AR NA SAOLTA SEO
Ag Iarraidh Chomhairle
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Bhí Robert McMillen ag tabhairt cluaise don óige agus dá dtuairimí faoi choimheascar crua na laetha a chuaigh thart, tréimhse nach furasta d’óige na linne seo a bharraíocht anois.

Íomhá
David Black a scaoileadh ar a bhealach chun a chuid oibre
Íomhá
Carr David Black, imithe de leataobh an bhealaigh mhóir
Íomhá
Múrmhana ag easaontóirí i nDoire
(le Jim Donohue ar Picasaweb)

A Abby, a chara,

Is mise Shannon (ní hé m’ainm fíor é) agus is cailín 17 mbliana mé. Tá mé i mo chónaí i mBéal Feirste, in eastát mór náisiúnaíoch agus is breá liom é.
Tá cuid mhór cairde maithe agam a mbíonn spraoi againn anseo sa cheantar ach tá cairde agam, idir chailíní agus bhuachaillí, i gceantracha eile sa chathair fosta. Chuaigh mé chuig naíscoil agus bunscoil lán-Ghaeilge agus, ainneoin go ndeachaigh mé chuig meánscoil Bhéarla, tá mo chroí istigh sa teanga.

Le cúpla bliain anuas, bhí cúpla gasúr agam agus ainneoin gur scar mé leo, tá mé cairdiúil go fóill leo uilig. Okay, bunús acu! Cúpla duine ina measc, Protastúnaigh a bhí iontu. Bhí an-craic agam leo agus iad liomsa ach níor oibir sé amach le duine ar bith acu - mar a dúirt mé, níl mé ach 17 mbliana d’aois. Bhí barraíocht suime ag duine amháin acu sna drugaí, duine eile san alcól, duine eile, bhuel, níl ann ach gur éirigh sé iontach leadrááááááánach, goa.

An gasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis faoi láthair, David (ní hé a ainm fíor é) is Protastúnach eisean fosta agus tá sé ina chónaí i gceantar dhílseach. 
Gidh go mbíonn mo thuismitheoirí buartha, tugann siad síob dom tigh s’aigesan agus, go hádhúil, tá dúil acu ann. Ach seo í an fhadhb, Abby.

Dímheas agus Easaontas

Oíche Shamhna, bhí muid tigh s’aigesan agus tháinig cara dá chuid isteach. Thosaigh sé ag tabhairt amach agus ag magadh ar an Ghaeilge. Ansin, thosaigh sé ag déanamh beag is fiú de na stailceoirí ocrais. Ní thuigim an pholaitíocht a bhain leis na stailceanna ocrais 1981 - níor rugadh mé go dtí na 1990í! - ach tá cairde scoile agam atá gaolta le cuid acu, mar sin, chosain mé iad. Níor thaitin sé seo le cara mo ghasúir agus thosaigh sé ar racht maslaí. Shíl mo ghasúr go raibh sé ag magadh ach d’inis an fear eile deargbhréaga fúm, gur scríobh mé maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar agus mar sin de!

Is breá liom David, bíonn an-chraic againn ag éisteacht le ceol, ag ithe i mbialanna, ag dul chuig clubanna, ag magadh ar a chéile, ach beidh orm a rá leis go gcaithfidh muid scaradh má tá cairde dá chuid naimhdeach liom cionn is gur Caitliceach náisiúnaíoch Gaelach mé.

(Nuair a deirim sin, ní théim ar Aifreann, níl mórán suime agam sa pholaitíocht ach i dtuaisceart Éireann, tá na lipéid i bhfad níos tábhachtaí ná na fíricí.)
 Maraíodh oifigeach príosúin inniu, 2 Samhain. David Black, fear pósta a bhfuil beirt pháiste aige. Ar easaontóirí poblachtánacha atá an milleán á chur. Tá fuath agam ar an fhoréigean agus tá trua agam do chlann an fhir a maraíodh. 


Tá a fhios agam go bhfuil an pictiúr mór ann fosta - dúirt m’athair liom go bhfuil coimhlint sna príosúin le cúpla bliain anuas agus go bhfuil agóid shalach ag dul ar aghaidh. Deir sé nár leasaíodh an an tSeirbhís Príosúin riamh agus go raibh daoine ann ar cuireadh brúidiúlacht síos dóibh nach bhfuarthas réitithe leo agus go bhfuil tacaíocht láidir acu i measc na bpolaiteoirí.
Dúirt Peter Robinson go n-éireodh sé as a phost dá n-athrófaí an mana a bhí ar hataí na n-oifigeach príosúin.

Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas

Ach cad é an bhaint atá aige seo liomsa agus leis an ghasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis? Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann más éigean dúinn scaradh mar gheall ar an aineolas atá ar a chairde - a chuaigh ar scoil iomlánaithe, dála an scéil. Is léir nach í an scolaíocht iomlánaithe réiteach fhadhb an tseicteachais mar a mheastar go falsa.

Tá a fhios agam go dtabharfaidh dúnmharú tubaisteach David Black deis do chairde mo ghasúir a bheith anuas orm. Beidh siad ag amharc go hamhrasach orm, dá mba mise a chuir na hurchair ann agus é ag tiomáint chun a chuid oibre. An gceanglóidh siad leis na heasaontóirí mé? “Nach bhfuil na fenians uilig mar a gceanna?”

Chuala mé daoine a rá go mbeidh deireadh buan leis an aighneas ó thuaidh cionn is nach bhfuil an t-aos óg chomh seicteach leis an seandream. Seafóid.
An mbeidh sé ar Nuacht a Sé nach bhfuil déagóir Caitliceach ag siúl amach le déagóir Protastúnach níos mó? Ní bheidh. Níl ann ach gráinnín dofheicthe gainimh ar thrá an dóláis.

Cad é a dhéanfaidh mé, a Abby?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.