AR NA SAOLTA SEO
Logainmneacha agus Comhairle Chontae na Gaillimhe
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar Í Cholm Cille i dtús an tsamhraidh. Ceistíonnn sé an nósmhaireacht atá Comhairle Chontae na Gaillimhe, gan aitheantas a thabhairt do leaganacha Gaeilge na mbailte fearann sa Ghaeltacht.

Íomhá
Iarracht in Albain
(le Picapica ar Vicipéid)
Íomhá
Oide Cholm Cille, Naomh Finnén Chluain Ioraird
Íomhá
Fionnphort ar Eilean Muile
(le Hopgrove James ar Vicipéid)
Íomhá
Í Cholm Chille
(le Nick Overy ar Picasaweb)
Íomhá
Iarracht phobail Bhearna-Chnoc na Cathrach

Ag seoladh go hÍ Cholm Cille níos túisce an samhradh seo, meabhraíodh dom an scrios a deineadh in Éirinn ag béarlú na logainmneacha dúchais.

Is oileán beag é Í le daonra de thart ar 120 duine. Tá tuairim is míle farraige idir é agus oileán eile, Oileán na Maoile, nó Eilean Muile. Níl sé éasca fáil go dtí é as Éirinn sa lá inniu agus is beag Éireannach a théanns ann. Is mór an trua. Turas báid dhá lá a bhí ann in aimsir Cholm Cille, ach feidhm cheart a bhaint as an ngaoth agus as an taoille.

Seans maith go mba iad Colm Cille agus na manaigh a thug an Ghaeilge leo go hÍ. Mar theanga ar bhéal na ndaoine, tá an Ghaeilg imithe i léig ar an oileán le fada, ach tá sí coinnithe beo sna logainmneacha ar muir is ar talamh: Eilean na hAon Chaorach, Port a’ Churaich, Traigh Bhan na Manach, Eilean nam Ban, Gleann an Teampuill, Clachanach, Cnoc nam Bradhan. Is mar sin atá na logainmeacha ar an léarscáil den oileán atá eisithe ag Suirbhéireacht Ordanáis na Breataine. Ar Google Maps, tugtar Baile Mor ar an sráidbhaile ar an oileán agus tugtar Fionnphort ar an mbaile beag as a seolann an bád farantóireachta gach 30 nóiméad le cuairteoirí a thabhairt ann.

Bhí orainn súil ghéar a choinneáil ar an gcairt mhara le linn an turais go hÍ, mar go bhfuil an cósta sách salach ar an dtaobh ó dheas de Eilean Muile: go leor carraigeacha le seachaint. Tar éis Eilean a’ Chalmain a fhágaint ar dheasbhord, stiúradh an bád idir Bogha nam Ramfhear agus Ruadh Sgeir: is mar sin atá an dá charraig ainmnithe ag an British Admiralty ar an gcairt mhara. Tar éis Eilean nam Muc a thimpeallú, bhí radharc le fáil againn ar Í agus ar an eaglais mhór atá tógtha san áit a bhunaigh na Gaeil a mainistir cháiliúil sa bhliain 563 iC.

Níl aon sliabh ar Í agus tá roinnt cnocán ann atá cúpla céad troighe ar airde ar a mhéad: Dùn Ì agus Cnoc nam Bradhan sa gcuid thuaidh den oileán, Carn Cùl ri Èirinn sa gcúinne thoir ó dheas agus Sithean Mor i lár an oileáin. Tá Abhainn a’ Ghlinne Mhoir ar Eilean Muile. Sin mar atá na logainmneacha ar léarscáil atá eisithe ag Suirbhéireacht Ordanáis na Breataine.

Logainmneacha na Gaeltachta in Éirinn:

Cén fáth a bhfuil feidhm oifigiúil ag logainmneacha i nGaeilg ghlan ghramadúil in Albain nuair nach raibh in Éirinn go dtí le gairid? Cén fáth ar caomhnaíodh cuid mhaith de na logainmneacha Gaeilge in Iarthar na hAlban, ach in Éirinn is a mhalairt a deineadh? Ar an cairt mhara d’Oileáin Árann, i gCuan na Gaillimhe, tá dhá charraig ar chósta thoir theas Inis Mór atá ainmnithe mar Carrickamimeraughy agus Illaunanaur. Níl mé in ann an chéad cheann a rá agus is deacair dom mo theanga a chur ag obair ar an dtarna ceann. ’S iad na hainmneacha a bheadh ar an dá charraig sin in Albain ná Cora na Creathnaí agus Oileán na nDeor. Tá carraig ar an dtaobh thiar d’Inis Meáin agus Áit an Chráimhín a bheadh air dá mbeadh sé ar chósta thiar na hAlban ach mar gur ar chósta thiar na hÉireann Autaghnaveen atá thíos dhó ar an gcairt mhara.

Feileann sé don aigne Éireannach an locht a leagan ar Rialtas na Breataine faoi bhéarlú na logainmneacha Gaeilge sa 19ú aois, ach feictear domsa go bhfuil an míniú sin róshimplí. Nárbh é Rialtas na Breataine céanna a bhí taobh thiar den obair léarscáile in Albain? Is deacair dom a chreidiúnt gur ordaíodh don dream a bhí ag plé le logainmneacha in Éirinn, gan feidhm a bhaint as logainmeacha i nGaeilge in aon chás agus gur ceadaíodh glacadh in Albain leis an leagan Ghaeilge go fairsing? An bhfuil fianaise ann gur dúradh leis an saineolaí ar na logainmneacha, a bhí fostaithe ag an Suirbhéireacht Ordanáis, John O Donovan, nach bhféadfadh sé an leagan Ghaeilge a úsáid, nó an amhlaidh gur shocraigh O Donovan gur mar sin a bheadh?

Is dócha nár cheart a bheith róghéar ar an Donnabhánach. Ba scoláire den scoth é, is cosúil, ach ní raibh aon áit don Ghaeilge ina shaol pearsanta. Ach an oiread le Daniel O Connell, níor chreid sé go mb’fhiú aon iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a tharrtháil mar theanga bheo. Smaoinigh go raibh an Ghaeilge á labhairt mar theanga cheannais chumarsáide ag breis is milliún duine ag an am a raibh an Donnabhánach agus a chomhleacaithe ag béarlú na logainmneacha ar fud na tíre. Is cosúil gurb é an intinn a bhí ag an Donnabhánach go gcaithfeadh daoine an Ghaeilge a scaoileadh uathu le háit a dhéanamh don Bhéarla, an teanga a theastaigh le dul chun cinn a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe! Trí dhiúltú do na logainmneacha a bhí ar bhéal na ndaoine, rinne an Donnabhánach a chuid féin, chun caidhp an bháis a bhualadh ar an nGaeilge sa gcuid mhór den tír ina raibh an Ghaeilge in uachtar roimh an Drochshaol.

Ach nuair a aistríodh cumhacht ó Westminister go Teach Laighean, nócha bliain ó shin, bhí deis ag an rialtas dúchasach ceist na logainmneacha a chur ina cheart. Níor tugadh feidhm dlí do na logainmneacha dúchais i nGaeilge agus níor athraíodh na hainmneacha ar na léarscáileacha oifigiúla go dtí le gairid, nuair a bhí sé ródheireanach. Ní fhéadfaí é a dhéanamh thar oíche, ar ndóigh, ach dá ndéanfaí an obair contae ar chontae, bheadh an scéal socraithe faoi seo agus bheadh an Ghaeilge beo sna logainmneacha mar atá in Albain.

Comhairle Chontae na Gaillimhe ag Briseadh an Dlí

Sara bhfágfaidh mé an scéal seo, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do dhúnghaois Chomhairle Chontae na Gaillimhe i gcoinne logainmneacha sa Ghaeltacht. Lena cheart a thabhairt dhó, agus é ina Aire Gaeltachta ag an am, rinne Éamonn Ó Cuív ordú [An tÓrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004, Uimh. 872 de 2004], le feidhm dlí a thabhairt do logainmneacha Gaeilge sa Ghaeltacht. Ach níor thug Comhairle Chontae na Gaillimhe aird ar bith ar an ordú sin. Lean siad orthu ag úsáid seoltaí ‘Béarla’ sa nGaeltacht ar na billí uisce, cuirim i gcás. Deineadh gearán leis an gCoimisinéir Teanga. Chuir an Comhairle Chontae an locht ar Celtic Anglian Water, an comhlacht príobháideach a fuair an conradh leis na billí uisce a eisiúint!

Ach céard faoin oifig pleanála i gComhairle Chontae na Gaillimhe? Nuair a chuirtear iarratas pleanála isteach le hainm an bhaile fearainn i nGaeilge air? ’S é an leagan ‘Béarla’ den seoladh a bhíonn ar na doiciméidí oifigiúla a eisítear, de ghnáth, cé do réir ordú Uí Chuív, níl feidhm dlí ach ag an leagan Gaeilge amháin sa Ghaeltacht. Mar shampla, san iarratas pleanála 12359, iarradh cead i mBothúna Thoir ach sa doiciméid pleanála a eisíodh is BOHOONNA EAST an t-ainm atá ar an mbaile fearainn. Sampla eile an t-iarratas 12662: iarradh cead pleanála i Loch Conaortha, Cill Chiaráin agus eisíodh an cead pleanála chun teach a thógáil i LOUGHACONEERA. Tá na céadta samplaí ann.

Ar ndóigh ní tharlaíonn sin i nGaeltacht na hAlban. Nuair a tugadh cead pleanála do Callum Dennison le stór a thógáil dá tharracóir ar an 24 Iúil, ’s é an seoladh a tugadh ar an doiciméid pleanála ná Cuil a’ Chiarain. Dá mba faoi lucht pleanála na Gaillimhe an cead pleanála a eisiúint, bheadh an seoladh traslitrithe go Kylekeeraun, nó rud éicint mar é.

An rud is measa faoi seo uilig go bhfuil cuid mhaith daoine, agus roinnt eagraíochta pobail fiú amáin, i nGaeltacht Conamara iompaithe anois ar an leagan ‘Béarla’ den logainm a úsáid sna hiarratais pleanála a chuireann siad ag Comhairle Chontae na Gaillimhe! Is mar sin a bhogtar na daoine ó Ghaeilge a úsáid leis na húdaráis go ‘Béarla’. Ar ndóigh, tá nósmhaireacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le seoltaí agus logainmneacha sa Ghaeltacht ag sárú an dlí! Is dócha go dtuigeann siad é sin, ach gur cuma leis an oifig pleanála. Caithfear an Coimisinéir Teanga a chur ina dhiaidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.