Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge. San alt seo ceistíonn duine de na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas sin, Donncha Ó hÉallaithe, dearcadh TG4 i leith na Gaeilge
Éacht, gan amhras ar bith, a rinne an dream a chuir TnaG ar an aer ó thaobh lucht féachana a mhealladh agus ó thaobh aitheantas a fháil d’ardchaighdeán na gclár ó léirmheastóirí sna meáin chumarsáide. Chuile uair a bhogaim amach as an nGaeltacht, cloisim daoine ag moladh TG4 go hard. Ach is daoine gan Ghaeilge ar an gcuid is mó a bhíonn á moladh.
Bhí fís ag tiomáint an fheachtais le stáisiún teilifíse a fháil: shíleamar go mbeadh tionchar thar na bearta ag stáisiún teilifise nua-aimseartha ar iompar teanga daoine óga, sa Ghaeltacht ach go háirithe. Ní mar sin a tharla, tá a fhios againn anois. Nuair nach raibh an dea-thoradh air, caithfear an cheist a chur, sé mbliana déag tar éis a bhunaithe, cé lena aghaidh TG4 agus cén fhis atá ag lucht a stiúrtha?
Cinnte tá neart cláracha i nGaeilge á gcur ar fáil nach ndéanfaí murach TG4. Tá roinnt eile nach mbíonn ach a dhóthain Ghaeilge iontu leis an airgead coimisiúnaithe a fháil ó TG4. Níl a fhios agam an úsáidtear an Ghaeilge mar theanga oibre ar mhórán de na cláracha, a bhíonn coimisiúnaithe ag TG4. Mura n-úsáidtear, tá cuid den locht orainn féin, lucht na Gaeilge a bhíos ag dul faoi agallamh do na cláracha seo. Dá mba rud é gur dhiúltaíomar, mar Gaeilgeoirí, dul faoi agallamh nó páirt a thógáil i gclár ar bith a dhéantar do TG4, mura mbeadh Gaeilge á húsáid agus an clár á dhéanamh, is gearr go bhfeicfí athraithe sa dearcadh i measc na gcomhlachtaí léiriúcháin. Anois is arís feicim fógraí crochta sa Ghaeltacht i mBéarla amháin ag tabhairt le fios go bhfuil daoine ag teastáil le páirt a ghlacadh i gclár éicint a bhíonn le déanamh do TG4.
An Fhís 25 Bliain ó Shin
Sa bhfís a bhí againne, 25 bliain ó shin, nuair a cuireadh Teilifís na Gaeltachta ar an aer i Ros Muc, samhlaíodh dúinn gurb í an Ghaeilge a bheadh in uachtar i ndéantús na gclár don stáisiún teilifíse a bhí á éileamh againn. Ó mo thaithí féin, ní mar sin atá agus ba bhreá liom dá bhféadfaí mé a bhréagnú.
Thosaigh an fhís ag sleamhnú uainn blianta sarar cuireadh TnaG ar an aer. Thóg Údarás na Gaeltachta orthu féin daoine a thraenáil mar léiritheoirí don stáisiún nua. Bhíos féin ar an gcéad chúrsa traenála, ar feadh leath uair an chloig! Eoghan Harris a bhí i mbun an chúrsa ach is i mBéarla a bhí sé á reachtáil aige! Ar ndóigh níor cheart go mbeadh ar an Údarás a rá le Eoghan Harris go gcaithfí an cúrsa a chur ar fáil i nGaeilge. Ba cheart go dtuigfeadh sé féin an méid sin. Dála an scéil, oileadh daoine den scoth ar an gcúrsa céanna, cuid acu atá ag soláthar cláracha d’ardchaighdeán i gcónaí.
Nuair a cuireadh an stáisiún ar bun, fostaíodh roinnt daoine nach raibh Gaeilge acu. Fostaíodh roinnt eile a raibh Gaeilge acu ach go mb’fhearr leo Béarla a úsáid. Níor tharla sé i Raidió na Gaeltachta nuair a bunaíodh é 40 bliain ó shin ach tharla sé le Teilfís na Gaeilge ar chúis éicint. Faoin am seo is nósmhaireacht é atá seanbhunaithe agus bheadh sé deacair é a athrú.
Samplaí
Tabharfaidh mé trí shampla a léireoidh céard tá i gceist agam.
Iarradh orm foirm a shíniú ag an Oireachtas i gCill Áirne cúpla bliain ó shin, an gnáthfhoirm a iarrtar ar dhaoine a shíniú faoina dtugtar cead úsáid a bhaint as an taifeadadh ar tháille. Bhí an halla dorcha ag an am agus chuir mé mo shíniú leis an bhfoirm sarar thugas faoi deara nach raibh an fhoirm i nGaeilge. D’iarras foirm Ghaeilge ach dúradh liom nach raibh aon fhoirm i nGaeilge ar fáil ag an Oireachtas. Mar mhíniú dúradh liom go raibh na foirmeacha céanna á úsáid ar an gclár ‘Féilte’, amhail is go mba leithscéal é sin.
Lá ’le Pádraig 2010 bhí slua mór bailithe le chéile i gCois Fharraige le páirt a thógáil i Rith 2010. Bhí na reathaithe ar an mbealach isteach go Cathair na Gaillimhe, agus é i gceist acu críochnú ansin, tar éis dóibh an tír a thrasnú. Bhí an lá go hálainn agus bhí na páistí Gaeltachta ar bís dul ag rith chomh fada leis an Spidéal. Bhí foireann nuachta ó TG4 ann leis an scéal a cheapadh agus iad ag béarlóireacht le chéile, amach os comhair chuile dhuine. Thuig mé go maith nach í an tuairisceoir ba chúis leis an iompar náireach seo agus dúras leí go mba é an trua nár cuireadh ceamradóir le Gaeilge amach in éindí leí chun an scéal a thaifeadadh. ‘Tá Gaeilge aige’ dúradh liom, ‘ach is fearr leis Béarla a labhairt’!
Rinne cara liom, nach bhfuil an oiread sin Gaeilge aige, iarratas ar TG4 le hairgead a fháil chun clár a dhéanamh. Mar gur le haghaidh TG4 a bhí an clár le déanamh, chuir sé stró mór ar féin an t-iarratas a réiteach i nGaeilge. Ach nuair a fuair sé na doiciméidí tairisceana ar ais ó lucht coimisiúnú na gclár: is i mBéarla a bhí gach rud!
D’fhéadfainn samplaí eile a thabhairt ach ceapaim gur leor na trí chinn thuas le mo phointe a dhéanamh.
Tá daoine den scoth ag an bhfoireann oibre ag TG4 i mBaile na hAbhann atá chomh diongbháilte faoin nGaeilge is a bheinn féin. Ach is beag is féidir leo a dhéanamh nuair nach bhfuil aon fhís soiléir ag ceannasaíocht an stáisiúin ach an seó a choinneáil ar an mbóthar. Glacaim leis gur theastaigh roinnt daoine gan Ghaeilge leis an stáisiún a chur ar bun ag an tús, ach tar éis sé bliana déag bheinn ag súil go mbeadh Gaeilge ag na foirne teilifíse, a théann amach i measc an phobail ag bailiú ábhar do na cláracha. B’fhéidir go bhfuil sé thar am breathnú in athuair ar ról TG4 agus an cheist a chur : ‘cá ndeacha an fhís a bhí mar chúis lena bhunú?’