Níor scéal i mbarr bata léim Felix Baumgartner, mar a samhlaíodh do roinnt bheag daoine, ach éacht agus céim mhór chun cinn ag an duine a bhí ann dar le Ciarán Mac Aonghusa.
B’iontach an tsuim a cuireadh sa léim a thug Felix Baumgartner as an lamhnán Helium an mhí seo caite. Chuaigh Baumgartner suas 24 míle os cionn an domhain i lamhnán agus léim sé amach. Ar an bhealach anuas bhain sé luas de 833 msu amach – níos gasta ná luas na fuaime – agus rinne sé beagnach 120,000 troithe de shaorthitim sular oscail sé a pharaisiút.
D’amharc na milliúin duine ar an léim beo ar an idirlíon. Bhí scéal Felix i mbéal na ndaoine sa tír – idir óg agus aosta – ar feadh cúpla lá. Chuala mé roinnt daoine ciniciúla ag rá nach raibh i gceist ach fógraíocht do Red Bull a rinne urraíocht ar an tionscnamh. Ach i measc na ndaoine a chuir spéis sa léim níor chuala mé mórán ag caint ar “dheoch an fhuinnimh”. Chuir siad spéis agus iontas san éacht a rinne Baumgartner agus sa dóigh ar thug sé faoin dúshlán go cróga neamheaglach.
Ní raibh Baumgartner ar an chéad duine a léim as lamhnán ag airde mhór. Sa bliain 1960 léim Joe Kittinger as lamhnán a bhí ag thart ar 100,000 troigh. Ach rinne Kittinger a éacht le linn ré órga na spástaiscéalaíochta. Bliain ina dhiaidh léim iontach Kittinger, rinne Yuri Gagarin an chéad fhithis timpeall ar an domhan, agus thart ar an am chéanna d’fhógair uachtarán nuathofa Mheiriceá, Jack Kennedy, go raibh sé mar sprioc ag na Stáit fear a chur ar an ghealaigh faoi cheann deich mbliana.
Laochra an Alltair
Nuair a chonaic mé Baumgartner ina sheasamh ar an tairseach i ndoras an árthaigh, chuir sé Neil Armstrong i gcuimhne dom. Thug Armstrong céim bheag síos go dromchla na gealaí, ach thug Baumgartner céim mhór fhada síos chuig an domhan bheag ghorm seo. Níl aon amhras ann ach gurbh iontaí an turas agus an éacht a rinne Armstrong (a thug a chéim dheireanach i Lúnasa na bliana seo nuair a shleamhnaigh sé amach bealach na fírinne). Bhí an spásrás faoi lán tseoil nuair a thug Apollo 11 aghaidh ar an Ghealach sa bhliain 1969. Ach chuaigh an loinnir ó scéal an spáis ó shin.
Nuair a tháinig deireadh leis an spásrás chuir na tíortha móra tús le ré na satailítí tráchtála. Tá an t-uafás acu ann faoi láthair agus cuireann siad seirbhísí fiúntacha ar fáil, cuirim i gcás, an CSD, an teileachumarsáid, agus taiscéalaíocht mhíleata. Ach in ainneoin na tairbhe a bhaintear as an spás, is beag an scéal é faoi láthair, ach amháin nuair atá rud éigin as an ghnáth ar siúl.
Sin é an fáth gurbh fhiúntach an rud a rinne Baumgartner. Sílim gur chóir go mbeadh tuiscint ní b’fhearr againn ar a thábhachtaí is atá an spás agus ar a leochailí is atá an saol domhanda. Níor bhain sé ach an garspás (near space) amach agus ar scála mhéid an domhain, bhí sé fós measartha íseal. Má shamhlaíonn tú an domhan mar liathróid peile, bhí Baumgartner níos lú na milliméadar os cionn an dromchla. Mar sin, ar bhealach, bhí sé fós an-ghar don talamh! Ach fós féin, ag an airde sin níl i ndlús an atmaisféir ach 1% den dlús atá ann ag cothrom na mara, rud a léiríonn a thanúla is atá an brat beag aeir atá bunriachtanach don saol.
Leochaileacht na Cruinne s’Againne
Ón cheamara taobh amuigh den árthach, bhí bun na spéire le feiceáil siar amach mar fháinne. Cé nach raibh sé i bhfad siar ón domhan, bhí sé soiléir go bhfuil sé teoranta go maith mar chruinne. Chuir sé an íomhá clúiteach, “Domhan-Éirí” (Earthrise) a glacadh ó Apollo 8 i gcuimhne dom. San íomhá álainn sin tá an domhan bánghorm ag éirí ó chúl na gealaí. Deirtear gur mhúscail an íomhá sin tuiscint i nglúin na seascaidí ar leochaileacht an domhain agus gur spreag sé gluaiseacht na timpeallachta.
Ní dóigh liom go mbeidh an tábhacht chéanna le heachtra Baumgartner, ach sílim go dtéinn íomhánna den chineál a bhain leis i bhfeidhm ar dhaoine. Chomh maith leis an ghné fhealsúnach a bhaineann le nádúr an domhain, tá an scéal daonna ag baint leis fosta. Is cineál duine é Felix Baumgartner a bhfuil sé ar a chumas an eagla is dúchasaí don duine a shárú. Ní hé gur duine é nach bhfuil an eagla ann mar mhothúchán, mar chuir sé síos ar na smaointe a bhí ina cheann agus é ar tí léim na tairsí chaitheamh – “ní ar churiarrachtaí nó ar an teicneolaíocht a bhí mé ag smaoineamh”, a dúirt sé, “ach ar an talamh a bhaint amach beo slán”. Níl ann ach gur féidir leis smacht a choinneáil ar a chroí.
Is duine é a bhfuil diongbháilteacht agus crógacht ann. Bhí siad ann ó thús aimsire agus tá siad lárnach in dul chun cinn an chine dhaonna. Brúnn siad na teorainneacha chun tosaigh agus cuireann siad féidireachtaí nua ar fáil. Tá siad ina gceannródaithe, ina laochra, agus tá siad ina ngaiscígh. Mura mbídís ann, bheadh orainn iad a shamhlú. Ó eachtraí Oisín i dTír na nÓg agus aistear Odaiséach na sean-Ghréige, go dtí Columbas i Meiriceá nó Armstrong ar an Ghealaigh, bhí ceannródaithe de dhíth orainn i gcónaí le scéal an duine a shaibhriú. Nuair a léim sé amach as firmimintí an aeir, chuir Felix Baumgartner caibidil eile leis an scéal sin.