AR NA SAOLTA SEO
An Spáinn sna 1930aidí agus Cur i gCoinne 2012
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhí Tony Birtill ag taispeántas grianghraf i Learpholl a thug léargas ar an troid in aghaidh an Ghinearáil Franco breis is trí scór bliain ó shin. Bhí teannas go leor le brath le linn mórshiúil ag an am céanna.

Íomhá
Sheila Deegan, iníon Frank, le meirge na briogáide
le Tony Birtill
Íomhá
Meirge móide sliocht ó Jack Jones
le Tony Birtill
Íomhá
Tony Mulhearn, Cogadh Cathardha na Spáinne
le Tony Birtill
Íomhá
Len Mc Cluskey ag an taispeántas
le Tony Birtill

Ba é Len Mc Cluskey, ardrúnaí an cheardchumainn is mó sa tír, UNITE, an príomhchainteoir ag oscailt taispeántas grianghraf faoin Bhriogáid Idirnáisiúnta sa Casa Club i Learpholl i mí Mheán Fómhair. Is de bhunadh Éireannach é Len Mc Cluskey agus d’fhreastail muid ar an scoil chéanna leis na Bráithre Críostaí i Learpholl agus, ag fás aníos, chuala muid na scéaltaí céanna faoi na 200 laochra áitiúla a chuaigh go dtí an Spáinn le troid i gcoinne fhaisistigh an Ghinearáil Franco idir 1936 agus 1939.

De bhunadh Éireannach cuid mhaith acu, agus tá siad le feiceáil sa taispeántas buan seo: daoine mar an Ceannaire Paddy O Daire, as Dún na nGall, Paddy Donovan, John Patrick Murphy, James Larkin Jones (Jack Jones), Patrick Brady agus Charlie Martinson, as Baile Átha Cliath ó dhúchas, atá i measc príosúnach sa ghrianghraf a tarraingíodh tar éis Cath Jarama i 1937. Tá Frank Deegan agus Jack Jones le chéile i ngrianghraf amháin. Chuir mé agallamh ar Frank don Irish post i mí Lúnasa 1986, 50 bliain tar éis thús an chogaidh sa Spáinn. Foilsíodh a dhírbheathaisnéis, There’s No Other Way, i 1980 agus bhí fotheideal “One of the Liverpool Irish” faoina ainm ar an chéad leathanach. Sin an teachtaireacht chéanna a scríobh sé ar bhalla an dúin in Figueras na Spáinne i 1937 tar éis dó siúl trasna na bPiréiní le bheith ina bhall den Bhriogáid Idirnáisiúnta. Fuair sé bás i 1991 ach thug a iníon, Síle, grianghraif don taispeántas sa Casa Club, atá suite i Hope Street sa chathair. Dúirt Len Murray leis an slua mór: “I had the honour to work with Frank Deegan on the docks. I had the pleasure to be in his company many times” agus spreag sé daoine a dhírbheathaisnéis a léamh: “It is written in the way only a Liverpool docker could write” a dúirt sé linn.

Ullmhúchán don Uafás

Mhol Mc Cluskey Jack Jones (1913-2009) fosta. Iarcheannaire an TGWU ab ea é, an ceardchumann a tháinig le chéile le Amicus chun UNITE a chruthú i 2007. Rugadh Jones i 1913, nuair a bhí Learphollach eile de bhunadh Éireannach, Jim Larkin, ina cheannaire ar an fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath, eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar thuismitheoirí Jones agus baisteadh ‘James Larkin Jones’ air.

Bhí baill den mheánaicme sa Bhriogáid Idirnáisiúnta in éineacht leis na dugairí agus sclábhaithe tógála srl., cuirim i gcás James R. Jump, a rugadh i 1916 i Wallasey, trasna na habhann Merswy ó Learpholl. Iriseoir ab ea é agus gortaíodh é i gCath Ebro. Phós sé Spáinneach agus scríobh sé 14 téacsleabhar faoin tír sin, The Penguin Spanish Dictionary a foilsíodh i 1990 ina measc. Is iriseoir a mhac James fosta, agus tá sé ina rúnaí de Iontaobhas Cuimhneacháin na Briogáide Idirnáisiúnta agus labhair seisean ag an ócáid chomh maith.

Rugadh James Larkin i Learpholl Theas, cúis mórtais do na hÉireannaigh ansin agus d’eagraigh The James Larkin Society agus Cairde na hÉireann mórshiúl i gcuimhne na Briogáide Idirnáisiúnta i mí Dheireadh Fómhair. Rinne siad bratach don ócáid le sliocht scríofa de chuid James Larkin Jones air: “We believe that there can be no compromise between fascism and the democratic ideals for which we ourselves have come here to fight.”

Saol na Linne

Ar an drochuair, tá faisisteachas feiceálach arís i Sasana faoi láthair, agus cé go mbíonn a bhforéigean dírithe ar na Moslamaigh an chuid is mó den am, tá na hÉireannaigh ar a liosta fuatha go fóill. Rinneadh iarracht bac a chur le mórshiúl Éireannach i Mí Iúil i Learpholl (Irish Times 23/7/12) ach theip orthu agus labhair Billy Steel, Ardrúnaí The Communication Workers Union ag slógadh ag an deireadh.

Chun trioblóid a sheachaint, ní raibh poiblíocht roimh ré. Bhí an mórshiúl i mí Dheireadh Fómhair le bheith ann ar dtús, ach fuair na faisistigh scéala faoi agus rinne siad feachtas ar an idirlíon ina choinne. Mar sin, bhí an dream frith-Mhoslamach The North West Infidels i láthair, chomh maith leis an National Front, BNP, baill den ord Oráisteach agus Combined Ex-Services (CXF). Bhí siad gléasta i gcasóga cochaill dubh agus bhí aghaidheanna fidil sciála á gcaitheamh acu.

Is cuma leis na dreamanna faisisteacha faoi theideal an mhórshiúil - más mórshiúl Éireannach atá ann, is mórshiúl de chuid an IRA é, dar leo agus lean siad iompar na mbannaí fífeanna ag scairteadh amach maslaithe frith-Éireannacha. Cé go bhfuil seo in aghaidh an dlí, ba chuma leis na póilíní faoi agus bhí orainn cur suas leis. Go minic, ag agóidí na heite clé, déanann na póilíní ‘kettling’ le daoine atá ag déanamh trioblóid, dar leo. Is é sin, cuireann siad tródam umpu chun iad a choinneáil in aon áit amháin. Ní dhearna siad amhlaidh leis na faisistigh, áfach, agus lean siad an mórshiúl go dtí an ceann scríbe.

Labhair Paul Jenkins ó Unite Against Fascism i slogádh sa club Éireannach, chomh maith le Aengus Ó Snodaigh, TD. “Sílim gur éirigh go maith leis an mórshiúl inniu” a dúirt sé liom. “Tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil ar an troid in aghaidh an fhaisisteachais, go mór mór i Learpholl. Ach is trua go raibh faisistigh le feiceáil ar shráideanna na cathrach seo inniu.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.