AR NA SAOLTA SEO
Athruithe Cleachtais ag Údaráis Inimirce SAM
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Bhí Alan Desmond ag iniúchadh athruithe in iompar na Stát Aontaithe i leith na nInimirceach, athruithe a bheas tábhachtach do na céadta míle Gael sna Stáit Aontaithe.

Íomhá
An teorainn ag Tijuana
(le Peter H. Hahndorf ar Picasaweb)
Íomhá
An teorainn
(le Noddy ar Vicipéid)
Íomhá
Frontera de San Diego y Tijuana
(le James Reyes ar Vicipéid)
Íomhá
Cuaille teorann
(le DiaAnn Matteson ar Picasaweb)

Ar 15 Meitheamh i nGairdín na Rósanna ar thailte an Tí Bháin fógraíodh an cor ba mhó i scéal na hinimirce sna Stáit le blianta fada. Chuir uachtarán SAM, Barack Obama, in iúl go mbeadh athrú i gcleachtas na n-údarás inimirce maidir le hinimircigh óga lasmuigh den dlí.

Ní hamháin go staonfaidh na húdaráis inimirce de na hinimircigh seo a ghabháil d’fhonn iad a dhíbirt, ach féadfaidh na hinimircigh iarraidh ar na húdaráis inimirce a ndíbirt as an tír a iarchur ar feadh dhá bhliain agus cead oibre a thabhairt dóibh ar feadh na tréimshe sin. Meastar gurb ann do bhreis is milliún go leith inimirceach a d’fhéadfadh cur isteach ar an scéim seo agus cé go bhfuil na céadta míle Éireannach i measc na n-iarratasóirí, is ó Mheiriceá Laidineach, go háirithe ó Mheicsiceo, a bhformhór.

An Inimirce lasmuigh den Dlí agus Riarachán Obama

Tá roinnt mhaith daoine nach ndéanfaidh aon iontas de gur fhógair Obama an beart seo. Déarfaidh na daoine seo gur liobrálaigh den eite chlé iad lucht Obama atá bog ar inimircigh a bhriseann an dlí. Ach ó theacht in oifig Obama i 2008 is deacra fós an saol atá ag inimircigh lasmuigh den dlí. Tá an teorainn le Meicsiceo níos daingne ná mar a bhí riamh agus tá breis is milliún inimirceach díbeartha as an tír faoi réimeas Obama, líon díbeartach nach bhfacthas sna Stáit le breis is leathchéad bliain.

Deirtear gur ghlac Obama an seasamh crua seo chun taispeáint don Pháirtí Poblachtach nach chomh bog sin a bhí sé i réimse na hinimirce. De réir na tuairime seo, d’fheicfeadh na Poblachtaigh gur duine é Obama a bhféadfaí comh-oibriú leis ar cheist na hinimirce agus gheobhadh Obama an tacaíocht dhépháirteach i dTithe Chomhdháil na Stát Aontaithe a bhí ag teastáil chun córas inimirce na Stát a athchóiriú go cuimsitheach, córas a bhfuil tagartha ag Obama dó mar chóras briste. Níl éirithe ag riarachán Obama an tacaíocht dhépháirteach sin a fháil, áfach, rud a fhágann nach bhfuil aon dlí achtaithe ag Tithe na Comhdhála a dheiseodh an córas briste.

Chaithfeadh aon phlean athchóiriú cuimsitheach plé leis an 11.5 milliún inimirceach lasmuigh den dlí atá sna Stáit faoi láthair. Laistigh den dream seo tá na Dreamers, atá baiste as bille a tugadh isteach i dTithe na Comhdhála i 2001 den chéad uair ach nár achtaíodh fós, is é sin Development, Relief and Education for Alien Minors Act, nó an Dream Act. Is ionann tairbhithe an athraithe a d’fhógair Obama i mí an Mheithimh agus na hinimircigh a thairbheodh den Dream Act dá n-achtófaí é.

Na Critéir Cháilitheachta

Cé hiad na daoine mar sin ar féidir leo cur isteach ar an scéim a d’fhógair Obama i mí an Mheithimh? Tá ar iarratasóirí a bheith os cionn 15 bliain agus faoi bhun 30 bliain. Tá orthu a bheith tagtha go dtí na Stáit sula raibh siad 16 bliain d’aois agus cúig bliana ar a laghad tugtha acu sna Stáit. Tá orthu a bheith gan taifead coiriúil agus meánscoil nó tréimhse san arm críochnaithe nó fós ar siúl acu. Is beag difríocht idir na critéir seo agus critéir an Dream Act.

Níor chóir aon ionadh a dhéanamh de gur ghlac Obama an cinneadh seo. Tá bliain toghcháin buailte linn agus meastar go mbeidh an vóta Easpáinneach tábhachtach i roinnt stát. Má tá Easpáinnigh míshásta leis an méid dul chun cinn atá déanta ag Obama le linn a chéad théarma i réimse na hinimirce agus an seasamh crua atá glactha aige ar inimirce neamhdhleathach go dtí seo, ba chóir dóibh creidiúint éigin a thabhairt dó as an mbeart nua seo.

Meiriceánaigh ina gCroí

Ach tá níos mó ná brabús polaitiúil i gceist. Tá tacaíocht don Dream Act á léiriú ag Obama le fada. Mar a dúirt sé le linn a aitheasc i nGairdín na Rósanna, “is Meiriceánaigh iad na daoine óga seo ina gcroí, ina n-aigne, i ngach uile shlí ach amháin ar pháipéar. Bhí siad tugtha chun na tíre seo ag a dtuismitheoirí, uaireanta agus iad ina naíonáin.” Tá an t-imeascadh agus an neamhchiontacht seo curtha chun sochair ag na Dreamers chun iad féin a idirdhealú ó inimircigh eile lasmuigh den dlí agus chun bá an phobail Mheiriceánaigh a thuilleamh.

Féadfaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo cur isteach ar cheadúnas tiomána, ar dheontais oideachais agus ar phoist nárbh fhéidir leo cur isteach orthu roimhe seo mar go raibh fianaise ar chónaí dleathach riachtanach. Ach tá lochtanna le fáil ar an scéim. Ní bhfaighfear ach tréimhse dhá bhliain saor ó bhagairt na díbeartha. Ag deireadh na tréimhse sin beifear in ann athnuachan a lorg. Ach is léir go bhfuil éiginnteacht ag baint leis seo a chuirfeadh stró ar an té ba mhó gus. Mura n-atoghfar Obama, b’fhéidir nach mbeidh athnuachan mar rogha. Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.

Bheifí ag súil, mar sin, go mbeifear in ann go leor tacaíochta a chruinniú i dTithe na Comhdhála chun athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar chóras inimirce na Stát i ndiaidh na dtoghchán i mbliana, athchóiriú a réiteoidh ar bhonn fadtéarmach cás na n-inimirceach go léir atá lasmuigh den dlí, ní hamháin cás na Dreamers.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.