AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Dúnmharuithe Cruálacha
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tharraing dúnmharú tubaisteach Jill Meaghar i Melbourne cuimhne Bhearnaí Uí Dhoibhlin siar chuig scéal uafáis a thit amach i gCathair Darwin i samhradh na bliana 1999, scéal a bhain go dlúth le hÉirinn.

Íomhá
Teach Cúirte Melbourne
(le Adz ar Vicipéid)
Íomhá
I mbun oibre
(Ar Vicipéid)
Íomhá
Nás Laighean, Cill Dara
(le Pauly3 ar Vicipéid)

Dúnmharaíodh Jill Meaghar, arb as Droichead Átha di, in Melbourne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus ba ríléir go ndeachaigh an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar mhuintir na hAstráile, ar mhuintir Melbourne ach go háirithe. Ionsaíodh í ar shráid in aice le lár na cathrach, áit ar mheas muintir Melbourne go mbeadh sí slán sábháilte. Thóg na daoine áitiúla scrín ar chosán na sráide agus bhí breis is tríocha míle duine páirteach i mórshiúl ar an tsráid le comhbhá a léiriú.

Chuir scéal brónach Jill Meaghar i gcuimhne ghéar dom dúnmharú uafásach eile a tharla ar shráid taobh le lár chathair Astrálach agus ag a raibh baint láidir Éireannach. Bhí an dúnmharú seo, an Tomahawk Murder mar a thug na meáin air, ar na coireanna ba mhíchlúití riamh in Darwin, príomhchathair na Críche Thuaidh, agus scanraigh sé muintir na cathrach. Bhí páirt bheag agam mar aistritheoir Gaeilge i dtriail an fhir Éireannaigh a cúisíodh as an gcoir, an t-aon uair amháin a baineadh feidhm as aistritheoir Gaeilge i gcás cúirte san Astráil.

Dúnmharaíodh fear óg darb ainm Greg Bebensee i mí an Mheithimh 1999, agus é ag siúl abhaile tar éis oíche amuigh ar an drabhlás in Darwin. B’ionsaí mearchiallach brúidiúil é inar buaileadh cloigeann an fhir óig seacht n-uaire déag le tua. Santú airgid ba chionsiocair leis an ionsaí, de réir dealraimh, mar gur goideadh tiachóg an íobartaigh. Bhí an tiachóg seo lárnach sa triail, mar a mhíneoidh mé thíos.

Easpa Eolais

Rinne na póilíní dianfhiosrúchán ar an ainghníomh ach ní raibh aon fhinné ann agus ní raibh aon amhrastach acu. Chuir an teip seo go mór le himeagla agus le báiní mhuintir Darwin agus thairg na húdaráis $100,000 mar luaíocht ar eolas a chuideoidh leo lucht déanta na coire a ghabháil. Ní bhfuarthas aon eolas dá bharr, ámh, cé go raibh an luaíocht seo ar an méid ba mhó a tairgeadh riamh sa Chríoch.

Tháinig cor gan choinne sa scéal trí mhí ní ba dhéanaí nuair a rinne fear óg darb ainm Lee Mc Laughlin teagmháil leis na póilíní in Broome, baile ar chósta thiar na hAstráile, le hinsint dóibh go raibh eolas aige faoin dúnmharú. B’as an Baile Meánach, Contae Aontroma, do Mc Laughlin, a bhí ag taisteal timpeall na tíre i gcuideachta le fear óg Éireannach eile, Trevor Stokes, arb as Nás, Contae Chill Dara, é ó dhúchas. Mhaigh Mc Laughlin gur admhaigh Stokes dó gur mharaigh seisean Bebensee.

Ghabh na póilíní Stokes agus chuaigh Mc Laughlin ar ais go Darwin le cuidiú leis na póilíní ina bhfiosrúchán. D’inis Mc Laughlin dóibh go raibh sé ina chodladh ina phuball i láithreán campála in Darwin ar oíche an dúnmharaithe nuair a dhúisigh Stokes é le rá leis go raibh sé tar éis duine a mharú. Níor chreid Mc Laughlin é ar dtús ach thaispeáin sé uirlis champála - an tomahawk mar a thug na meáin uirthi - dó agus í clúdaithe le fuil. Bhí tiachóg an íobartaigh aige freisin.

Thréig an bheirt acu an chathair an lá dár gcionn agus mhaigh Mc Laughlin gur chuir Stokes an tiachóg i bhfolach in áit amháin ar a mbealach ó dheas agus gur chaith sé an uirlis champála sa choill in áit éigin eile. Thóg sé na póilíní go dtí an chéad áit agus aimsíodh an tiachóg, ach d’admhaigh Mc Laughlin gur chuir seisean i bhfolach í. Thóg sé na póilíní go dtí an áit eile ach níor aimsíodh an tua, cé gur chaith na póilíní roinnt seachtainí á lorg.

Lagan Fianaise

Ní raibh an fhoireann ionchúisimh in ann fianaise aigéad dí-ocsairibeanúicléasach a chur faoi bhráid choiste na cúirte ag triail Stokes, agus bhí siad ag brath beagnach go hiomlán ar fhianaise Mc Laughlin dá bhíthin sin. Loic sé orthu agus é i gclár na mionn, áfach. B’éigean dó a admháil go raibh sé freagrach as scéim choiriúil i dtaca le cártaí creidmheasa fad is a bhí sé i Singeapór sular tháinig sé chun na hAstráile. Níos measa fós, ní raibh aon fhreagra inghlactha aige i ndáil leis an mbréag a d’inis sé faoin tiachóg. Chuir an fhoireann chosanta ina leith gur dhúnmharaigh seisean Bebensee agus go raibh sé ag iarraidh an locht a chur ar Stokes leis an luaíocht a fháil.

Bhí cás an fhoireann ionchúisimh ina chíor thuathail tar éis a fhianaise agus chinn siad ar fheidhm a bhaint as an dialann a scríobh Stokes as Gaeilge sa tréimhse roimh an dúnmharú agus ina dhiaidh. Tharla go raibh mé in Darwin um an dtaca sin agus iarradh orm í a aistriú. B’éigean dom dul os comhair na cúirte le dearbhú go raibh an t-aistriúchán cruinn agus dul faoi chroscheistiú. Mhaigh an nuachtán ‘Lá’ go raibh an dialann “ag croílár an chás cúirte” ina eagrán ar 6 Iúil 2000, ach b’fhacthas dom nach raibh i gceist léi ach mír imeallach. Ní raibh aon tagairt don dúnmharú ná aon mhír ionchoiritheach inti.

Cliseadh an Chúisimh

Thug an breitheamh, Dean Mildren, treoracha soiléire don choiste i dtaca le hinchreidteacht – nó easpa inchreidteachta - an phríomhfhinné, Mc Laughlin. Thug sé gadaí agus bréagadóir air agus níorbh aon ionadh é nuair a fuarthas Stokes neamhchiontach. Reáchtáladh coiste cróinéara ar bhás Bebensee in Darwin tar éis na trialach agus níor chuir an cróinéir fiacail ann ina thuarascáil. Scríobh sé go neamhbhalbh go raibh Mc Laughlin nó Stokes freagrach as an ionsaí. “On the evidence before me,” a scríobh sé, “I find the assault was more likely to have been committed by Trevor John Stokes.”

Bhí muintir Greg Bebensee díomách agus feargach nuair a scaoileadh saor an duine, nó na daoine, a mheas siad a bheith freagrach as an dúnmharú. Luíonn a bhás go trom ar a gcroí go fóill. Mar a dúirt a mháthair in agallamh amháin, ní bheadh “clabhsúr” acu go deo na ndeor mura mbeadh na dúnmharfóirí ag íoc as a n-ainghníomh.

Gabhadh agus cúisíodh fear as éigniú agus dúnmharú Jill Meaghar agus beidh a thriail ar siúl sna míonna amach romhainn. Tuairiscíodh go bhfuil sé ag comhoibriú leis na húdaráis ina bhfiosrúchán agus táthar ag súil go mbeidh sé ag pléadáil ciontach. Más amhlaidh a bheas, bheadh sólás beag éigin ag a muintir, fortacht nach bhfuil ag muintir Greg Bebensee fós trí bliana déag tar éis a dhúnmharaithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.