Chaith John-Paul Mc Carthy súil siar ar shaol agus ar shaothar Gore Vidal a fuair bás lá deiridh Mhí Iúil i mbliana.
I mbeathaisnéis James Anthony Froude mar gheall ar éachtaí Carlyle, mhaígh gurbh í sotalacht príomhthréith a charad. “It was arrogance”, dar le Froude, “but not the arrogance of a fool, swollen with conceit and vapour, but the arrogance of Aristotle’s ‘man of lofty soul’, ‘who being of great merit’, knows that he is so and chooses to be so regarded.” Déanfaidh an cur síos sin an chúis agus iarracht á dhéanamh tábhacht agus tionchur Gore Vidal a scagadh.
Scríbhneoir, saoi stairiúil agus fear na scannánaíochta mar aon leis na teilifíse ab ea Vidal tar éis dó éalú ón Airm Mheiriceá i 1945. B’é mian a chroí ar feadh a shaoil cathaoir a dh’fháilt i Seanad na Stát Aontaithe, cathaoir a chuirfeadh ar a chumas aige ómós cuí a dhéanamh dá sheanathair dall, muirneach, T.P. Gore, an chéad Sheanadóir as Oklahoma, agus fear le naimhdeas gan theorainn ina chroí do Woodrow Wilson.
Ach, cathaoir ní bhfuair Gore de dheascaibh a chuid féinmhuiníne agus a chuid mífhoigne Rómhánach. Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh agus ar a chuid uabhair, agus nuair a dúnadh doirse an tSeanaid air, d’oscail sé Seanad liteartha eile ina cheann, an foras láidir bríomhar sin a fheictear ina úrscéalta ar Burr, Jefferson, Lincoln agus FDR. (I measc na scéalta greannmhara ab fhearr a d’úsáideadh Gore tar éis dinnéir ná an ceann a bhaineas leis an lá a threoraigh Gore óg a sheanathair isteach go dtí urlár an tSeanaid gan ach fobhriste snámha á chaitheamh aige, rud nár thuig Senator Gore dall. Go tobann, tháinig cathaoirleach an tSeanaid isteach, Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe John Nance Garner fiú, chun tús a chur le gnó an lae, agus é sáite go mór sa deoch mheisciúil. Bhain Gore óg nocht geit as, agus mhaígh sé os ard dá sheanathair; “Ssss-ennn-ator, there is a naked child, in the Sssshenate chamber.” Theith an bheirt Vidal le cosa in airde.) B’ionann ballraíocht agus samhlaíocht i gcás Vidal.
Cumar gach Srutha
Cé gur leag Vidal béim ar a neamhspleáchas intleachtúil le linn a shaoil, mar aon le neamhspleáchas ó thaobh na gcaidreamh collaí de ach go háirithe, ní chóir é a scoitheadh ó thraidisiúin liteartha uaisle Mheiriceá. Cineál calafoirt ab ea Vidal ina scríbhneoireacht, an duine a bhailigh na mílte seansruthanna le chéile chun cur lena gcuid cumhachtaí neamhspleácha. Blaistear binb shóisialta H.L. Mencken in aistí polaitiúla Vidal, ach go háirithe an j’accuse cáiliúil dár chum sé chun cur isteach ar adhradh idirnáisiúnta mhuintir Uí Chinnéide. (Dlúthchara macánta aige áfach ab ea Jack Kennedy óg - beirt iarshaighdiúirí iad mar aon leis an ocras dochloíte collaí céanna ag déanamh tinnis dóibh).
Ní furaist éalú ó scáth drúiseach Whitman agus úrscéal conspóideach Vidal The City and the Pillar (1948), nó na chéad chaibidilí dhraíochtúla sin ina chuid cuimhní cinn, Palimpsest (1995) a bhaineas lena ghrá geal do Jimmy Trimble, ógánach caillte an chúil cheangailte dár cailleadh le linn chath Iwo Jima i 1945. (‘…forever after, I was to be the surviving half of what had once been whole.’) Ní foláir nó go raibh Vidal ceangailte go daingean docht freisin leis an dtraidisiún stairiúil raidiceach sin a bhláthaigh i Meiriceá ó 1900 ar aghaidh, an traidisiún sin a dhiúltaigh ómós a dhéanamh do laochra na staire.
In Amhras faoi go Leor
Pé uair a léim úrscéalta stairiúla Vidal, scéalta atá lán go béal le leochaileacht agus botúin, tagann saothar daoine cosúil le Charles Beard chun cuimhne, an chéad stairí a chur béim ar bhunús eacnamúil Bhunreacht na Stát Aontaithe agus a tharraing aird ar an nasc idir infheistíochtaí príobháideacha ailtírí an bhunreachta céanna agus a gcuid smaointí polaitiúla. B’shin an ceol stairiúil dár sheinm Vidal, ceol brónach ársa a dhéanann urnaí orainn mímhacántacht an tsaoil a aithint.
Níor chuir Vidal saint phearsanta gheilleagrach i leith Lincoln ina úrscéal iontach ar a chuid uachtarántachta, ach feictear iarsmaí de Bheard in áiteanna, ach go háirithe nuair a thugann sé le fios gur cineál comhcheilge ab ea Cogadh na gCarad ó 1861-65 chun impireacht geilleagrach domhanda a dhéanamh de phoblacht bhocht Jefferson. Is féidir linn an searbhas seo a mhaitheadh áfach ach saibhreas an fhoclóra a dhíleá.
Scéimhlitheoir cumasach ab ea Vidal, ach scéimhlitheoir a bhain daoine dá mbonnáin le focail, seanstraitéis Mheiriceánaigh eile a linne cosúil le Cleanth Brooks agus W. K. Wimsatt, údair Literary Criticism: A Short History (1957) dár chreid gurbh ionann an stair agus “a history of ideas about verbal art”. Agus cothaíonn an traidisiún sin an chéad ghlúin eile fós inár measc. Ní léir ar bhain Vidal úsáid as an scríbhneoireacht mar áis leithleach, chun díoltas a bhaint amach ar an saol mór de dheascaibh an mháthar bhrúidiúil a tugadh dó, nó/ agus an lánúin a baineadh de. Pé scéal é, d’éirigh le Gore seanáiteamh eile a fhíorú, agus seancheist a fhreagairt leis:
What is love?
One name for it is knowledge
R. Penn Warren, ‘Love and Knowledge’,
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.