AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Coimhéad na daoine a théann thar fóir le beartais uaillmhianacha, nó seolfaidh siad Elvis féin as MacDonalds ar chúrsaí Gaeilge. Tá Balor faoi iontas.

Íomhá
Nollaig na mBan agus Nell Mo Mhuirnín le Corn Dál Riada
Íomhá
Maithe agus Móruaisle Uí Chuinneagáin
Íomhá
Maitias Seosaimh
Íomhá
Eachra Mhanannáin ag rásaíocht ag Chionn Ghlinne

Níl cloigeann Bhaloir thar mholadh beirte i ndiaidh dó pilleadh ó Fheis na nGael i Milwaukee. Deir sé nach bhfuil sé sásta dul isteach go mion sa scéal nó go mbíonn an chuma chéanna gach bliain ar thuras na nGael chuig an Oileán Úr. “Ground Hog Day” a deir Leamh Ó Cuinneagáin, agus é ag tagairt don mhéid céanna borgairí agus stéigeacha caoldroma a itear gach bliain agus don mhéid céanna piontaí leanna a óltar. Ní athraíonn ó bhliain go bliain ach na buíonta ceoil a fhaigheann cuireadh go Gaeltacht Milwaukee, an t-ionad is mó ráchairt ar Pháirc na Féile cois locha.

I mbliana, mar shampla, bhí Na Ciotacháin ar an ardán ann: mar atá Matthew Joseph James Ó Fátharta; Gearóid Ó Mórghuth; Nollaig na mBan Ní Leery; Brains Ó Cuinneagáin; May Mac Ránais agus Joe Lena Ó Doornail.

Anuraidh bhí Na Bosacháin ar an ardán: Joe Lena Ó Doornail agus May Mac Ránais; Nollaig na mBan Ní Leery; Brains Ó Cuinneagáin; Gearóid Ó Mórghuth; agus Matthew Joseph James Ó Fátharta.

An bhliain roimhe sin bhí Na Crúbacháin ann: Nollaig na mBan Ní Leery; May Mac Ránais agus Joe Lena Ó Doornail; Gearóid Ó Mórghuth; Brains Ó Cuinneagáin; agus Matthew Joseph James…

Tá Louis Walsh go mór in éad le bainisteoir na mbuíonta éagsúla áirithe seo, Emer de Mars Barra. Tá Walsh i ndiaidh táille ard a íoc le Mars Barra ar chúrsa bainisteoireachta a mhairfidh deich lá agus deich n-oíche, ach tá Balor ag déanamh go mbeadh Louis fós in áit na leathphingine fiú dá ndéanfadh sé cúrsa deich mbliana léi.

Maithe & na Móruaisle Meallta Aige

Ós ag caint dúinn ar Leamh Ó Cuinneagáin, tá ceist mhór ag Balor na Súile Nimhe: cén draíocht atá ag fear Odious Gael a mheallann daoine clúiteacha go dtí an coláiste sin i nGleann Cholm Cille? Tá Balor den bharúil láidir go bhfuil Ó Cuinneagáin i ndiaidh a anam a dhíol leis an Diabhal. Níl míniú ar bith eile ar an scéal. Níor leor dó Uachtarán na hÉireann agus iar-Uachtarán na hÉireann a bheith ag freastal ar an chúrsa ann – duine acu ar feadh ceithre bliana déag agus an duine eile díreach tosaithe i mbliana; beirt ambasadóirí de chuid na Breataine; ambasadóir na Sualainne; airí rialtais agus teachtaí Dála agus seanadóirí…

Cé a shamhlaigh go dtabharfadh Daniel cuairt ar Ghleann i mbliana? Ní Daniel Day Lewis atá i gceist agam, ná Daniel Boone; ní Daniel Radcliffe a bhí ann, ná Daniel Craig; ach Daniel O Donnell, an Daniel is clúití ar domhan, réalta Thír Chonaill agus réalta na hÉireann. Ní cuairt lae a thug Our Daniel ar Odious Gael i mbliana, áfach; ní cuairt seachtaine fiú, ach cuairt choicíse – é ag foghlaim na Gaeilge agus an damhsa ar an sean-nós. “Tá an Ghaeilge ar a thoil aige anois, ach beidh air teacht ar ais an bhliain seo chugainn le cur lena bhfuil foghlamtha aige,” a mhaígh Ó Cuinneagáin.

Tá Daniel i ndiaidh a ghealladh go mbeidh ar a laghad amhrán amháin i nGaeilge á cheol aige ar an chéad diosca eile dá chuid a eiseofar. Tá Ó Cuinneagáin i ndiaidh a ghealladh go mbrisfidh sé dhá chois Daniel mura mbeidh – agus go gcuirfidh sin deireadh gasta lena dhamhsa ar an sean-nós.

Tá Ó Cuinneagáin i ndiaidh airgead a fháil ó Údarás na Gaeltachta fá choinne ráschúrsa a thógáil sna dumhcha os comhair Oideas Gael. Ní ráschúrsa fá choinne capall a bheas ann, ach raon rásaí fá choinne coisithe. Tá fear Ghleann Cholm Cille i ndiaidh a fhógairt go mbeidh Usain Bolt agus Mo Farah ag teacht go Gleann ag foghlaim na Gaeilge an bhliain seo chugainn, agus ós rud é nach dtig leis an bheirt sin lá ar bith a chur isteach gan cúpla uair a chloig a chaitheamh ar an raon, tógfar raon rásaí ar leith os comhair an Choláiste. Tá ardán le tógáil taobh leis an Choláiste – ardán a choinneoidh trí mhíle duine gan stró – agus beidh na ticéid ar fáil ó Ticketmaster faoi dheireadh na míosa seo, dar le Ó Cuinneagáin.

Ná hAithris an Scéal

Táthar ag súil le slua mór a bheith i láthair ar an dara lá déag Iúil an bhliain seo chugainn nuair a bheidh Mo ag máirseáil seachas ag reathaidh thart ar an chúrsa, sais thar a ghualainn aige, agus an slua ar fad ag canadh in ard a gcinn in éineacht leis: “The Sash Mo Farah Wore”.

togra beag eile idir lámha ag Ó Cuinneagáin don bhliain seo chugainn. Tá sé ina rún daingean agus níl cead againn é a fhógairt. Baineann sé le Michael Phelps agus Ryan Lochte as Meiriceá agus Enrí Ó Dónaill as Tír Chonaill, agus snámhrás ó Chuan Ghleann Cholm Cille thart ar Oileán Thoraí, thart ar Árainn Mhór, thart ar Oileán Thoraí arís, thart ar Reachlainn i gContae Aontroma, thart ar Oileán Thoraí arís agus abhaile le haghaidh dinnéir de sceallóga agus iasc sa Chistin i nGleann.

Agus lánchosc á chur aige ar fhocal ar bith den scéal seo a sceitheadh roimh mhí Eanáir, dúirt bainisteoir Lochte agus Phelps le Ó Cuinneagáin: “Do not repeat a word of this to anyone.”

“Maith go leor,” arsa Ó Cuinneagáin, agus rinne sé beart de réir a bhriathair nuair nár inis sé an scéal do Bhalor ach an t-aon uair amháin. Beidh ticéid á ndíol aige don rás seo fosta, dar ndóigh, agus tá obair tosaithe cheana féin ar ardán mór ar Cheann Ghlinne, agus ar cheann eile ar Chionn Mhálanna, agus ar an tríú ceann ar an Bhinn Mhór i gContae Aontroma. (Beidh deontas fial á fháil fána choinne seo ó Rialtas na Breataine –ach tá sé sin ina rún daingean fosta.)

“Níl ann ach an tús,” a dúirt Ó Cuinneagáin le Balor, agus é ag caint faoi na hionaid spóirt agus na háiseanna don phobal a bheas ar fáil i nGleann ar an bhliain seo chugainn. “Níl cúis ar bith nach dtiocfadh na Cluichí Oilimpeacha go Gleann? An bhfuil? Nach mbeadh pobal s’againne i dteideal na cluichí a bheith againn chomh maith le pobal ar bith eile ar domhan?” a d’fhiafraigh sé de Bhalor. “Ó, tá mórán daoine ar do shon,” a dúirt Balor leis. “Ach tá sé sin ina rún daingean fosta.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.