Braitheann roinnt earnálacha gnó go mór ar an aimsir a bheith leath maith go leor le cúpla pingin a chur sa sparán agus imríonn an aimsir tionchar an-mhór orainn go léir a deir Seosamh Ó Riain.
Is cuma más i siopa áitiúil, in oifig an phoist nó ag feadaíl síos an tsráid atá tú na laethanta seo, níl aon ealú ó chaint nó ó chasaoidí ar an drochaimsir againne. An rud nach bhfuil leigheas air caithfear cur suas leis, deir siad, ach d’ainneoin sin, bítear ag síorghearán sa tír seo samhradh i ndiaidh samhraidh faoin easpa gréine.
Dúirt Gerard Flemming ó Met Éireann cúpla mí ó shin, “Tá an chuid is mó de na samhraí in Éirinn míshocair, fliuch agus gan a bheith te go háirithe.” Uair amháin gach deich mbliana, nó tuairim is, dúirt sé, bíonn samhradh maith te againn.
Tar éis blianta de thaighde, tá a lán fianaise ann a thugann le fios go n-imríonn an aimsir tionchar nach beag ar an dhuine. Léirigh staidéar ar 16,000 mac léinn go ndeachaigh dálaí áirithe na haimsire i bhfeidhm ar aon trian de chailíní agus ar an gcúigiú cuid de bhuachaillí ar bhealach diúltach. I measc na gcomharthaí sóirt a tuairiscíodh, bhí droch-chodladh, cantal agus mothúcháin de bheith in ísle brí (diosfóiria).
Glactar leis go bhfuil nasc idir an dea-aimsir, aoibh mhaith, agus cuimhne níos fearr a bheith ag an duine i rith an earraigh, toisc go gcaitear tuilleadh ama amuigh faoin aer.
Aoibh nó Míshásamh
Is deacair sárú a fháil ar SAD mar chruthú ar an tionchar a imríonn an aimsir orainn. Is iad na mothúcháin bhróin agus dúlagair a thréithríonn SAD, agus tagann a leithéid chun cinn go háirithe in oícheanta dorcha na dúluachra, tráth a mbíonn na laethana níos giorra agus an teocht íslithe. Dar le taighde a rinneadh sa bhliain 2007, tá SAD ag goilleadh ar thuairim is 20% de bhunadh na hÉireann, agus léirigh an staidreamh gurb iad na mná a bhíonn thíos leis níos mó ná na fir.
Ní haon údar iontais a leithéid, ar ndóigh, toisc a thábhachtái is atá an ghrian chéanna, agus an téagairín D, dár sláinte agus dár ndea-bhail. An rud is aistí agus is follasaí idir an samhradh in Éirinn agus an samhradh thar lear, dar liom, ná a laghad páistí a bhíos le feiceáil ag imirt taobh amuigh i lár an lae, iad ag béiceadh agus ag screadach, ag carnadh cuimhní órga na hóige don saol fada atá rompu.
Fuaireas féin léargas le gairid ar an malairt aigne a thagann ar dhaoine de bharr athrú aimsire. Tús an tsamhraidh a bhí ann, agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, agus gártha daoine, idir óg agus aosta, le cloisteáil i mo thimpeall ar an trá. Níor thúisce mise ann ná go raibh an bháisteach throm chugainn, faraor, agus rinneas mo bhealach ar luas lasrach go dtí teach leanna i lár an bhaile chun cluiche iománaíochta a fheiceáil ar an teilifís. B’ionadh liom an t-athrú tobann a tháinig ar chuile dhuine i mo thimpeall, de phreib – dreacha marbha orthu, smut in áit sonais, míchéadfa in áit suaimhnis, iad uile bréan bailithe dubh dóite den doineann. Diúltaíonn mo ghadhar – Hugo - fiú, dul amach sa ghairdín san aimsir chéanna!
Imeacht an Airgid
Ní haon ábhar iontais é mar sin go bhfuiltear ag caitheamh na laethanta saoire thar lear chun spléachadh den ghréin a fháil. Meastar go gcaithfidh na hÉireannaigh 50 milliún oíche leapa i gcéin i 2012, rud a chiallaíonns go bhfágfar 16 milliún oíche leapa folamh abhus. Dá mba in Éirinn seachas ar an gcoigríoch a chaithfeadh an duine sa triúr an tsaoire, d’fhéadfaí 40,000 post a chruthú, dar le Mike Webster, príomhfheidhmeannach GoIreland.com.
Is in olcas atá cúrsaí ag dul do dhaoine atá ag brath ar an aimsir lena mbeatha a shaothrú. De dheasca dhonacht an earraigh is an tsamhraidh, tá brú níos mó ná riamh ag teacht ar fheirmeoirí. Thug Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) le fios le gairid gur ag dul i líonmhaire atá fadhbanna sláinte intinne baill dá gcuid agus go bhfuil sé ina ghéarchéim anois. Anuas air sin, tá fás ag teacht faoi líon na bhfeirimeoirí atá ag fulaingt ón ngalar dubhach agus ó smaointe féinmharaithe. Chuir tuilleadh agus 300 feirimeoir lámh ina mbás féin san Ind ag tús na bliana seo toisc go ndearna an sioc slad ar an mbarr.
Cuimhnímis ar ar tharla i gCorcaigh ag deireadh an Mheithimh i mbliana nuair a scrios na tuillte ba mheasa leis na cianta siopaí agus tithe, agus níor den chéad uair é! Is beag faoiseamh a bhí ag an earnaíl mhiondíola ón drochaimsir ach oiread le haon dream eile. Cuimhnímis leis ar ár sláinte féin. Cumhdaímis sinn féin go maith, téimis amach ag siúl nuair is mian linn, ar neamhchead don aimsir, agus ná coimeádtar cúbtha sinn inár gcimí faoi chaolach an tí.
Ciarraíoch is ea Seosamh Ó Riain a rinne Córais Ríomhaireachta in Ollscoil Luimnigh agus Ard-Dioplóma san Aistriúchán in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina dhiaidh sin.