Tá Fidelma Ní Ghallchobhair ag áiteamh san alt seo gur cruthaíodh Caighdeán Oifigiúil 2012 gan ‘an chomhairle chúntach’ a fháil ó réimsí leathana de shaol na Gaeilge mar a rinneadh nuair a tiomsaíodh leaganacha eile den Chaighdeán Oifigiúil na blianta siar.
Ceann de na haidhmeanna a chuir Saorstát Éireann roimhe i 1922 ná an Ghaeilge a chothú mar theanga choiteann sa tseirbhís phoiblí, go háirithe sa chóras oideachais. Bhain dúshláin leis an ardmhian seo, sa mhéid is nár saothraíodh an teanga i réimsí oifigiúla le beagnach 400 bliain. Ceann de na dúshláin ná cúrsaí litrithe agus gramadaí gan a bheith socair. Bhí gá leis an litriú a shimpliú agus a chaighdeánú agus le córas aontaithe gramadaí.
Bhí reachtaíocht an Stáit á haistriú go Gaeilge i Rannóg an Aistriúcháin, Tithe an Oireachtais, ó aimsir bhunú an Stáit agus, de réir a chéile, rinne an fhoireann simpliú ar an gcóras litrithe a bhí á úsáid i bhFoclóir an Duinnínigh. Sa bhliain 1931, eisíodh meamram, Spelling of Irish in Official Documents, lenar cuireadh stíl na Rannóige in iúl don státseirbhís agus inar moladh leas a bhaint aisti.
Nuair a d’fhoilsigh an Rannóg Litriú na Gaeilge: Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil i 1947, dúradh sa réamhrá:
‘Is mar threoir don chaighdeán litrithe atá ceaptha le húsáid i ngnóthaí oifigiúla a hullmhaíodh an chéad eagrán den lámhleabhar seo, a foilsíodh Mí Iúil, 1945, ach socraíodh ar é a chur ar fáil don phobal le súil go gcabhródh sé chun litriú na Gaeilge i gcoitinne a chaighdeánú’ (CO 1947, vi).
Atheagrán 1958
I 1953, foilsíodh Gramadach na Gaeilge – Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin agus atheagrán i 1958 inar cuimsíodh an t-ábhar faoi chúrsaí litrithe agus faoi chúrsaí gramadaí, Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge. Is díol spéise a bhfuil le rá sa réamhrá, áit a dtugtar léargas ar an iarracht mhacánta a rinne an Rannóg chun a gcearta a thabhairt do na canúintí éagsúla agus chun tuairimí an phobail a chur san áireamh:
Sa bhliain 1953 foilsíodh Gramadach na Gaeilge – Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin d’fhonn go bhfaighfí tuairimí agus moltaí ón bpobal a chuideodh leis an Rannóg córas deilbhíochta a leagan amach a bheadh oiriúnach lena ghlacadh mar chaighdeán comhchoiteann. Tar éis na tuairimí agus na moltaí go léir a fuarthas a bhreithniú chuathas i gceann an córas sin a leasú agus ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a cuireadh faoi bhráid daoine arbh eol suim ar leith a bheith acu i ngramadach na Gaeilge agus saineolas acu uirthi ... Fuarthas comhairle chúntach ó chainteoirí dúchais as gach ceann de na Gaeltachtaí, ó mhúinteoirí, agus ó dhaoine eile a raibh eolas ar leith acu ar na teanga, agus comhaontaíodh leis an Roinn Oideachais an leabhrán seo a fhoilsiú mar chaighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne (CO 1958, viii).
Bhí an-éileamh ar an saothar agus rinneadh deich gcinn d’athchlónna idir 1960 agus 2004. Ainneoin roinnt clamhsáin is ceasachta, glacadh leis an gcaighdeán nua litrithe is gramadaí, go háirithe nuair a foilsíodh foclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe i 1959, áit ar cuireadh an caighdeán nua litrithe agus gramadaí i bhfeidhm agus i gcló don phobal. Bhí an litriú agus an ghramadach chaighdeánach úsáideach agus d’éascaigh siad scríobh na teanga.
An Bhearna ag Dul i Méid
An cheasacht a bhí ar bun i dtús aimsire go raibh bearna rómhór idir na rialacha gramadaí in eagrán 1958 agus an chaint bheo, chuaigh sí i méid i gcaitheamh na mblianta. Ag an am céanna, d’fhás éiginnteacht i measc an phobail faoi céard a bhí ‘ceart’. Tháinig pointí míréire nó éiginnteachta chun solais i measc úsáideoirí agus lucht teagaisc. Tugadh aghaidh ar roinnt acu sin i bhfoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1977) agus d’aontaigh an Rannóg an tráth sin eagrán úr den chaighdeán a ullmhú a chuimseodh na pointí breise seo. Ach níor tharla sé sin ar chúis éigin. Sna hathchlónna éagsúla a foilsíodh anuas go 2004, rinneadh corr-mhionleasú ó thráth go chéile ach ní dhearnadh aon athbhreithniú substaintiúil ar na rialacha gramadaí.
Gá le hAthchaighdeánú
De bharr fiosruithe ón bpobal agus caitheamh ama le linn cruinnithe ar phointí éiginnte gramadaí agus in éagmais aon fhianaise go raibh eagrán athbhreithnithe á réiteach ag Rannóg an Aistriúcháin, bheartaigh an Coiste Téarmaíochta i 2002 tabhairt faoi chúpla pointe a shoiléiriú. Bunaíodh meitheal a raibh ionadaí na Rannóige ar an gCoiste páirteach inti, rinneadh taighde leitheadach agus ullmhaíodh moltaí nua a cuireadh faoi bhráid cainteoirí sa Ghaeltacht, sna meáin agus sa chóras oideachais. Nuair nach raibh aon aiseolas diúltach tagtha isteach faoin gcáipéis deiridh, foilsíodh í ar shuíomh Gréasáin acmhainn.ie i 2003 agus in Foclóir Fiontar (2004).
Tháinig borradh mór i réimsí an aistriúcháin, na téarmaíochta agus na foclóireachta thart ar an am céanna ar chúiseanna gaolmhara ach neamhspleách ar a chéile – Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tionscadal téarmaíochta focal.ie, tionscadal nua foclóireachta, stádas nua na Gaeilge san AE, tionscadal téarmaíochta IATE (bunachar téarmaíochta institiúidí an AE), córas creidiúnaithe d’aistritheoirí, agus cúrsaí nua ollscoile san aistriúchán agus sa téarmeolaíocht. Bhí an leagan nua den chúpla riail a mhol an Coiste Téarmaíochta in úsáid ag go leor de cheal aon eagráin athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil.
Bhí an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ar an eolas faoi na cúrsaí seo agus ba mhinic é ag tagairt don ghá le caighdeán athbhreithnithe. Bhunaigh sé aonad aistriúcháin taobh istigh dá Roinn féin agus an chéad chúram a leag sé ar an aonad ná eagrán athbhreithnithe den chaighdeán a ullmhú. Ullmhaíodh plean don athbhreithniú agus ceapadh Coiste Athbhreithnithe - ionadaithe ó na ceantair éagsúla Ghaeltachta, ó na hollscoileanna, ón Roinn Oideachais agus ó bhrainsí éagsúla den chóras oideachais, ó na meáin, ó réimsí na foclóireachta agus na téarmaíochta, ó réimsí na foilsitheoireachta, na scríbhneoireachta agus an aistriúcháin. Tugadh cuireadh do Rannóg an Aistriúcháin ionadaí a chur ar an gCoiste ach níor glacadh leis an gcuireadh. Tháinig na baill chuig cruinnithe, léigh agus phléigh siad cáipéisí agus rinne moltaí. Cuireadh na moltaí a bhí á ndéanamh ar fáil mar phróiseas comhairliúcháin leis an bpobal ar shuíomh Gréasáin na Roinne agus chuir baill den phobal aiseolas ar ais. Bailíodh agus cíoradh é agus cuireadh an oiread agus ab fhéidir de san áireamh sa cháipéis deiridh. Ag cruinniú deiridh an Choiste Athbhreithnithe ar 15/6/2011, aontaíodh an cháipéis agus cuireadh in iúl do na baill go gcuirfí faoi bhráid an Rialtais í agus go bhfoilseofaí í an samhradh sin. Ach ní mar sin a tharla.
Athrú Rialtais
Bhí athrú rialtais ann i Márta 2011 - agus athrú poirt faoin eagrán nua den chaighdeán. Tar éis scor an Choiste, bhí ráflaí ag dul thart go raibh an t-aonad aistriúcháin le scor agus a fhoireann le haistriú isteach i Rannóg an Aistriúcháin, agus go raibh an cháipéis a d’ullmhaigh an Coiste le bronnadh ar an Rannóg agus gurbh í a bheadh freagrach as a fhoilsiú (nó gan a fhoilsiú). Tharla na rudaí sin, agus níor tháinig éinne i dteagmháil le baill an Choiste ina dhiaidh sin.
D’fhoilsigh an Rannóg eagrán athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil i mí Iúil 2012. Níl aon tagairt ann don obair a rinne an Coiste Athbhreithnithe ná don aiseolas a fuarthas ón bpobal. Ní hionann agus eagrán 1958, níl tagairt ar bith i réamhrá an eagráin nua do chomhairle nó teagmháil leis an bpobal. Seo an méid a deirtear faoi bhunús an eagráin nua:
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le foireann rannóg an Aistriúcháin as an obair atá déanta acu chun an leagan athbhreithnithe seo a sholáthar (CO 2012,8).
Níl aon chomparáid idir an meon seo agus an meon a léiríodh i réamhrá eagrán 1958. Cé go dtugtar cuireadh don phobal i réamhrá eagrán 2012 aiseolas a chur isteach i gcomhair eagráin athbhreithnithe eile i gceann trí bliana, cá bhfágann sé sin lucht scríofa is múinte na Gaeilge san idirlinn?
Chun údarás na Rannóige ar fhoilsiú agus athbhreithniú an Chaighdeáin Oifigiúil feasta a dhaingniú, tá Bille (nó leasú ar bhille) ullmhaithe, agus cuireadh faoi bhráid an tSeanaid é ar 18/9/2012, áit a ndeirtear:
ciallaíonn ‘‘An Caighdeán Oifigiúil’’ caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge (An Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2012 [Seanad]
Tabhair faoi deara go ndeirtear ‘mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge’. Is trua gur lig an Rialtas do chúram ghramadach na Gaeilge iompú ina chnámh spairne pholaitiúil. A leochailí atá staid na teanga, an teanga liteartha is sine san Eoraip lasmuigh den Ghréigis atá fós á labhairt - agus í i mbéal báire ag lucht polaitíochta.
Tá léirmheas le hAntain Mac Lochlainn ar an eagrán nua le léamh ag http://www.aistear.ie/news-details.php?ID=33