Ba ar mhaithe le hearnáil na cógaisíochta seachas cearta phobal na Gaeilge a mhol an Roinn Sláinte go n-athrófaí Treoir Eorpach dar le Breandán Delap.
»»»Tá dhá leagan den lánúnas imithe chun caingne i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Míníonn Brian Ó Broin go gciallaíonn an easpa aitheantais d’aicme amháin go ndéantar leithcheal, go bunúsach, ar an bpobal aerach.
»»»Tá tochas ardáin ag teacht ar Dhiarmuid Johnson tharla gur bhuail fear siúlach rac-cheol isteach san oifig aige lá amháin agus cén fáth nach siúlfadh sé uaidh ‘as seo don tír anonn.’
»»»Ríomhann Alan Desmond san alt seo scéal tubaisteach Eric Tabo as an gCamarúin atá fágtha in anchaoi i gceart i Maracó le tamall fada.
»»»Bíonn a místuaim féin ag baint le háiseanna iontacha ár linne dar le Tony Birtill, agus tá an ceamara cinn san áireamh sin dar leis.
»»»Ní in Éirinn amháin a bhíonn pobal na tíre in aghaidh a bpríomhchathair, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin go rómhaith, tharla go bhfuil sé ag cur faoi i gCanberra na hAstráile le blianta.
»»»Más mian leat BMW a cheannach ar athláimh, agus a bheith i do Bhímear, cuideoidh an chomhairle a bhreac Daragh Ó Tuama san alt seo leat.
»»»Tá athbheochán de shórt ag fás go fóill inár dtír bheag fhéimheach, dar le AnnMarie Flanagan, agus is in earnáil ríthábhachtach atá an athbheochan feiceálach, an córas oideachais.
»»»Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh breith Ard-Chúirte inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh Marie Fleming, a bhfuil an t-ilscléaróis ag dul di le blianta, ligean di éalú ó fhulaingt ghleann goirt na ndeor.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil gur cheart dúinn crith a bhaint asainn féin, fírinne ár scéil a aithint agus ár n-aghaidh a dhíriú ar na ceisteanna is tábhachtaí i ndáiríre dúinn.
»»»Tá Clodagh Garry den bharúil go bhfuil rud áirithe as alt le cur chuige na hÉireann nuair a eagraíonn siad imeacht mór idirnáisiúnta ar nós Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa.
»»»Deir Eoine Keane go bhfuil muintir dúchais Cheanada ag corraí is ag labhairt os ard, agus teastaíonn uathu go gcloisfear iad.
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge agus in áit a bheith dhá shéanadh go mba cheart do lucht na Gaeilge a bheith chun tosaigh le moltaí faoin mbealach a bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla sa gcaoi go mbeadh toradh níos fearr.
»»»Síleann Balor nach bhfuil na bainc ag imirt na córach leis an phobal, ach bíonn barúil sách aisteach aigesean ó am go chéile ar aon nós.
»»»Tchítear do Robert McMillen gur tanaí agus gur trédhearcach go leor de cheapadóireacht na féiniúlachta, ar neamhcead don taobh den teorainn a mbeidh tú.
»»»Tá toradh tubaisteach siollabas nua na Gaeilge don Ardteist le sonrú cheana féin, dar le Breandán Delap.
»»»Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal.
»»»I bhfianaise deireadh a bheith curtha le foilsiú Ghaelscéal, de cheal ceannaitheoirí, cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist, an bhfuil pobal Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht?
»»»Tá athrú íomhá de dhíth ar Ghaeil na hAstráile, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, íomhá a bheadh níos iomláine agus níos fire.
»»»Míníonn Alan Desmond go bhfuil Éire cáinte ag an Aontas Eorpach mar gheall ar idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe a thagann as tíortha lasmuigh den AE.
»»»Bhí Tony Birtill i láthair ag seoladh tuarascála. Míníodh i dtuarascáil Hickman nach seicteachas ach ciníochas ba bhonn le hionsaithe ar mhórshiúlta Gael i Learpholl 2012-13.
»»»Murab é an rud is costasaí a cheannófas tú, is é an dara rud is daoire a deir Daragh Ó Tuama agus tugann sé comhairle shiosmaideach san alt seo i dtaobh carr a cheannach ar athláimh.
»»»Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.
»»»Tá fadhb an chiníochais le brath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rud a thuig Brian Ó Broin ar a chéad eitilt ann na blianta ó shin.
»»»Tá Balor ar tí a chuid sómhainní a dhíol, a luach a thabhairt don daibhir, soc a dhéanamh dá chlaíomh, é féin a bhearradh agus a lomadh, an deannach a chreathadh dá chuaráin agus dul trí chró snáthaide.
»»»Na céadta bliain i ndiaidh bhronnadh a cairte ar Bhéal Feirste, míníonn Robert McMillen go bhfuil lucht na teanga mionlaithe ag cur in iúl go feidhmiúil gur cuid de fhíochán na cathrach iad féin fosta.
»»»‘Coinnigh do lámh i do phóca’ an moladh atá ag Muiris Ó Meara duit an chéad Lá Vailintín eile, nó tá an iomarca measa, agus airgead dá réir, caite ar an ‘it’ a éiríonn amach as chuile chearn an tráth sin bliana.
»»»Tá teagascóirí Gaeilge don bhliain acadúil 2013-14 á lorg ag ICUF faoi láthair agus cé is fearr trácht air ach duine díobh siúd atá ag dul don obair chéanna sin cheana féin, Aodán Ó Cearbhaill.
»»»Amharcann Breandán Delap ar leabhar a mhaíonn gur cheart deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais.
»»»An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.