AR NA SAOLTA SEO
Corsica – Oileán faoi Rún
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Le barr spéise sa Chorsaicis agus i scéal na teanga a thapaigh Diarmuid Johnson a dheis le cuid de shaol an oileáin a bhlaiseadh.

Íomhá
Seanchleachtadh na buachailleachta
Íomhá
Aillte crochta na Corsaice
Íomhá
Rian na troda, loirg urchair
Íomhá
An Dún faoi scáth an tsléibhe
Íomhá
Siopa éisc sa Chorsaic

I mbaile Corte, leath bealaigh idir Bastia agus Ajaccio i sléibhte móra mursanta Chorsica, tá dún ar chreig a thugann léargas breá ar stair na háite. Fogha agus cúlú, cosaint agus cos i dtaca: tá cuid mhór d’imeachtaí an oileáin ó thús ama cuimsithe sa mbeagán focal sin. Ba de bhunadh an oileáin Christopher Columbus. I ndúnáras Calvi cois farraige a rugadh é, agus má chuir a chuid fiosrachta thar sáile go Meiriceá é, ní raibh ansin ach cuid den eachtraíocht a bhí i gcnámha a shinsear. Ach ní le spéis i nduine ar bith de shliocht an oileáin, Napoleon ina measc, a chuir mé féin romham cois a leagan ann. Lenár linn féin, ba mhór i gceist cás Chorsica: an teanga, an náisiúnachas, an treabhachas, an fiántas diamhair, an foréigean ainnis. Nuair a fuair mé cuireadh ann, thapaigh mé an deis.

Jacques Thiers ab ainm agus ba shloinne don fhear tionlacain a bhí agam ar an oileán. Ag tiomáint dúinn faoi scáth na mullaí scáfara agus an airde mhearbhallach ag tarraingt an chroí agus na hanála aníos trí mo scornach, mhínigh Jacques Thiers dom gur leagan de chanúint Toscani na hIodáile atá i dteanga na Corsaise ach go bhfuil iarsmaí ann den chaint a bhí ar an oileán roimh aimsir na Laidne. Fochanúint de chuid na hIodáile i gcríocha Phoblacht na Fraince mar sin. Bhí eolas eile aige a bhí gar don fhiacail. Meastar go bhfuil 18,000 muca allta ar an oileán. Bíonn fiach mór orthu de ghrá a gcuid feola. Is gearr go bhfaca mé cloigeann toirc crochta ar gheata agus na starrfhiacla fada ag gobadh amach go santach.

Teach Bia den Seandéanamh

I mbaile Chorte a sheas muid faoi am lóin. ‘Suas anseo,’ arsa Jaques nuair a bhí an carr parcáilte aige. Maidir le bialann ar bith, shílfeá gur ag réiteach an bhealaigh don chustaiméir a bheidís. Ní raibh cosán féin isteach san áit ar thug Jaques mé, ach staighre, agus droichead cúng thar sruthán. Cromadh ansin faoi áirse íseal, agus isteach thar an táirseach. Seoladh síos go tóin a’ tí sinn. Bhí seanphictiúir dubh is bán ar na ballaí: sealgairí an bhaile agus an chreach faoi leathchois acu. Coinnleoirí móra adhmaid ar crochadh ón tsíleáil íseal. Gan fuinneog dá laghad ann. Tháinig bean a’ tí, bád breá mná, agus gach ribe ar a ceann chomh dubh leis an bhfiach. Labhair sí Corsaicis le mo chéile bóthair. Agus d’ordaigh muid feoil toirc.

An té a bheadh siúlach in Éirinn sna hochtóidí, bhí ceist mhór amháin ina chroí: ‘cén fáth a mbíonn na daoine ag marú a chéile?’ Is ceist é a cuirtear orm féin fós ó am go chéile san iasacht: ‘cén fáth a mbíodh na Críostaithe ag marú a chéile?’ arsa Muslamach liom uair, ‘nach mar a chéile iad?’ Nuair a shíl mé mo dhóthain aithne a bheith agam ar Jaques, chuaigh mé sa seans ar an gceist chéanna.

An scliúchas seo,’ adeirim, ‘céard é féin...?’
An sliabh agus an cladach,’ arsa fear na háite.
‘An sliabh agus an cladach?’ arsa mise.
‘Fadó, bhí dhá chineál talún ag gach teaghlach, ag muintir gach baile. Chaithidís cuid den gheimhreadh ar na taltaí ísle, ach sa samhradh theastaigh an cimín sléibhe ó na beithí. Nuair a roinneadh an talamh faoi Phoblacht na Fraince, roinneadh an cladach agus an talamh chimín óna chéile. Ach tá na daoine ag buachailleacht anseo leis na cianta. Ní fhéadfaidh siad gan na beithí a chur ar an sliabh.’
Tuigim,’ arsa mise.

Faoin am seo bhí an teach glanta agus gan fágtha ach muid féin agus cuid den dá ghlúin – óg agus aosta – nach raibh deifir na hoibre orthu. Sin í an uair a chuala mé rud is féidir a chloisteáil i gConamara fós, ó am go chéile: fear 70 bliain d’aois agus páiste cúig bliana ag comhrá lena chéile go blasta, dúchasach i dteanga na háite.

‘Tá Corsaicis ag an lad óg,’ arsa mise.
‘Fan go dtéann sé ar scoil, muis!’ arsa Jacques.

Údar an Luathéirí

Ní le fonn a thug mé cúl leis an uaigneas agus leis an maorgacht mhór a bhí i mo thimpeall an dá lá sin. Eitilt ó Bhastia go Páras a bhí orm le moch maidne arna mhárach. Agus suí in óstán dhá réalt go mbualfadh an cloigín mallaithe i bpoll na cluaise agus gan déanta agam ach dhá néal codlata. Ach – mar a dúirt an fíodóir lena mhac – ní mar a síltear a fítear. Ag a naoi a’ chlog an oíche sin, aníos trí chláracha an urláir, céard a chloisfinn ach dordghlórtha doimhne buíon fear ag fonnadóireacht sa mbeár. Síos liom de rite reaite. Mórsheisear ógánach a bhí istigh romham. A bhformhór taobh an chliabháin den scór. Bhí siad ina dtost. Cluiche peile ar an bpeilifís. Nod ón gceann foirne ansin, agus seacht nglór ag éirí mar a bheadh macalla i ngleann sléibhe. Mhair an t-amhrán cheithre nó chúig nóiméad. Nuair a bhí deireadh ráite ag na lads, chaith siad siar a gcuid deochanna, agus thug an doras amach orthu féin. Les chants polyphoniques corses: tá cáil orthu ar fud an domhain. Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.