Beidh dhá bhliain eile ag dream Obama lena gclár oibre a chur i gcion ar Stáit Aontaithe Mheiriceá dar le Brian Ó Broin.
Ní asarlaí mé, ach déarfainn gur féidir a rá go bhfuil toghchán na huachtaránachta thart cheana féin. Ní hé go bhfuil iarrthóir den scoth ag an bPáirtí Daonlathach, ach tá iarrthóir chomh dona sin ag an bPáirtí Poblachtánach gur deacair a fheiceáil cén chaoi a bhféadfadh sé teacht suas lena chéile comhraic. Mar a mhaígh mé cheana, tá Mitt Romney thíos le fadhbanna inmheánacha an Pháirtí Phoblachtánaigh a fhágann nach bhfuil tacaíocht iomlán á fáil aige ó eite dheis ná ó dhream láir a pháirtí féin. Ní maith le lucht an Tea Party é (lucht na heite deise) mar tá sé róthoilteanach comhoibriú leis na daonlathaigh, agus ní maith le lucht an láir é mar tá faitíos orthu go ndíolfaidh sé amach iad le lucht na gcomhlachtaí móra.
Ach is iomái cor i bhfeachtais toghchánaíochta, mar is eol do Sheán Gallagher. Cá bhfios cén drochscéal ar Barack Obama atá á choinneáil siar le foilsiú roimh lá an toghcháin? Ní bheidh sé thart go mbeidh sé thart.
Idir an dá linn, ámh, glacaimis leis go bhfuil snámh in aghaidh easa le déanamh ag Romney. Fiú má thógann Obama an Teach Bán don dara uair, ámh, cé mar a sheasfaidh polaitíocht Mheiriceá tar éis an toghcháin? Má bhíonn an bua ag Barack Obama (mar atáthar ag tuar), an mbeidh tacaíocht Seanaid agus Comhdhála aige freisin, mar a bhí ag George W. Bush nuair a toghadh eisean ina uachtarán sa bhliain 2000? Muna mbeidh, beidh deacrachtaí móra, agus b’fhéidir dosháraithe, aige a chlár oibre a chur i gcrích. Go deimhin, dá mbeadh an Seanad agus Teach na nIonadaithe i seilbh na bPoblachtánach, tá seans ann go bhféadfaí reachtaíocht sláinte an Uachtaráin Obama, a ritheadh dhá bhliain ó shin agus atá á cur i bhfeidhm faoi láthair, a aisghairm.
An Seanad, Blár Catha na Bliana
Ar dtús, Teach na nIonadaithe. Tá an teach seo i seilbh na bPoblachtánach cheana féin le 241 suíochán in aghaidh 191 na nDaonlathach, agus ciallaíonn sé sin gur deacair do na Daonlathaigh reachtaíocht ar bith a bheartú sa teach seo. Ní athróidh an scéal mórán i mbliana. Níl ach 81 suíochán faoi chaibidil sa toghchán seo (toghtar trian de na suíocháin gach dhá bhliain), agus níl cuma na maitheasa ar Dhaonlathaigh ach i 26 cinn de na rásaí. Tá seansanna maithe ag Poblachtánaigh i 33 rás, agus tá 22 cheann eile idir dhá cheann na meá. Is mar gheall ar an Tea Party atá an méid sin suíochán chomh neamhchinnte sin. Tóg, mar shampla, ceantar 24 i Stát Nua-Eabhrac. I 2010 bhain Ann Marie Buerkle, tacaitheoir an Tea Party, an suíochán seo, gan choinne ar bith ó Dan Maffei, Daonlathach a raibh an suíochán aige le fada. Ach is beag a rinne Buerkle sa dhá bhliain a chaith sí san Ardchathair, agus tá an Páirtí Daonlathach ag cur airgead mór isteach sa rás seo, agus iad den tuairim go bhfuil seans acu an suíochán a sciobadh ar ais. Fiú má sciobann, ámh, deir na pobalbhreitheanna go gcaillfidh na Daonlathaigh suíocháin sa toghchán seo, agus go bhfanfaidh na Poblachtánaigh chun cinn go maith orthu sa chéad Chomhdháil eile.
Tá toghchán fíochmhar ar siúl sa Seanad, agus is é seo blár catha na bliana, an áit a gcuirfear an fhuil is deirge agus an t-allas is goirte. As 100 suíochán Seanaid, tá 53 ag na Daonlathaigh faoi láthair agus 47 ag na Poblachtánaigh. Tá 18 suíochán faoi chaibidil i mbliana, ach is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag na Daonlathaigh, agus na pobalbhreitheanna ag taispeáint go mbainfidh siad tuairim is 10 gcinn. Más fíor sin, is cosúil go gcuirfear le tromlach na nDaonlathach sa Seanad i mbliana. Sampla maith den choimhlint is ea Wisconsin, áit a bhfuil an Seanadóir ceithre théarma Herb Kohl ag éirí as i mbliana. Ag seasamh don suíochán folamh seo tá Tommy Thompson, iarghobharnóir an stáit a chaill go leor measa sa bhaile nuair a d’imigh sé go Washington chun obair le George W. Bush agus tá Tammy Baldwin, leispiach oscailte a chuir olc ar choimeádaithe an stáit nuair a vótáil sí in aghaidh Cogadh na hÍaráice sa chomhdháil.
Tarraingt Siar ó Lár an Aonaigh
Ar ndóigh, is beag nár aisghairmeadh gobharnóir Wisconsin, Scott Walker, i dtoghchán speisialta roinnt míonna ó shin tar éis dó iarracht a dhéanamh na ceardchumainn a bhriseadh, agus breathnaítear ar an rás seo mar athimirt den toghchán sin. Cibé, tá an bheirt iarrthóirí gob ar ghob go fóill.
Mar is léir ón tsracfhéachaint seo, tá claonadh i dtreo na n-iarrthóirí daonlathacha sa Seanad agus san Uachtaránacht, ach ar bhonn “áitiúil” (na hIonadaithe Comhdála agus na hiarrthóirí stáit, fágaim) tá claonadh i dtreo na bPoblachtánach, gné a léiríonn an bhéim ar áitiúlacht atá á leagan ag an Tea Party. Tá ag éirí go seoigh leo ar an leibhéal sin, ach fágann sin an Seanad agus an Uachtaránacht i seilbh na nDaonlathach, rud a chiallaíonn go mbeidh Barack Obama agus na Daonlathaigh in ann leanacht ar aghaidh lena gclár oibre go ceann dhá bhliain eile ar a laghad.