AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Thug Balor cuairt ar Bhancríona na hEorpa, féachaint an raibh rud ar bith eile a dtiocfadh leis na Gaeil a dhéanamh di.

Íomhá
Ceannáras Mhícheáil Uí Nuanáin
(le ArcCan ar Vicipéid)
Íomhá
Clogad an Aingil
(le DonkeyHotey ar Flickr)
Íomhá
Teach Lion
(Time Magadhzine)
Íomhá
An tAire Ó Nuanáin
(le David Nowak ar Vicipéid)

Bhí a fhios agaibh go raibh Balor calma curata, a chairde, ach an raibh barúil ar bith agaibh díreach cé chomh cróga is atá laoch na litríochta? Bhuel, ag deireadh na míosa seo caite thug sé cuairt neamhoifigiúil ar Bhanríon na hEorpa, Angela Regina Merkel (ARM mar ghiorrúchán) ceannaire neamhthofa na hEorpa. Maíonn sí nach neamhthofa atá sí, nó gur thogh sí í féin, agus nach raibh sé de dhánacht ag duine ar bith cur ina coinne.

I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire. B’éigean do Bhalor bocht cur go mór lena árachas taistil nuair a chuala lucht an árachais cén áit a raibh a thriall.

Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin san fhómhar, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, ghléas Balor é féin fá choinne an tsiúil: clogad crua fána chloigeann caomh, dlochtán creamha ceangailte go docht thart ar a mhuineál, sciath titanium crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheis agus dhá gha ina dhóid eile. Agus nuair a chonaic a chairde é gléasta mar a bhí, dúirt siad go mba mhór an trua é a bheith ag scaradh leo, nó nach raibh fear ar bith ar an domhanchlár a tháinig riamh slán abhaile ó Chaisleán na Banríona. [& ní ‘Bancríona’, grma a sheagarthóir]

D’fhág sé slán agus beannacht ag a chairde agus d’imigh leis as go brách agus amach an cnoc. Ba chorrach, aimhréiteach an bealach a bhí aige le dul, ach mar sin féin chuaigh sé ar aghaidh. Ní dhearna sé stad mara ná mórchónaí gur shroich sé caladh agus cuan sa Domhan Thoir. Ansin bhí sé seal ar sodar, seal ar chosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus gleanntáin sléibhe, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog. Sheachain sé an autobahn an bealach ar fad, agus nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éanacha beaga na coille craobhaí ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, thóg sé a cheann agus d’amharc sé uaidh agus caidé a chonaic sé ar bharr cnoic ach an caisleán ba dheise dá bhfaca sé ar bhuille a dhá shúl riamh.

“Bain Díot” arsa an Bhanríon

Anonn leis agus cé a bhí ag fanacht leis ina steillbheatha ag doras an chaisleáin ach Banríon na hEorpa í féin.

“A Bhaloir, a thaisce,” a dúirt sí, “tá mé i ndiaidh lá off a thabhairt do mo chuid saighdiúirí agus searbhóntaí. Níl sa teach anois ach an bheirt againn. Ach ar dtús, ar mhiste leat an buinsín gairleoige sin a bhaint de do mhuineál. Ba mhaith liom teannadh isteach níos gaire duit, ach tá an dlochtán creamha sin ina bhac orm. Bain díot é, maith an fear; agus bain cibé rud eile is maith leat fosta.”

“Arú, a Angela, a thaisce,” a d’fhreagair Balor go borb, “coinneoidh mé an ghairleog san áit ina bhfuil sí, nó is mór an sócúl agus an sólás í, mura miste leat féin. Anois, tá mé i ndiaidh aistear mór fada crua a chur díom le cúpla ceist a chur ort faoin dóigh ar chaith tú le hÉirinn le mí anuas. Ar mhiste leat do dhearcadh a mhíniú dom, le do thoil?”

“Á a Bhaloir, ní chreideann tú gach rud a léann tú sna nuachtáin, an gcreideann? Caidé atá siad ag rá fúm anois? Nó caidé atá Enda ag cur i mo leith anois?”

“Níl ann ach an fhírinne lom, a Angela. Gheall tú faoiseamh dúinn agus ansin dúirt tú ‘Nein!’ Nach fíor sin? Nár loic tú ar an ghealltanas a thug tú d’Enda bocht?”

“Bhuel, a Bhaloir, níor loic mé ar rud ar bith; agus ní nein a dúirt mé ach nine – thug mé nine as ten d’Éirinn as an tsáriarracht atá á déanamh agaibh leis an déine seo. Tá sibh an-mhaith ar fad. Is iontach na buachaillí agus na cailíní sibh in Éirinn. Ach ní haon bhuachaill tusa, a Bhaloir; is fear mór groí gnéasach thú, agus má bhaineann tú an ghairleog sin, míneoidh mé duit cén fáth gur thug mé oíche off, chomh maith le lá off do gach duine sa chaisleán. Bain é sin agus cuirfidh mé cogar isteach i do leathchluais.”

Ar Son na Drúise

“Arú, lá off agus oíche off. Anois feck off, a Angela. Ní tú an chéad bhean a rinne iarracht mé a bhréagadh. Bhí Enda ag rá linn go ndúirt tú go raibh muid ‘speisialta’. Caidé is brí leis sin?”

“Bhuel, tá tusa speisialta, a Bhaloir mo chroí, agus is beag rud nach ndéanfainn ach go mbainfeá an ghairleog de do mhuineál le go dtiocfadh linn teannadh le chéile mar is cóir don bheirt is cumhachtaí san Eoraip.”

Ní thig leat mé a mhealladh, a Angela. Ní bhainfhidh mé an ghairleog agus tá mé domheallta, dochloíte, dobhogtha faoi sin. Ach caithfidh tusa na fiacha a mhaitheamh d’Éirinn.”

“Maithfidh mé na fiacha, ach caithfidh tusa an ghairleog a bhaint.”

“Ní bhainfidh, agus is cuma liom caidé a dhéanfaidh tú. Fiú má mhaitheann tú na fiacha, ní bhainfidh mé mo chosaint.”

“Éist anois, a Bhaloir, tá an caisleán againn dúinn féin. Tá na coinnle ar lasadh agus na tinte fadaithe. Tá an chistin lán bia agus an siléar lán fíona…”

“Caidé sin a dúirt tú faoin chistin agus faoin siléar?”

“Lá bia agus lán fíona, agus tá roinnt bairillí móra beorach sa seomra stórais…”

“Cén áit a gcuirfidh mé an ghairleog lofa seo, a Angela?”

Agus, a léitheoirí dílse, nuair a thiocfaidh an scéal amach go bhfuil ár gcuid fiacha maite dúinn, beidh a fhios agaibh nach d’Enda ná do Michael Noone a bhfuil an chreidiúint ag dul, ach do Bhalor an Laoch, a chroch suas a mhisneach ar son na hÉireann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.