Tá gnóthaí ag téamh i SAM an mhí seo ach dar le Brian Ó Broin, ní gnóthaí aimsire is bun leis an ardú teasa an iarraidh seo, ach corraíl pholaitíochta a d’fhéadfadh cor a chur i leagan amach polaitíocht SAM ar an mórgóir.
»»»Bhí Tony Birtill i láthair nuair a tháthaigh dreamanna éagsúla na Gaeilge sa Bhreatain lena chéile sa dóigh gur fearr agus gur forleithne a chuirfidh siad an teanga chun cinn sa Bhreatain feasta.
»»»Tá moltaí suimiúla i leith na Gaeilge sa chóras dlí déanta in iris úr agus tá léargas spéisiúil tugtha ar úsáid na teanga ag an leibhéal is sinsirí den státchóras ar fáil in iris eile. Déanann Breandán Delap cur síos orthu san alt seo.
»»»Tá roinnt ceisteanna tábhachta ag dó na geirbe ag Seán Tadhg Ó Gairbhí. Ceann acu is ea gur Éire ‘an t-aon Stát san Eoraip nach bhfuil an phríomhtheanga oifigiúil riachtanach don Státseirbhís.’
»»»Áiríonn Maidhc Ó Cathail ceithre dhuine dhéag atá freagrach as ár na hIaráice dar leis. Cé hiad?
»»»Míníonn Alan Desmond go leor de scéal an mhionlaigh seo, muintir Emberá sa Cholóim. Ar nós mionlach eile go leor ar fud an domhain, níl a saol le maíomh orthu.
»»»Ag caitheamh súil siar ar thréimhse Uí Chuív i gceannas ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge, tá Donncha Ó hÉallaithe den bharúil gur lig sé an deis amú, mar nach raibh sé de mhisneach aige dul i ngleic le fadhb bhunúsach na Gaeltachta, ceist na teorann.
»»»Dearcann Áine Ní Chiaráin siar san alt seo ar thréimhse fhada Éamoin Uí Chuív i mbun gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.
»»»Tá Robert McMillen ag leagan amach gur gairid eile go dtolgfaidh achan duine sa taobh ó thuaidh taom olltoghchánaíochta.
»»»Is é biaiste mhór na peile san Astráil é anois teacht an Fhómhair acu ó dheas. Chaith Bearnaí Ó Doibhlin súil ar mhodhanna éagsúla caide an Astrálaigh.
»»»Is beag moladh de chuid an Bhord Snip Nua i leith na Gaeilge is na Gaeltachta a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo. Ach tá an bhagairt ag treisiú de bharr beirt airí a bheith éirithe as oifig dar le Breandán Delap
»»»Spreag TD agus Aire Luimnigh Balor ar a ‘chliathaibh fís’ agus ghair sé na deamhain chumadóireachta chuige féin. Tá toradh amhráin na Súile Nimhe san alt seo.
»»»D’fhoghlaim Tony Birtill an ceacht is tábhachtaí le linn cúrsa athfhoghlama. Is ceart a bheith ullamh, ach is fearr a bheith ullamh agus amhrasach más amuigh ar an sliabh atá tú.
»»»Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.
»»»Geofair scéal Mhuintir Endorois na Céinia san alt seo le Alan Desmond, scéal na héagóra. D’fhéadfadh Aontas na hAfraice cor chun feabhais a chur ina scéal go fóill.
»»»Rinne Gaelchultúr tionscadal nua, ClubLeabhar.com, a sheoladh an mhí seo caite. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cad é a spreag iad le thabhairt faoin obair seo.
»»»Tá Robert McMillen den tuairim go mbaineann cur as feidhm na n-easaontóirí le cothrom na Féinne a roinnt ar chách tríd an pholaitíocht. Tá an chumhacht sin ag lucht na polaitíochta, ach an bhfuil an cumas iontu?
»»»Deirfiúr don mhéarnáil bhán is ea an béal bán. Tá Maidhc Ó Cathail ag léamh ar an dream is mó a bhíos ag síneadh na méire ar cheap milleáin eile roimh cogaidh.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar scéal Phádraig agus ar an bhFaoistin a scríobh sé agus é i mbun a mhisean in Éirinn.
»»»I ndeireadh an lae ba ar Inspector Jacques Clouseau is mó a smaoinigh Breandán Delap seachas ar Sherlock Holmes nuair a rinne sé scagadh ar an taighde is déanaí faoin teanga a foilsíodh san iris The Economic and Social Review.
»»»Cloisfear trácht i mbliana ar Mary MacKillop na hAstráile. Tá cuid dá naomhsheanchas san alt seo ag Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»I mbun na hIRISeoireachta agus i modh agallaimh le Circín Mac Cam Luí a chuaigh Balor le hábhar a ailt a thiomsú an mhí seo.
»»»Má athraigh chuile shórt le teacht i réim Obama, ní raibh ann ach gal soip mar tá gluaiseacht nua an treo eile ar fud na tíre dar le Brian Ó Broin.
»»»Chuaigh an gháir amach, ‘slándáil dúiche, le deifir!’, ach ‘cén dúiche?’ a fhiafraíonn Maidhc Ó Cathail.
»»»Ní thuigeann gach éinne contúirt na sléibhteoireachta, dar le Tony Birtill.
»»»Tá idir cháineadh agus mholadh déanta ar Éirinn san eagrán is deireanaí den treoirleabhar Lonely Planet. Tugann Breandán Delap scuaird timpeall ar na ceantair Ghaeltachta le blaiseadh a fháil dá bhfuil scríofa fúthu.
»»»Ríomhann Alan Desmond scéal anróiteach mionlaigh eile san alt seo, an Rohingya. Is dream iad atá sáinnithe ag drong mhíleata Maenmar a imríonn gach feall is féidir lena ndíothú de dhroim na talún.
»»»Tá ‘fíricí’ agus fíricí sa saol, dar le Donncha Ó hÉallaithe, ach is fearr fanacht i dtaobh leis an daonáireamh le teacht ar an gcineál fírice atá ceart!
»»»Tá Robert McMillen den bharúil gur saoithiúil an dóigh a athraíonn saol na polaitíochta i bhfaiteadh na súl.
»»»Tá logleabhair scairdeitleáin an rialtais aimsithe ag Beo.ie. Is é seo an chéad uair ar cuireadh a leithéid ar fáil agus tá go leor faisnéise iontu maidir le gnásanna taistil ár gcuid Airí Stáit. Ins an alt seo, déanann Breandán Delap anailís chuimsitheach ar a bhfuil iontu.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.