AR NA SAOLTA SEO
Ceart Slí Fós gan Réiteach
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Ní thig leis an tír seo teacht i dtír ar thurasóireacht siúlóide gan dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le cearta fánaíochta dar le Breandán Delap

Íomhá
Dreapa mar chuidiú
Íomhá
Cosán agus fáilte
Íomhá
Ní comhairle Shorcha Mhóir é
Íomhá
Stair
Íomhá
Siúlóid Evans go Sgurr na Cìche ar Oileán Diùra

Cothrom an ama seo ceithre scór bliain ó shin, tharraing breis is 500 siúlóir as ceantair thionsclaíochta i Manchain agus i Sheffield ar Kinder Scout i gCeantar na gCruach, Derbyshire. Bhí siad ag tabhairt dúshláin do thiarnaí talún a bhí ag iarraidh stop a chur lena gcuid fánaíochta. Chreid siad gur cheart go mbeadh sé de chead acu siúl trí thalamh oscailte fiú is dá mba thalamh phríobháideach a bhí ann. Theip ar iarrachtaí maoir sheilge agus tiarnaí talún áitiúla an eachtra ollfhoghla seo a stopadh ach gabhadh, ciontaíodh agus daoradh chun príosúin cúigear den lucht agóide as ‘gríosú chun círéibe.’ In ainneoin sin, amharctar ar an eachtra anois mar chéim thábhachtach san fheachtas chun cead slí a thabhairt don ghnáthdhuine i gceantair thuaithe. Ba as sin a d’eascair an reachtaíocht chun Páirceanna Náisiúnta a bhunú i 1949 (ceantar Kinder Scout ina measc) agus an reachtaíocht i 2000 a thug Cead Slí Deimhnithe do dhaoine ar cheithre mhilliún acra de thalamh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Go deimhin thug an Tiarna Roy Hattersley “the most successful direct action in British history” ar an eachtra ollfhoghla a tharla ar Kinder Scout sa bhliain 1932.

Bogaimís chun cinn ochtó bliain anois go hÉirinn áit a bhfuil fiacha troma á mbagairt ar bheirt shiúlóirí a ghlac seasamh den chineál céanna. Rialaigh an Ard-Chúirt le déanaí i bhfábhar úinéir talún i gCill Mhantáin a mhaígh nach raibh aon chead slí trasna a chuid talún. D’éirigh le Joseph Walker urghaire cúirte a fháil le stop a chur le siúlóid a bhí eagraithe ag Chumann Shiúlóirí Áth na Sceire agus a chuaigh trasna 500m dá chuid talún i Meán Fómhair 2008. Mhaígh beirt bhall den chumann, Niall Lenoach agus Noel Barry, go raibh bóthar poiblí sa cheantar ón bhliain 1760 ar a dtugtaí ‘Seanbhóthar an Chóiste.’ Shéan an tUasal Walker go raibh a leithéid de bhealach ann agus rialaigh an Ard-Chúirt ar a shon i mí Feabhra seo caite.

Iarmhairt Seansaoil

Fágann an rialú seo go bhfuil bille mór costaisí le híoc ag na cosantóirí agus go bhfuil an tseanchoimhlint idir cearta an duine aonair thar an leas coiteann ina steig meig. Déarfadh lucht siúl sléibhe, ar láimh amháin, gurb é an leas coiteann é cead a thabhairt d’achan saoránach a bheith ag spaisteoireacht faoin tuaith ina thír féin, spreagadh a thabhairt do chleachtadh coirp amuigh fán spéir agus borradh a chur faoi gheilleagar turasóireachta na tíre. Ar an láimh eile, aithnítear cead an úinéara a chuid sealbhúchas a chosaint ó thréaspas agus ó aon dochar a bhféadfadh a tharlú dá réir. Is coimhlint í seo a théann go smior i bpobal na hÉireann de thairbhe an dearcadh fadbhunaithe atá againn i leith úinéireacht talún, dearcadh a d’eascair cuid mhaith ón Drochshaol, ó Chogadh na Talún agus ónár n-oidhreacht iarchóilíneach. Is coimhlint í fosta nach toil le polaiteoirí na tíre a bheith sáite ann.

Ar ndóigh, b’aighneas thar a bheith binibeach a bhí i gceist i gcás Áth na Sceire agus mhol an Breitheamh John McMenamin gur cheart go mbeadh iachall feasta ar na páirtithe dul i mbun eadrána i gcaingin dá leithéid. D’admhaigh sé fosta go raibh ‘cás láidir’ le déanamh le go leasófaí dlí na Éireann i leith cead slí.

Ar ndóigh, tá córas eadrána náisiúnta i bhfeidhm sa tír ón bhliain 2004, tráth ar bhunaigh an tIar-Aire Éamon Ó Cuív Comhairle na Tuaithe le réiteach a aimsiú ar aighnis idir feirmeoirí agus siúlóirí agus le clár oibre náisiúnta a chur ar bun ina leith. Is beag dul chun cinn atá déanta acu ó shin, áfach, agus leanann an tsáinn. Ins an idirlinn, níl an tír ag baint an bhuntáiste cheart as áis iontach turasóireachta a mheallann an iliomad siúlóirí go tíortha eile san Eoraip. Go bunúsach, níl ach 1% de talamh an stáit i bPáirc Náisiúnta. Tá tuairim is 8,300 km de bhealaí siúlóide ann atá ag brath ar ‘rochtain ceadaitheach’, ceart siúil gur féidir a tharraingt siar am ar bith. Tá breis is céad siúlóid lúibe agus 16 cosán fad-achair sa tír ach is ar bhóithre poiblí, seachas i bhfiántas na gcnoc, a bhíonn go leor acu sin chun fadhbanna rochtana a sheachaint. Níl aon saoirse fánadóireachta ar thalamh ard in Éirinn mar atá i dtíortha eile.

Ceist Chigilteach Abhus

Cén t-iontas mar sin gur ag tarraingt ar na tíortha eile sin a bhíonn turasóirí a bhfuil suim acu i siúl sléibhe. Tá os cionn 225,000 km de chead slí i Sasana agus 36,000 km sa Bhreatain Bheag, mar shampla, agus is páirceanna náisiúnta iad 9.3% agus 20% de thalamh na dtíortha sin fá seach. Tá pleananna ar bun chun cosán a thógáil timpeall ar chósta na Breataine ina iomláine. Is cead siúl traidisiúnta é an ‘Betretungsrecht’ sa Ghearmáin a bhronnann saoirse fánadóireachta ann agus tá an cheathrú chuid de thalamh na tíre faoi úinéireacht Pháirceanna Náisiúnta. Is ionann an cás sna Críocha Lochlannacha áit a bhfuil ‘allemannrettan’ i bhfeidhm, sé sin cead fadbhunaithe siúil i mbeagnach achan áit, a fhad is go gcloítear leis an chód tuaithe atá leagtha amach. Is fada sin, ó na sconsaí le sreang deilgneach agus na comharthaí doicheallacha atá breactha ar fud na tíre seo.

Is í bun agus barr na faidhbe in Éirinn ná nach bhfuil aon reachtaíocht againn a thugann cead don saoránach talamh na tíre a shiúl. Ceist chigilteach a bhí ina leithéid de reachtaíocht i dtíortha eile sular tionscnaíodh é. In Albain, mar shampla, chuir go leor feirmeoirí go fíochmhar in éadan an Acht um Leasuithe Talún a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 2005. Is píosa tábhachtach reachtaíochta é seo mar go n-aithníonn sé gurb é an leas coiteann é cead siúil a thabhairt don phobal ar thalamh phríobháideach. Tugann sé cumhachtaí do na húdaráis áitiúla cead slí a chur i bhfeidhm agus aon bhac ar rochtain phoiblí a bhaint.

Tuairiscítear go bhfuil na feirmeoirí ag glacadh go drogallach leis an dlí úr agus go bhfuil borradh suntasach tagtha faoin ghné áirithe sin den turasóireacht ó shin. Bhí a leithéid de reachtaíocht de dhíth mar gur tionscal mór é an siúl sléibhe in Albain. Níl aon chúis nach amhlaidh a bheadh an scéal anseo fosta.

Tarraingt na gCos

Gan a mhacasamhail de reachtaíocht is i gcúirteanna na tíre a shocrófar aighnis den chineál seo. An ar leas na tíre i ndáiríre é go mbeadh pobail áirithe in adharca a chéile i gcásanna fadálacha dlí ar nós an ceann a tharla i dTeach Lios an Daill i gContae Shligigh le blianta beaga anuas chun cead slí a chaomhnú ar an eastát? Luach €6.2m de chostais dlí a bhí mar thoradh ar an chaingean áirithe sin go dtí seo agus tá achomharc ar an bhreithiúnas ar na bacáin. Gan reachtaíocht fhánadóireachta a achtú leanfar ag saibhriú dornán beag daoine sa leabharlann dlí fad is a cheilfear áilleacht na tíre ar thromlach a chuid saoránach.

Ach ní thig aon phlé a dhéanamh ar an ábhar seo gan trácht ar Bhunreacht na hÉireann. Bhí an Cumannachas ina bhagairt ar fud na hEorpa ag am a dhréachta agus d’fhág an eaglais a hanáil ar na haltanna úd a bhaineann le sealbhúchas agus le príobháideachas. Maíonn úinéirí talún dá réir sin go dtugann an Bunreacht cosaint dá gcearta cead a thabhairt nó cosc a chur ar éinne a bheadh ag iarraidh cos a leagan ar a gcuid talún. Is cinnte go mbronnann an Bunreacht cuid mhór cearta ar úinéirí talún ach le fainic amháin, go dtabharfaí aird chuí ar ‘leas an phobail.’ Go deimhin b’é an tuairim a nocht Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ar an ábhar cúpla bliain ó shin ná nach bhfuil aon leasú bunreachtúil de dhíth ’to secure a balance through legislation between the rights of individual owners and the common good.’

Is faoin Dáil atá sé mar sin a mheas cá dtiteann an leas choiteann sa chás áirithe seo. Thig réiteach simplí a fháil a bheadh go mór ar leas gheilleagar na tíre ach an toil pholaitiúil a bheith ann reachtaíocht fánadóireachta a achtú. Fad is atá polaiteoirí na tíre ag tarraingt na gcos ar an cheist ná bímis ag súil go dtarraingeoimid lucht na gcos ar an tír!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.