Is maith le Brian Ó Broin córas coinbhinsiúin na Stát Aontaithe gona bhladhmann, a gháifeacht aignis agus an reacaireacht láidir go léir.
Gach ceathrú bliain sna Stáit Aontaithe, cruinníonn maithe móra an dá pháirtí polaitiúla i rith seachtain dheireanach mhí Lúnasa agus céad seachtain mhí Mheán Fómhair. Roghnaítear cathracha éagsúla gach ceithre bliana, agus tá Tampa, Florida roghnaithe ag na Poblachtánaithe i mbliana agus tá Charlotte, North Carolina roghnaithe ag na Daonlathaigh. Seanchleachtas atá sna coinbhinsiúin a théann siar beagnach dhá chéad bliain, nuair a thagadh ceannairí na bpáirtithe ó gach cearn den tír chun iarrthóirí a roghnú do thoghchán na huachtaránachta. Le teilifís agus idirlíon ár linne féin, ní gá coinbhinsiúin, ar ndóigh, ó d’fhéadfaí na vótaí go léir a chomhaireamh san earrach agus na hiarrthóirí éagsúla a fhógairt i bhfad níos luaithe.
Ach dá ndéanfaí sin, chaillfeadh Meiriceá traidisiún iontach agus ba bhochtaide sinne é. Cé go bhfuil a fhios againn ó mhí Aibréain amach gurb é Mitt Romney iarrthóir na bPoblachtánach agus gurb é Barack Obama iarrthóir na nDaonlathach, is iad na coinbhinsiúin lá tosaigh bhiaiste na toghchánaíochta.
Ócáidí ceithre lá is ea na coinbhinsiúin, le cainteoirí cáiliúla agus amharclann gháifeach a tharraingíonn aird na meán agus suim na vótóirí. Coicís roimh na coinbhinsiúin, fógraíonn ardiarrthóir an pháirtí cé atá roghnaithe aige mar iarrthóir leasuachtaránachta.
Dúil san Aighneas
Is aoibhinn liom na coinbhinsiúin. Cuireann siad na cruinnithe athbheochana i gcuimhne dom a chonaic mé uair nó dhó i bpubaill faoin tuaith i dtuaisceart Éireann, le ministéirí ag greadadh leabhair go tréan agus ag gríosadh na n-éisteoirí chun gnímh. I ndeireadh na n-aitheasc, bíonn gach éinne, an té is díchreideamhaí ina measc fiú amháin, ina seasamh le chéile ag canadh is ag glaoch.
Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua!
Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana. Tá iarrthóir uachtaránachta acu, Mitt Romney, atá ina bhall den Eaglais Mhormannach (eaglais a bhfuil go leor Meiriceánach in amhras faoi), agus nár chualathas mórán faoi in aon chor go dtí earrach na bliana seo, agus tá iarrthóir leasuachtaránachta acu, Paul Ryan, atá i bhfad amach ar an eite dheis ó thaobh Críostaíochta agus leagan amach geilleagair de.
Faraor do Mitt Romney, is cosúil gur roghnaíodh é, ní de bharr a bhuanna oráidíochta ná a éirimiúlacht polaitiúil, ach de bharr gurbh é an t-iarrthóir ab fhearr as baicle iarrthóirí antoisceacha, ina measc Newt Gingrich, a thug ionsaithe fíochmhara faoi Romney sular ceansaíodh é, agus Rick Santorum, Caitliceach a sheasann go láidir in aghaidh aerachais agus frithghiniúna. Mar Mhormannach agus mar mhilliúnaí, is deacair a thomhas go meallfaidh sé gnáthvótóirí. Is dócha gurb é sin an faraor géar is mó dó, mar is léir cheana féin óna stair mar rialtóir ar Massachusetts gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár, seachas ó dheireadh na heite deise.
Antoisceachas an Imill
Scéal eile ar fad is ea Paul Ryan, iarrthóir leasuachtaránachta na bPoblachtach. Antoisceach amach is amach is ea é, óna dhearcadh polaitiúil atá bunaithe ar an smaointeoir Ayn Rand (a sheas go láidir in aghaidh rudaí mar leas sóisialach) go dtí a dhearcadh fíor-Chaitliceach. Glactar leis go forleathan go bhfuair sé an t-ainmniúchán chun an Tea Party a shásamh, dream atá an-mhíshásta le Romney, ach atá ag éirí i bhfad níos cumhachtaí sa pháirtí.
Ach na coinbhinsiúin – is léir go bhfuil an Páirtí Poblachtach ag luascadh i dtreo na heite deise, ach is beag duine ón taobh sin a bhfuil tarraingt aige i measc na cosmhuintire, taobh amuigh de Chris Christie, rialtóir ramhar Nua-Gheirsí. Má tá sé trom, tá aghaidh an bhuachalla óig air, agus go cinnte shíl lucht eagraithe an choinbhinsiúin go ngríosfadh sé an slua lena reacaireacht chroíúil. Agus d’éirigh leis. Stát crua is ea Nua-Gheirsí, agus tá cáil an fhir chrua ar Christie, agus m’anam, thug sé príomhaitheasc an choinbhinsiúin go paiteanta, ag bualadh an bhoird agus ag gríosadh an lucht éisteachta chun léimt ina seasamh. Ach i ndeireadh báire, ní léir gur tharraing sé na vótóirí neodracha anuas den chlaí. “B’éigean do Mheiriceá na ceardchumainn a bhriseadh”, a dúirt sé, “agus bheadh ar sheandaoine an-íobairt a dhéanamh ar son todhchaí na tíre. Bheadh ar an tír airgead a choigilt tríd an rialtas a laghdú.”
Fiú más ag insint na fírinne atá sé, ní léir go meallfaidh caint mar sin na vótóirí. Ach cá bhfios? Níl an bhiaiste ach ina tús go fóill, ach is cosúil cheana féin go mbeidh na vótóirí ag roghnú idir dhá rud shimplí i ndeireadh báire: “gearradh rialtais, agus ceannasaíocht an mhargaidh” (na Poblachtaigh) nó “fan an cúrsa, agus bíodh dóchas agat i dtéarnamh” (na Daonlathaigh). Bíodh do rogha agat.