Rianaíonn Robert McMillen san alt seo an dóigh nár oibrigh Sé móide a Trí amach ina hAon in am corrach na críochdheighilte.
Ó cé, maith go leor! Geallaim daoibh gur seo an t-alt deiridh ar Chúnant Uladh uaim (agus tá mé thar a bheith sásta nach raibh trioblóid ar bith le linn na mórshiúlta Dé Sathairn.
Bhí mé ag The Plough and the Stars, léiriúchán de chuid Amharclann na Mainistreach (is fiú go mór é a fheiceáil) agus le linn taighde a bhí mé a dhéanamh ar an dráma, fuair mé amach go raibh an drámadóir Sean O Casey ina bhall den Ord Oráisteach ina óige. [Eag. Féach an nasc ar dheis: Maíomh agus séanadh.]
Ní iontas rómhór é sin do bhall d’Eaglais na hÉireann ag fás aníos mar John Casey ag deireadh an 19ú haois i gceantar bocht Shr. Dorset i mBaile Átha Cliath ach is mar shóisialach is mó atá aithne ar O Casey an fear polaitiúil.
Measaim go bhfuil fealsúnacht sheicteach, urchóideach, forchiníoch mar bhunchloch an Oird Oráistigh agus a mhacasamhil ach ní feidir a shéanadh go bhfuil ról comhtháthaitheach ag an Ord sa phobal Protastúnach. Amharcann siad i ndiaidh a mball féin. D’fhan an chuid seo d’fhealsúnacht an Oird le hÓ Cathasaigh, dar liom, ach níos soiléire arís, bhí sé faoi dhraíocht ag armáil na bProtastúnach. Sa stair a scríobh sé ar stair Arm Saoránach na hÉireann, rinne sé tagairt do rud a dúirt comhbhunaitheoir an Airm sin, Jim Larkin, faoi shampla Edward Carson a leanúint agus eagrú ar bhonn míleata.
Dúirt Pádraig Mac Piarais gur rud maith é airm a fheiceáil i lámha Éireannacha agus é ag tagairt don UVF, agus fiú leithéid Brinsley Macnamara ina leabhar, The Clanking of Chains, deir sé gur chuir Carson agus a chomhghleacaithe san UVF “breochloch in anam an náisiúnachas Éireannaigh”. Is ríléir mar sin gur spreag cur chuige foréigneach na nAontachtach aithris i measc na Náisiúnaíoch.
Uisce faoi Thalamh in Aghaidh Westminister
Déantar dearmad fosta go minic go raibh ról lárnach ag an Pháirtí Coimeádach i Sasain faoi stiúir Andrew Bonar Law, sna himeachtaí seo fosta. De bhunadh Éireannach (Cúil Raithin) agus mac ministéara Preisbitéirigh, maíonn staraithe go raibh polasaithe an Pháirtí Choimeádaí idir 1912-1914 cóngarach do shárú bhunreacht (neamhscríofa) na Breataine, frí thacaíocht s’acu don UVF, don allmhairiú arm agus do Cheannairc an Churraigh.
Tá Parlaimint Shasana ann le cogadh cathartha a sheachaint, ach d’fhobair do chogadh cathartha titim amach in Éirinn le linn an ama sin mar shantaigh ceann de pháirtithe móra Wesminster, An Páirti Coimeadach agus Aontachtach, shantaigh siad cumhacht nach raibh acu ó 1905. Sa deireadh, rinneadh praiseach den Chúnant nuair a thréig lucht a chumtha aontachtaithe an deiscirt.
Cad é mar a mhíneodh lucht an Chúnaint d’aontachtaithe an Chabhain, Dhún na nGall agus Mhuineacháin ar hinseadh dóibh gur lena leas a bheadh sé an doiciméad a shíneadh, ach a fágadh ar an trá fholamh teacht 1921 ag na daoine céanna a bhí ag iarraidh tacaíochta uathu. D’admhódh aontachtaithe gur bhain sé le huimhreacha. Ba bheag aontachtach a bhí in iarthar Dhún na nGall nó i ndeisceart Mhuineacháin ach ba bheag trioblóid a bheadh ag leithéid Sir James Craig cur ina luí ar mhuintir na dtrí chontae “caillte” gur cheart dóibh titim ar an chlaíomh.
Ag caint ar na trí chontae sin, dúirt staraí aontachtach amháin, Gordon Lucy “nárbh fhéidir daoine a rialú in éadan a dtola,” ag cailleadh leimhe na tuairime sin i dtaca le saol daoine taobh istigh de na Sé Chontae! Ach luaigh Lucy Michael Elliott, aontachtach as tuaisceart Mhuineacháin a bhí ina bhall den Chomhdháil Éireannach deireanach i 1917, fear a mhaígh gurbh fhéidir stát naoi gcontae fanacht i seilbh na nAontachtach agus, dá mbeadh cothrom na Féinne ag gach duine san Ulaidh aontachtach seo, gur mó an seans go mairfeadh agus go mbláthfadh sé. Cha raibh aontachtaithe dúra n 6-chontae sásta a muinín a chur in uimhríocht Parlaiminte agus fuair muid an socrú fabhtach a bhí againn le 50 bliain. Tugann sé le fios fosta nach féidir a bheith ag caint ar dhaonlathas i stát a cruthaíodh le go mbeadh móramh buan ag rannóg amháin den daonra.
Ta muid i ndeichniur na gcomóradh (decade of commemórations) agus is é comóradh an Chúnaint an ceann is mó go dtí seo. An amhlaidh go bhfuil dílseorí ag úradh tréasa s’acu féin in éadan stát na Breataine mar thréas a bheadh ann da gcuirfeadh siad in éadan a stáit féin le fórsaí airm; go bhfuil siad ag ceiliúradh bua bhagairt an fhoréigin; ag ceiliúradh an spreagadh a thug siad d’Arm Saoránach na hÉireann agus do lucht eagraithe Éirí Amach 1916?
Ba é ceannlíne an News Letter Déardaoin seo caite "A hundred years on, we’re still British" – agus ar cén costas?