Cíorann Alan Desmond san alt seo gnéithe de dhlí agus de dhearcadh mhuintir na hÉireann ar ár gcuid Éireannaigh óga úra.
Bhí tuairisc ar an Irish Times le déanaí faoin €1.2 milliún atá íoctha ag an Stát le daoine nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), ach a bhfuil leanaí acu atá ina saoránaigh Éireannacha. Díbríodh roinnt de na tuismitheoirí seo as Éirinn, bíodh is gur saoránaigh de chuid na tíre seo a gcuid leanaí. Mar gheall ar rialú a rinne Cúirt Bhreithiúnais an AE anuraidh, áfach, caithfidh an Stát ligean do roinnt díobh filleadh ar thír bhreithe a leanaí. Ach níl anseo ach an cor is déanaí i scéal casta a théann siar breis is scór bliain, scéal a léiríonn tuiscint ár mbreithiúna ar an luach a bhaineann le saoránacht na hÉireann.
An tSaoránacht mar Chosaint sna Nóchaidí
Thugadh an Stát cead cónaithe in Éirinn sna nóchaidí d’inimircigh ar saolaíodh leanaí dóibh sa tír seo, ba chuma an lasmuigh nó laistigh den dlí a bhí na hinimircigh seo ina gcónaí. Ba shaoránaigh Éireannacha na leanaí a rugadh in Éirinn, agus dá ndíbreofaí as Éirinn na tuismitheoirí, bhí seans go mbeadh ar a leanaí imeacht leo. B’ionann an méid sin agus díbirt na leanaí féin. Tá an tsaoirse ón díbirt ar na rudaí is mó a idirdhealaíonn saoránaigh ó dhaoine nach saoránaigh iad.
An tSaoránacht faoi Léigear sa Mhílaois Nua
Le teacht an Tíogair Cheiltigh, áfach, tháinig méadú mór ar líon na n-inimirceach lasmuigh den dlí a bhí ag lorg cead cónaithe in Éirinn mar gheall ar shaoránacht Éireannach a leanaí. Ag tús na mílaoise, agus 12,000 iarratas ar chead cónaithe ó thuismitheoirí a raibh a leanaí ina saoránaigh Éireannacha, thosaigh an tAire Dlí is Cirt ag eiteach na n-inimirceach seo agus ag ordú dóibh imeacht ó Éirinn.
Ní hamháin sin, ach d’fhonn an fhadhb a fhuascailt – agus is mar fhadhb a thréithrigh rialtas an lae na cúrsaí seo – eagraíodh reifreann chun Bunreacht na hÉireann a leasú. Rinne 80% de na daoine a chaith vóta sa reifreann i 2004 a dtacaíocht a thabhairt d’athrú i ndlíthe saoránachta na hÉireann. Ó Eanáir 2005, ní saoránach gach duine a shaolaítear in Éirinn. Is saoránaigh daoine a thagann chun an tsaoil sa tír seo más saoránach Éireannach nó Briotanach duine dá dtuismitheoirí nó má tá duine dá dtuismitheoirí ag cónaí go dleathach in Éirinn le trí bliana, ar a laghad. Is é a rinne an t-athrú seo ná cinntiú nár shaoránaigh iad leanaí a shaolófaí in Éirinn do bheirt inimirceach lasmuigh den dlí. Ciallaíonn sé seo go bhfuil leanaí a rugadh is atá ag fás aníos sa tír seo nach saoránaigh iad agus na cosaintí éagsúla a bhaineann leis an tsaoránacht séanta orthu dá réir sin.
IBC/05 Scheme
Ach níor réitigh an leasú bunreachtúil cás dream beag saoránach Éireannach, is é sin na leanaí a rugadh in Éirinn roimh Eanáir 2005 a raibh a dtuismitheoirí ina n-inimircigh lasmuigh den dlí. Chun plé le tuismitheoirí na saoránach óg seo, bhunaigh an rialtas an Irish Born Child Scheme – nó IBC/05 Scheme. Bhronnfaí cead cónaithe ar thuismitheoirí a chomhlíonfadh roinnt coinníollacha faoin scéim seo. Chuir tuairim is 17,000 isteach ar an scéim, agus bronnadh cead cónaithe ar tuairim is 16,000. An chúis ba mhó a luadh leis na hinimircigh ar diúltaíodh dóibh ná nár chomhlíon siad an coinníoll go mbeidís ag cónaí go leanúnach in Éirinn ó dháta breithe a leanaí. Ní hionadh go ndeachthas i muinín an dlí. Ba leis an Stát a thaobhaigh an Chúirt Uachtarach. Cé gur shaoránaigh de chuid na hÉireann na leanaí a bhí i gceist, agus cead go minic ag duine de na tuismitheoirí fanacht in Éirinn faoin IBC/05 Scheme, d’fhéadfadh an Stát an tuismitheoir nár chomhlíon coinníollacha na scéime a dhíbirt. Chonacthas don Chúirt gur láidre ceart an Stáit chun inimirce a rialú ná ceart an tsaoránaigh óig a thuismitheoirí a bheith gar dó agus in ann é a thógáil i dtír a bhreithe. Ba dheacair a rá go raibh breithiúnas na Cúirte ag teacht leis an gcomhréireacht ná leis an gcothrom, bunphrionsabail an dlí.
Dar leis an gCúirt go bhfuil cumhacht ag Éirinn, mar chuid de leas an phobail, inimircigh a dhíbirt. Níor fhág saoránacht na leanaí Éireannacha go raibh ceart ag baill dá dteaghlaigh cur fúthu in Éirinn. Ach cén bhrí atá leis an tsaoránacht ó thaobh an linbh de mura bhfuil ceart aige a bheith tógtha ag a thuismitheoirí in aonad teaghlaigh ina thír dhúchais?
An tAE ag teacht i gCabhair ar an tSaoránacht
D’fhág breithiúnas na Cúirte Uachtaraí go raibh ar inimircigh nár chomhlíon coinníollacha an IBC/05 Scheme imeacht as an tír. I gcás roinnt díobh, thréig a leanaí Éireannacha an tír in éineacht leo. Ach rinne Cúirt Bhreithiúnais an AE rialú a chuir cor nua sa scéal anuraidh. Sa chás Zambrano rialaigh an Chúirt nach bhféadfadh an Bheilg beirt Cholómach lasmuigh den dlí a dhíbirt mar go raibh a mbeirt leanaí ina saoránaigh Bheilgeacha, agus mar thoradh air seo, ina saoránaigh de chuid an AE.
Rialaigh an Chúirt go raibh seans go gcaithfeadh na leanaí an tAE a thréigean dá ndíbreofaí a dtuismitheoirí, rud a d’fhágfadh nach mbeidís in ann leas a bhaint as a saoránacht Eorpach. Mar thoradh ar an rialú seo bhí ar Éirinn ligean do thuismitheoirí nár chomhlíon coinníollacha an IBC/05 Scheme filleadh ar an tír seo, tír bhreithe a leanaí.
Is mór idir tuiscint ár mbreithiúna féin agus tuiscint bhreithiúna Chúirt Bhreithiúnais an AE ar luach agus brí na saoránachta ó thaobh an linbh de. Ach is deacair dearcadh ár mbreithiúna a cháineadh gan locht a fháil ar mhuintir na hÉireann féin atá sásta a mbunreacht a leasú chun saoránacht a shéanadh ar leanaí a shaolaítear in Éirinn do dhaoine atá ag cónaí sa tír seo gan cead. An cóir pionós a ghearradh ar leanaí mar gheall ar iompar a dtuismitheoirí?
Dá dhaonnacht breithiúnas Zambrano, níl aon bhuntáiste le baint as ag leanaí a saolaíodh in Éirinn i ndiaidh 2005 d’inimircigh lasmuigh den dlí. Ní saoránaigh Éireannacha iad, ná saoránaigh de chuid an AE dá dheasca sin. Leanaí lasmuigh den dlí iad, agus sinne a bhronn an stádas sin orthu.