Tá an rialtas ar tí Comhdháil a reáchtáil ar an Bhunreacht. Ríomhann Breandán Delap cuid de na haltanna gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh orthu.
Thug pobal na hÉireann sainordú daonlathach don rialtas seo atheagar ó bhonn a dhéanamh ar chóras polaitíochta na tíre. Maítear i gclár an rialtais go raibh sciar mhaith den locht ‘ar fhabhtanna i gcóras polaitíochta na tíre’ as an ghéarchéim airgeadais ina bhfuilimid. Ní léir domsa go bhfuil an rialtas seo ag dul i ngleic leis na fabhtanna sin. Is beag athruithe atá molta ag an Aire Phil Hogan ar údaráis áitiúla na tíre, cuirim i gcás, agus tá an rialtas ag leanstan leis an ghnás náireach cairde polaitiúla a cheapadh ar bhoird stáit. Sa chomhthéacs sin is beag muinín a bheadh agam as an Chomhdháil ar an Bhunreacht atá geallta fiú is nach bhfuil na dindiúirí fógraithe go fóill.
Tá an chosúlacht ar an scéal gur beag fiacla a bheas ag an Chomhdháil agus nach bhfuil ann ach iarracht mar dhea eile chun cuma na maitheasa a chur ar an rialtas i leith leasú a dhéanamh ar an chóras pholaitiúil. Tá an baol ann fosta go mbainfear feidhm as le ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada. “Beidh an cheist sin á scagadh ag an Chomhdáil ar an Bhunreacht,” an port a chluinfear go minic is dócha sna míonna amach romhainn. Ritheann an íomhá liom den channa smolchaite úd ag fáil greadadh fíochmhar síos an bóthar.
Deis Stairiúil
Anuas ar sin, is beag athrú a d’eascair as beartais dá leithéid san am a chuaigh thart. I 1967 rinne Coiste Dála Uilepháirtí faoi Chathaoirleacht an Iar-Aire Seoirse Ó Colla athbhreithniú ar an bhunreacht mar a dhein scaifte saineolaithe faoi Chathaoirleacht an Dr TK Whitaker i 1996. Rinne na coistí seo scagadh leathan, cuimsitheach ar an Bhunreacht ach níor gníomhadh mórán ar na moltaí a rinne siad. Níor deineadh ach dhá leasú ar an Bhunreacht mar thoradh ar shaothar choiste Whitaker, mar shampla, tagairt do rialtas áitiúil in Airteagal a 28 agus píonós an bháis a chur ar neamhní, cé nár cuireadh i bhfeidhm le fada roimhe sin é.
Tá an baol ann mar sin nach mbeidh sa Chomhdháil ach ardán scaothaireachta eile ar bheagán tairbhe. Ba thrua sin mar tá deis stairiúil ann athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den Bhunreacht atá imithe as feidhm. Níor mhiste a rá go ndearna an Bunreacht reatha freastal maith ar an tír le cúig bliana déag agus trí scór anuas. B’fhada é, fágaim, óna réamhtheachta, Bunreacht an tSaorstáit, a bhféadtaí a athrú trí Acht Pharlaiminte. Ach dálta achan rud eile, tá nithe áirithe de nach bhfuil fóirsteanach do shochaí ilchultúir an lae inniu siocair gur dréachtaíodh é i ré eile.
Tá sé seo le sonrú go soiléir dar liom i mbrollach an Bhunreachta áit a maítear gur ‘in Ainm na Tríonóide Ró-Naofa is tobar don uile údarás.’
I saol ilchultúrtha, ilchreidmheach (agus gan chreideamh) na linne seo, tchítear dom nach bhfuil a leithéid iomlán riachtanach ná fóirsteanach a thuilleadh. San am a chuaigh thart bhain breithiúna áirithe leas as an bhrollach mar leithscéal le dul i muinín shaothar mhórdhiagairí Críostúla ar nós Thomas Aquinas nuair a bhíothas i mbun rialaithe. Cé go raibh teagasc na ndiagairí seo bunaithe ar dhea-luachanna, droch-chleachtas dlí a bhí ann sa mhéid is go raibh sé préamhaithe ar choincheap iontach teibí a bhféadfaí brí leathan a bhaint as. Tá sé le sonrú ón daonáireamh is deireanaí go bhfuil líon na Muslamach, líon na n-inimirceoirí ón chianoirthear agus líon na n-aindiachaithe dulta i méid. Caithfear Bunreacht na hÉireann a chur i bhfóirstean do na daoine sin.
Gnéithe den Uachtaránacht
Ba cheart don Chomhdháil díriú fosta ar Airteagal a 12 a bhaineann le hUachtarán na hÉireann. Faoi láthair ní mór do dhuine 35 bliain a bheith slánaithe aige le bheith ina iarrthóir don oifig is airde sa stát. Cuimhnímis go bhfuil aois an mhóraimh laghdaithe ó am dréachta an Bhunreachta ó 21 go 18 bliain d’aois. I bhfocail eile, tá an t-íos-sprioc aoise go dtig leat a sheasamh don Uachtaránacht dhá oiread níos airde ná an aois go bhfuil cead ag duine vóta a chaitheamh agus cáipéisí dlíthiúla a shíniú. Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann?
Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta. Seacht mbliana atá ann faoi láthair agus bíonn an rogha ag an Uachtarán tabhairt faoi thréimhse eile nuair a bhíonn an chéad cheann curtha isteach aige. Is é mo thuairim go bhfuil an tréimhse sin rófhada agus gur cheart amharc ar roghanna eile. Thiocfadh dhá thréimhse cúig bliana a thabhairt dó. (Féach gur dhá thréimhse ceithre bliana atá ceadaithe d’Uachtarán Mheiriceá.) Thiocfadh fosta cloí leis an tréimhse atá ann faoi láthair ach gan cead a thabhairt don Uachtarán seasamh arís. Níor cheart gur post saoil a bheadh ann. Tréimhse amháin de sheacht mbliana a bhíonn ag Ard-Rúnaithe na Ranna Rialtais agus ag Uachtaráin na gcúirteanna éagsúla. Seans fosta gur cheart deireadh a chur leis an mhóid a thugann an tUachtarán i láthair ‘Dia na n-uile chumhacht’ ar na cúiseanna céanna atá luaite agam thuas.
Comhairle an Stáit
Fad is atá muid ag caint ar Oifig an Uachtaráin, b’fhéidir nár mhiste leasú a dhéanamh ar Chomhairle an Stáit fosta. Níor mhiste dar liom go n-athrófaí comhdhéanamh na Comhairle atá leagtha amach in Airteagal a 31. De réir mo bharúlasa, níor cheart go mbeadh an Taoiseach agus an Tánaiste mar bhaill den Chomhairle mar go mbíonn dualgas orthusan a gcuid reachtaíochta a chosaint. Thuigfeá cad tuige go mbeadh drogall orthu bille a thionscain siad féin a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí. Ar an tsiocair chéanna, ní bhraithim go bhfuil sé fóirsteanach go mbeadh suíochán ar an chomhairle ag an Phríomhbhreitheamh ó tharla go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh air nó uirthi breith a thabhairt i dtaca le bunreachtúlacht píosa reachtaíochta a chuirfí faoi bhráid na Comhairle. B’fhéidir go mbeadh air nó uirthi scagadh a dhéanamh air sa Chúirt Uachtarach lá níos faide anonn. Mholfainn mar sin go ndéanfaí leasú ar bhaill ex officio na comhairle stáit chun dúbláil a sheachaint agus an Taoiseach, an Tánaiste agus an Príomhbhreitheamh a fhágáil ar lár.
Ba cheart leasú a dhéanamh fosta ar an tsoláthar Theachtaí Dála atá leagtha síos sa Bhunreacht. De réir Airteagal 16, mír a 2, fomhír a 2:
‘Socrófar líon comhaltaí Dáil Éireann le dlí ó am go ham ach ní cead lán líon a bheith faoi bhun comhalta in aghaidh gach 30,000 den daonra ná os cionn comhalta in aghaidh gach 20,000 den daonra.’ Níor mhór an coibhneas sin a athrú má táthar dáiríre faoi chóras polaitíochta na tíre a leasú. Níl aon ghá le 166 Teachta Dála le hionadaíocht a dhéanamh ar thír agus ar dhaonra atá chomh beag sin. Tá sé molta ochtar a bhaint ón líon nuair a dhéanfar athdháileadh ar na Dáilcheantair ach ní leor é. Ar ndóigh ní gá don Rialtas glacadh le haon mholadh a thagann ón Chomhdháil i leith líon na dTeachtaí a chiorrú. Tar éis an tsaoil, níor cheart go mbeimis ag súil go mbeadh an chearc fhrancach ag vótáil ar son na Nollag!
Is Críonna an Té a Chinnfeas
Ba bheag drogall, áfach, a bheadh ar pholaiteoirí na tíre glacadh le leasú ar Airteagal a 29 a bhaineann lenár mballraíocht san Aontas Eoraip. De réir an chomhairle atá curtha ag Ard-Aighní éagsúla ar gach rialtas le dornán blianta anaus, is gá reifreann a ghairm le leasú ar bith a dhéanamh ar chonarthaí an Aontais. Eascraíonn sé seo ó bhreithiúnas a thug an Chúirt Uachtarach i 1987 ar dhúshlán a ghlac Raymond Crotty in éadan cinneadh an rialtais an Ionstraim Eorpach Aonair a dhaingniú gan reifreann a ghairm. Ba mar thoradh ar sin a tharla an pracás maidir le conrathaí Nice agus Lisbon.
Chuir éiginnteacht na hÉireann olc ar bhallstáit eile atá ábalta athruithe a chur i gcrích trí reachtaíocht. Ní hé go mbeifeá ag iarraidh an daonlathas a cheilt ar phobal na tíre ach ar an drochuair pléadh achan rud faoin spéir le linn na bhfeachtas reifrinn úd beag beann ar aon cheangal a bheith acu lena raibh sna conarthaí. Agus cén t-iontas an méid sin? Óir ba cháipéisí casta, dlí iad nach furasta a thuiscint. Is chuige sin a thoghtar polaiteoirí le hionadaíocht a dhéanamh ar ár son nuair a bhíonn na conarthaí faoi chaibidil. Ba dhoiligh easaontú le Kevin Myers nuair a dúirt:
“we may as well have a referendum on the Higgs-boson collider or the Airbus 380 engines or anything else that we can’t understand.”
Ba cheart Airteagal a 29 a athdhréachtadh agus teannadh a dhéanamh ar an fhoclaíocht sa chaoi is go mbeidh Bunreacht na hÉireann solúbtha a dhóthain le leasuithe in oibríocht an AE a chuimsiú.
Tá sé ráite ag an Rialtas go mbeidh reifreann á ghairm taobh istigh de bhliain chun deireadh a chur leis an tSeanad. Sílimse gur meancóg a bheadh ansin mar go bhfeidhmíonn teach uachtarach go fónta i dtíortha eile ina ndéanann daoine le saineolas uathúil scagadh níos doimhne ar reachtaíocht de chuid na Parlaiminte. Níl aon cheist, áfach, go bhfuil géarghá atheagar ó bhonn a dhéanamh ar Sheanad Éireann. Bheinnse i bhfách le líon na Seanadóirí a laghdú, deireadh a chur le córas vótála na gComhairlí Contae agus athmheas a dhéanamh ar na painéil ghairmiúla as a dtoghtar comhaltaí.
Is cuma cibé cinneadh a dhéanfar – é a scor nó a leasú – beidh tionchar aige ar chuid mhór airteagal sa Bhunreacht. Ó tharla a leithéid a bheith luaite i gclár an rialtais, ba cheart go mbeadh todhchaí an tSeanaid go hard i liosta tosaíochtaí na Comhdhála ar an Bhunreacht.
Comhartha Measa
I measc na nithe eile gur mhaith liom a fheiceáil san athbhreithniú, tá an cosc atá ar an stát córas bronnta gradam a bhunú a thabharfadh aitheantas d’Éireannaigh a bhfuil gaisce déanta acu. Cuireann Airteagal a 40, mír 2 fomhír a 1 cosc ar a leithéid de chóras: ‘Ní cead don stát gairm uaisleachta a bhronnadh ar aon duine.’ Ba mhaith an mhaise é soláthar a dhéanamh chun córas den chineál seo in aon athbhreithniú a dhéanfaí ar an Bhunreacht.
Ní thig, áfach, neamart a dhéanamh den mhír is conspóidí atá sa Bhunreacht. Ní raibh aon ghá an chéad lá ariamh leis an leasú a deineadh chun cosaint Bunreachtúil a thabhairt do chearta an linbh sa bhroinn. Tá oiread sin gangaide agus conspóide cothaithe ag Airteagal 40, mír a 3 fomhír a 3 gan trácht ar chaingin chúirte agus theip ar aon reifreann a rinne iarracht dul i ngleic leis na fadhbanna a eascraíonn as. Ní shílim gur cheart gur faoin Chomhdháil ar an Bhunreacht a thitfeadh an cúram cigilteach seo. Tá an pobal chomh suaite sin faoin cheist go mbeadh an baol ann go ndiúltófaí do na leasuithe ar fad eile a mholfadh an Chomhdháil ar an Bhunreacht mar thoradh ar an cheist achrannach seo. Ba cheart fanacht mar sin go bhfoilseoidh an mheitheal saineolaithe faoi Chathaoirleacht an Bhreithimh Seán Ryan a gcuid moltaí ar an ábhar. Pé rud a mholfar, ná bímis ag súil le réiteach gasta ar an fhadhb.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.