Thug Tony Birtill a thicéad do Hillsborough dá dheartháir. Eisíodh tuarascáil thábhachtach an mhí seo caite a bhain leis an bhás go léir in Hillsborough agus le fulaingt lucht inste scéil a d’éalaigh as an tubaiste ar rian a reatha ar éigean.
Sheinn Terry Coyne an fonn ‘Táimse i mo chodladh’ ar an fheadóg mhór roimh na mílte a bhí ag slógadh i lár Learphoill ar 12 Meán Fómhair, lá eisithe tuairisc ón Hillsborough Independent Panel. Port brónach ag am brónach a bhí ann, ach tá súil ag muintir na cathrach anois go bhfaighidh siad ceart agus tar éis an phoirt sin, chan Ceoltóirí Mhuir Éireann an t-amhrán ‘Heart as Big as Liverpool.’
Bhí ceol na hÉireann go deas fóirsteanach, mar nach amháin go raibh neart íobartach de bhunadh na hÉireann i measc an 96 a fuair bás sa tubaiste ar 15 Aibreán 1989, ach bhí siadsan chun tosaigh i bhfeachtas an Hillsborough Justice Campaign chun an fhírinne faoin ár a aimsiú. (Beo, eagrán 38, Meitheamh 2004)
Ní raibh locht ar bith ar thacadóirí Learpholl FC sa tubaiste, de réir na tuairisce. D’fhéadfaí 41 duine a tharrtháil ach ní bhfuair siad deis leighis, agus d’athraigh na póilíní 116 ráiteas a rinneadh faoin ár. In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
Tagann Fionnachrith Orm
Dúirt Sheila Coleman, ón HJC, leis an slua “shíl mé nach raibh sé inrásta preab a bhaint asam go dtí gur léigh mé faoin dóigh a rinne na póilíní scrúdú do dheoch mheisciúil ar chorp buachalla 10 bliana d’aois mar cuid den fheachtas a bhí acu an locht a chur ar na tacadóirí.” Bhí scairteanna feirge ón slua nuair a chuala siad seo agus bhí a fhios ag cách cé a bhí i gceist - John-Paul Gilhooley, col ceathrar de cuid Steven Gerrard, captaen Learpholl FC.
Bhí Steven Gerrard féin naoí bliana d’aois, ag freastal ar Acadamh Learpholl FC, nuair a chaill sé a chol ceathrar agus i dtiomnú dó ina dhírbheathaisnéis, déanann sé cur síos ar an dóigh go bhféachann sé ar a ainm ar an leac chuimhneacháin ag Anfield gach uair a théann sé ansin le cluiche a imirt: “A shiver runs down my spine. I make the sign of the Cross and drive on……Every time I see Jon-Paul’s name cut into the cold marble outside the Shankly Gates, I fill with sadness and anger. I have never let anyone know this before, but it’s true; I play for John Paul.”
Chaill Margaret Aspinall (cathaoirleach Hillsborough Family Support Group) agus Anne Williams a mic sa tubaiste agus bhí siad ar an ardán le Sheila Coleman agus le feisirí áitiúla. Tá sárobair déanta ag an HFSG ar son mhuintir na marbh, ach bhí deacrachtaí ar leith ag na daoine a tháinig slán as agus sin an fáth go bhfuil an HJC ann.
Bhí mé féin in ainm is a bheith ag Hillsborough, ach chuaigh mé go Londain le cara a fheiceáil. Thug mo dheartháir is sine John mo thicéad do chomharsa dá chuid, Neil, agus thiomáin siad le chéile go Sheffield le haghaidh an chluiche.
Láimh leis an Bhás
Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá. Bhí sé an-deacair dóibh caint faoi. Bhí a fhios agam, ón chuma a bhí orthu go raibh siad faoi bhrú millteanach, go raibh cuimhní an lae úd leo gach lá agus ní raibh aon éalú san oíche mar ba mhinic faoi thromluí iad. Bhí éagóir mhillteanach déanta orthu chomh maith leis an éagóir a imríodh ar na mairbh.
Ach sa deireadh, thosaigh siad ag teacht le chéile, mar is nós le daoine sa chathair seo, agus nuair a labhair siad le marthanóirí eile, thuig siad a chéile agus phléigh siad na fadhbanna a bhí acu le chéile. “I went to a football match and emerged from a killing field,” a dúirt Pete Carney, duine de na bunaitheoirí an HJC. Scríobh sé an bhileog ‘Justice is a Struggle’ faoi. (féach ar http://www.contrast.org/hillsborough) “The survivors’ role in the rescue has never been looked at - they came out alive, but what they went through as rescuers was never considered. There wasn’t the means to deal with the problems of the 10,000 people in the pens that day,” a deir sé. Bhí stró iarchoscrach ar a lán daoine, Stevie Dooling ina measc. “At least a dozen survivors didn’t make it, they topped themselves,” a dúirt sé.
“Bhí muid mar ainmhithe, sáinnithe i gcaighean” dúirt mo dheartháir John liom. “Agus nuair a d’éalaigh muid as an chaighean, sa deireadh, ba léir nach raibh plean éigeandála ag na póilíní - ní raibh teastas sábháilteacht ag an staid, fiú. Sin an fáth gur athraigh siad ráiteas agus a d’eagraigh siad forcheilt. Anois, ba mhaith liom póilíní a feiceáil os comhair na cúirte.”
Tá taithí ag na hÉireannaigh le nósanna na póilíní anseo i Sasain, ar ndóigh, agus b’fhéidir gur sin an fáth go raibh siad chun tosaigh sa HJC. Sé mhí i ndiaidh Hillsborough, i nDeireadh Fómhair 1989, scaoileadh saor Ceathrar Guildford, tar éis 14 bliana i ngéibheann. Seo mar a labhair an Breitheamh Lane sa chúirt achomhairc faoi na ráitis a rinne na póilíní faoin Cheathrar: “a fabrication from start to finish, invented by some fertile constabulary mind.” Níorbh é an chéad uair ná an uair dheiridh é.