AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An Ghaeilge i Luathbhlianta na Coilíneachta
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is cosúil gur fhan an Ghaeilge beo i measc Ghaeil na hAstráile, i bhfolach faoi screamh an Bhéarla. Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag éisteacht le roinnt scoláirí ar an ábhar.

Íomhá
Saothar Val Noone
Íomhá
Ls. Shéamais Uí Riada a d'aimsigh an Dr. Jill Blee san Astráil
Íomhá
Sounds Irish, The Irish Language in Australia
(le Lythrum Press)
Íomhá
Saothar Uí Chorcora
Íomhá
Le Tom Reidy, feirmeoir san Astráil, an lámhscríbhinn

Deirtear go minic go bhfuil an Astráil ar an tír is Gaelaí ar domhan, taobh amuigh d’Éirinn í féin, agus meastar gur de shliocht Éireannach iad suas le tríocha faoin gcéad de mhuintir na tíre. Ní hionadh é mar sin go bhfuil spéis ar leith ag lucht staire na tíre sa tionchar a d’imir na Gaeil ar shaíocht na hAstráile.

Bhí an tOllamh Patrick O Farrell ar an duine is údarásaí i measc na staraithe áitiúla a rinne staidéar ar chúrsaí Éireannacha-Astrálacha agus ba ea a leabhar, The Irish in Australia, an foilseachán ag a raibh an tionchar is mó ar an réimse staidéir seo. D’admhaigh O Farrell sa leabhar go raibh Gaeilge ag go leor de na hÉireannaigh a tháinig chun na hAstráile i luathré na coilíneachta, ach bhí an méid seo le rá aige i dtaca leo:

In Ireland itself, ..... Gaelic was the badge of poverty and failure. In Australia the same applied, with the additional danger that it might be construed as covering crime. Little wonder that the language, already dying in Ireland, promptly vanished in Australia. (liomsa an bhéim)

Ghlac staraithe eile abhus le seasamh O Farrell agus thug siad neamhaird iomlán ar an teanga, dá bhíthin sin. Dhealraigh an taispeántas ollmhór dar teideal ‘Not Just Ned’, faoi stair na nÉireannach san Astráil, ar an tionchar a bhí ag seasamh O Farrell. Reáchtáladh an taispeántas seo san Iarsmalann Náisiúnta abhus in Canberra anuraidh (Eagrán 121, Bealtaine 2011) agus bhí tuairim is 500 réad uathúla ann le léargas a thabhairt ar scéal na nÉireannach abhus. Ní raibh fiú réad amháin ann, áfach, a bhain le labhairt na Gaeilge i measc na ndaoránach agus na gcoilíneach Éireannach a chuir fúthu de bhonn tola i mblianta luatha na coilíneachta.

Taighde Úr

Cuireadh amhras i seasamh O Farrell sa bhliain 2004 nuair a foilsíodh an leabhar, Sounds Irish: The Irish Language in Australia, a scríobh an Dr. Dymphna Lonergan. Bhí an leabhar bunaithe ar an taighde a rinne sí ar an tionchar a bhí ag an nGaeilge ar chanúint Bhéarla na hAstráile. Is léir nach dtarlódh a leithéid mura raibh an Ghaeilge i bhfeidhm go forleathan abhus le linn na tréimhse inar tháinig canúint uathúil na tíre seo ar an bhfód.

Foilsíodh leabhar eile ar na mallaibh a chuireann amhras sa bhreis i maíomh O Farrell go bhfuair na hinimircigh Éireannacha réidh leis an teanga a luaithe ab fhéidir leo. Hidden Ireland in Victoria is teideal don leabhar leis an staraí, an Dr. Val Noone OM. Is comhalta sa Roinn Staire ag Ollscoil Melbourne é Noone agus tá an-chur amach aige ar chúrsaí Éireannacha-Astrálacha. Déanann teideal an leabhair tagairt don leabhar, Hidden Ireland le Daniel Corkery, a foilsíodh sa bhliain 1924, faoi fhilí na Mumhan san ochtú haois déag. Níor foilsíodh saothar na bhfilí seo lena linn agus bhí siad dofheicthe ar feadh céad bliain dá bharr.

Léiríonn leabhar Noone go raibh Gaeilge ag tuairim is caoga faoin gcéad de na hÉireannaigh a chuir fúthu in Victoria i luathstair na coilíneachta, ach is annamh a bhí léamh nó scríobh acu. Maíonn sé go raibh an cultúr Gaelach beo beathach i measc na luathchoilíneach seo, ach níor tháinig sé ar aon alt, iris nó ar leabhar Gaeilge a foilsíodh i luathbhlianta an stáit ina thaighde. Creideann sé go raibh an teanga dofheicthe dá bharr. Baineann Noone feidhm as an meafar, “snámhraic agus muirchur”, le cur síos ar an bhfianaise faoi úsáid na teanga a fuair sé le linn a thaighde.

Snáth Mara na Teanga

I measc na raice seo fuair sé focail, amhráin, scéalta, dánta, paidreacha, comhráite, logainmneacha agus eile as Gaeilge. Léiríonn na míreanna raice a scagann sé an dóigh ar lean dreamanna áirithe in áiteanna éagsúla an stáit ag labhairt na teanga agus an meas a bhí acu ar an chultúr Ghaelach agus ar an teanga go sonrach.

Baineann saothar Noone lena stát féin, Victoria, an ceantar is deireanaí inar chuir na coilínigh Eorpacha fúthu in oirthear na hAstráile. Níor cuireadh tús le lonnaíocht bhuan Eorpach ann go dtí 1835, beagnach caoga bliain tar éis céad teacht i dtír an chine ghil. Luíonn sé le céill go raibh an teanga beo beathach freisin sna ceantair eile ina raibh na luathchoilínigh lonnaithe. Táthar ag súil go mór go ndéanfaidh lucht staire iontu an saghas taighde is a rinne Noone in Victoria. Bíonn gliomach thall is abhus. Tháinig an Dr. Jill Blee, Balarat, ar lámhscríbhinn i láimh fear de shinsear an cheoltóra cháiliúil, Seán Ó Riada, roinnt bheag blianta ó shin. Bhí sí i seilbh Tom Reidy, feirmeoir.

Tá trí chuid sa leabhar Hidden Ireland in Victoria agus ní bhaineann ach an chéad chuid le luathbhlianta an stáit. Déanann Noone cur síos sna codanna eile ar an bhaint a bhí ag Astrálaigh le gluaiseacht na hathbheochana, agus leis an mbaint leanúnach atá acu faoi láthair leis an teanga. Tá lucht na Gaeilge san Astráil go mór faoi chomaoin ag Noone as a shaothar éachtach a thugann léargas dúinn ar chuid dár stair a bhí dofheicthe le fada.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.