarmuid Johnson a dheis le cuid de shaol an oileáin a bhlaiseadh.
»»»Is ag athrú chun feabhais atá dearcadh mhuintir na hAstráile ar mhuintir na hÁise atá ag triall ar a dtír mar lucht oibre. Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin nach amhlaidh a bhí i dtólamh.
»»»I ngan fhios don saol is fearr a bheith ann in amanna. Bhí Mícheál Ó hAodha ag amharc ar an tsiocair gur fearr le creidimh sní faoin talamh scaití.
»»»Rianaíonn Robert McMillen san alt seo an dóigh nár oibrigh Sé móide a Trí amach ina hAon in am corrach na críochdheighilte.
»»»Bhí eagla ar Tony Birtill go síobfaí an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Leo Varadkar den aill os comhair a dhá shúil ar chósta Dhún na nGall an mhí seo caite.
»»»Braitheann roinnt earnálacha gnó go mór ar an aimsir a bheith leath maith go leor le cúpla pingin a chur sa sparán agus imríonn an aimsir tionchar an-mhór orainn go léir a deir Seosamh Ó Riain.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar Í Cholm Cille i dtús an tsamhraidh. Ceistíonnn sé an nósmhaireacht atá Comhairle Chontae na Gaillimhe, gan aitheantas a thabhairt do leaganacha Gaeilge na mbailte fearann sa Ghaeltacht.
»»»Mheas W. B. Yeats go dtiteann an tsíocháin le mochdháil maidine, ach is túisce an cith mallachtaí ar Shráid Dhún na nGall ná a dhath mar a mhothaigh Robert McMillen lena dhá chluais féin.
»»»Chaith John-Paul Mc Carthy súil siar ar shaol agus ar shaothar Gore Vidal a fuair bás lá deiridh Mhí Iúil i mbliana.
»»»Is maith le Brian Ó Broin córas coinbhinsiúin na Stát Aontaithe gona bhladhmann, a gháifeacht aignis agus an reacaireacht láidir go léir.
»»»Coimhéad na daoine a théann thar fóir le beartais uaillmhianacha, nó seolfaidh siad Elvis féin as MacDonalds ar chúrsaí Gaeilge. Tá Balor faoi iontas.
»»»Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta. Scríobh Colm Mac Séalaigh fúithi anseo cheana ach is mithid a héachtaí a aithint an athuair.
»»»Ní thig leis an tír seo teacht i dtír ar thurasóireacht siúlóide gan dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le cearta fánaíochta dar le Breandán Delap
»»»Faoi mhuintir an oileáin féin atá cúraimí oidhreachta, béascna agus eile Thoraí dar le Ciarán Mac Aoghnusa agus tá súil as aige go n-éireoidh leo an fód a sheasamh in aghaidh drochshíon ar linne.
»»»Is cosúil gur fhan an Ghaeilge beo i measc Ghaeil na hAstráile, i bhfolach faoi screamh an Bhéarla. Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag éisteacht le roinnt scoláirí ar an ábhar.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.