AR NA SAOLTA SEO
An Ghaeltacht agus An Ghaeilge
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.

Íomhá
Duine ar bith fanta
Íomhá
Cumar Oileán Cléire
Íomhá
Pobal, ar Shliabh a Liag
Íomhá
Cúrsa Gaeltachta sna Cruacha Gorma

Chualamar na scéalta céanna fiche uair: go bhfuil an Ghaeilge ar an dé deiridh mar theanga phobail sa Ghaeltacht, go bhfuil deighilt mhór idir pobal labhartha Ghaeilge na Gaeltachta agus lucht Gaeilge na cathrach, agus gur orthu siúd, Gaeilgeoirí na mbailte, a bheidh todhchaí na Gaeilge ag brath. Bhí an bharúil seo le cluinstin ó thús ré na hathbheochana i leith. Glactar leis go forleathan anois, áfach, go bhfuil Gaeilge na Gaeltachta in anchaoi cheart anois.

Murar féidir a rá go bhfuil fíordhíospóireacht náisiúnta ar siúl faoi láthair faoi thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, ní dóigh liom go mbeidh a leithéid de dhíospóireacht ann feasta. Tá daoine ar spéis leo cás na teanga ag dul i ngleic leis na fíricí loma faoi dheireadh ach tá lucht an tsaineolais teangeolaíochta ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán an geábh seo chomh maith.

An rud is suntasaí faoin phlé a dhéantar ar an Ghaeilge le blianta beaga anuas ná go bhfuiltear ag cur modhanna na sochtheangeolaíochta chun tairbhe, go háirithe an méid a bhaineann le teangacha atá i mbaol, nó go fiú, an tuiscint a bhaineann le bás teangacha. Ba chúis mire é an chaoi a mbíodh daoine ag dul i muinín staidreamh ar an daonáireamh ar úsáid na Gaeilge chun cur i gcéill go raibh an teanga ag seasamh an fhóid lár an chéid seo caite.

Tá seasamh na teanga sa Ghaeltacht soiléir faoin am seo. B’fhíor don Dr John Walsh “géarchéim teanga” a thabhairt ar chás na Gaeilge sa Ghaeltacht in alt leis a foilsíodh ar an iris seo. Agus ní iontas ar bith é gur scríobh Seán Tadhg Ó Gairbhe ar an Irish Times le déanaí gurb ann do “bhliain chinniúnach na Gaeilge”.

Ón am ar thuig mé go raibh an Ghaeilge i mbaol, is iomaí uair a smaoinigh mé ar an chuma a shíl mé a bheadh ar dheireadh na Gaeltachta. Tá an cainteoir dúchais ag sleamhnú as amharc i mbeartas teanga an stáit don chéad uair. San alt céanna le Ó Gairbhe, d’fhiafraigh sé “cad a d’imigh ar an gcainteoir dúchais, duine go mbíodh an-chaint go deo air i dtuarascálacha fadó?”. Tháinig an cheist chuige nuair a thug sé faoi deara nach bhfuil tásc ná tuairisc ar an chainteoir dúchais i nDréacht-Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a d’fhoilsigh an Rialtas i mí na Samhna, 2009.

Ní hionann é sin is rá ar ndóigh nach bhfuil cainteoirí dúchais fós ann. Tá gan amhras, a bhuí do Dhia. Ach is cosúil anois go bhfuil tús áite caillte ag an Ghaeltacht maidir le todhchaí na teanga.

An Dá Dhream

Ó thús ré na hathbheochana bhí teannas agus míthuiscint idir muintir na Gaeltachta agus lucht

foghlamtha na teanga sa Ghalltacht. Má bhí ceannródaithe na Gaeilge sna cathracha dílis agus díograiseach, bhí siad rómánsach agus idéalaíoch freisin. Ba bheag an tuiscint a bhí acu ar an anró a bhí á fhulaingt ag lucht an tsaibhris teanga a bhí scaipthe i measc na gcnoc lom sna háiteanna is iargúlta in iarthar na tíre. Bhí bearna mhór saíochta eatarthu freisin. Bhí an seantraidisiúin fós beo sa Ghaeltacht fad is a bhí an nua-aoiseachas ag bualadh faoi na cathracha.

Bhíothas ag súil an t-am sin go ndúnfaí na bearnaí seo faoi dheireadh. D’fhéadfaí na síolta is áille agus is luachmhaire den traidisiúin a tharrtháil sa Ghaeltacht agus a chur sa Ghalltacht. Agus d’fhéadfaí an chuid is feidhmiúla agus is iontaí de shaol nua na mbailte a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta (monarchana, teilifís, cumarsáid). Ní raibh a fhios áfach, cén chaoi a n-imreodh na hathruithe casta sin ar a chéile ó thaobh cúrsaí teanga de. Tá tuiscint níos fearr anois ann ar cheisteanna sochtheangeolaíochta, agus tuigtear go mbíonn brú millteanach ar theanga mhionaithe nuair a chuirtear gréasáin nua (bóithre, guthán, idirlíon) in áit na seanghréasáin (idir dhaoine muinteartha, inmheánach don phobal).

An Teip

Is léir anois nár éirigh linn deireadh a chur le meath na Gaeltachta. Is léir freisin nár éirigh linn an deighilt idir muintir na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí na gcathracha a leigheas. Léirigh alt spéisiúil leis an Dr Brian Ó Broin (Irish Times 16 Eanáir) go bhfuil bearna mhór teanga idir cainteoirí dúchais na Gaeltachta agus cainteoirí na gcathracha.

De réir Uí Bhroin is gráin le cainteoirí dúchais an Ghaelscoilis, nó an leath-Ghaeilg, nó Gaeilg líofa lofa an bhaile mhóir. Is minic a bhrúnn siad cnaipe an acra nuair a thosaíonn cainteoir a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge ag caint ar an teilifís. Ní thaitníonn Gaeilge na Gaeltachta le go leor foghlaimeoirí ach an oiread. Dar le Ó Broin tá an chaint theagarach dhúchasach deacair agus doiligh a thuigbheáil ag an fhoghlaimeoir.

Rinne Ó Broin taighde teangeolaíoch ar mhíreanna de chaint na cathrach agus de chaint na Gaeltachta. Feictear dó go mbíonn difríochtaí móra foghraíochta, deilbhíochta, gramadaí, agus comhréire idir an dá chineál Gaeilge. Tharla an éabhlóid seo de dheasca a laghad teagmhála a dhéanann an dá phobal lena chéile agus dar le Ó Broin, d’fhéadfaí ‘pidsean’ a thabhairt ar an teanga nua atá i mbéal mhuintir na cathrach. (Teanga neamhsheasmhach le gramadach shimplí agus a cruthaíodh in áit na mbonn chun cumarsáid a dhéanamh is ea pidsean).

Murar féidir le foghlaimeoirí saibhreas, iomláine, agus áilleacht theanga na Gaeltachta a thabhairt leo, an fiú an Ghaeltacht a chaomhnú ar chor ar bith? Nó an é go mbeadh Gaeilge na gcathracha ní ba bhoichte fós murach an Ghaeltacht a bheith ann? Nó an bhfeidhmíonn an Ghaeltacht ar leibhéal eile in intinn an fhoghlaimeora, go seasann sí mar bhunchloch faoi choincheap éigin a bhaineann le féidearthachtaí teanga? Is é sin, gur mó an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeltacht mar thaca i samhlaíocht an fhoghlaimeora ná a bhaineann leis an fhíor-Ghaeltacht mar acmhainn daonnachta nó mar thobar saíochta ann féin?

An Bhuíon Bheag Chinniúnach

Is dóigh liom féin gur beag seans anois atá ag an Ghaeilge mar theanga phobail. Goilleann sé go mór orm an méid sin a rá. Tá an ga sea ar Ghaeltacht Mhaigh Eo mar a mheabhraigh Máirtín Mac Donncha, fear Raidió na Gaeltachta i gCaisleán an Bharraigh, dúinn cúpla bliain ó shin.

Admhaím fosta go mairfidh an Ghaeilge, nó Gaeilge éigin, tar éis di imeacht ó bhéal na ndaoine in iarthar na tíre. Is iomaí uair a smaoinigh mé ar cén cineál báis a cheap mé a bheadh ag an Ghaeilge. Ag amharc ar na léarscáileanna a léiríonn na ceantair a raibh an Ghaeilge beo iontu ón naoi haois déag i leith, samhlaítear dom i gcónaí leac mhór oighir ag leá. Níl fágtha den leac anois ach giotaí beaga atá fós ag leá agus tá teas an Bhéarla, mar theanga dhomhanda, ag scalladh fúithi níos treise ná mar a bhí riamh. Is gearr nach mbeidh againn ach lochán turlaigh uisce.

Agus seal ina dhiaidh sin? Mura dtiocfaidh an Ghaeilge i dtreis mar theanga phobail sách suntasach i nGalltacht, nó in iar-Ghaeltacht, na hÉireann, an ghlúin seo, beidh nath Thomas Davis in ann cuntas a thabhairt orainn mar dhream: ‘... the chain has worn through!

Aon Duine Amháin Freagrach

Faoin aon duine amháin feasta a bheas sé an Ghaeilge a chruthú ar bonn níos fearr i mo thimpeall féin. D’iompair muintir na Gaeltachta an t-ualach rófhada gan chuidiú fiúntach ó mhóramh mhuintir na hÉireann i rith an ama go dtí seo. Idir 1923 agus 1960aidí an chéid seo caite, bhí roinnt de na múinteoirí faoin ualach in éineacht leo. Is féidir liom labhairt le húdarás thar aon duine amháin go cinnte agus a ghealladh go mbeidh droim eile i nGalltacht na hÉireann faoi ualach dualgas teanga na tíre feasta. Ar mhodh agus ar shiocair éicin nach dtuigim, braithim go bhfuil spreacadh fanta in go leor againn in Éirinn le gníomh úr aisteach éicin a dhéanamh go fóill. Thagair Seán de Fréine do na ‘prophetic pioneering minorities’ ina leabhar ‘Saoirse gan Só’ (1960, 124). B’fhéidir le Dia go bhfuil is go raibh le tamall, an bhuíon bheag chinniúnach inár measc le glúin anuas, iad siúd a bhrúigh Saor-Raidió Chonamara, Teilifís na Gaeltachta, an stádas Eorpach, An tAcht Teangacha Oifigiúla agus an ghaelscolaíocht Ghalltachta chun tosaigh. Treise leo siúd a chuir an Ghaeilg ar aghaidh, ar an scáileán agus i lár an aonaigh ina saol féin agus a chuir isteach i mo shaol féin chomh maith í. Tá mé faoi chomaoin gan áireamh acu.

Féachfaimid le gníomh éicin eile a dhéanamh lenár linn féin, cibé céard a bheas ann féin, - í a labhairt i ngach áit, is dóigh, í a spreagadh i measc lucht an Bhéarla, í a thabhairt don óige - ach déantar é! ‘Their mission begins in their own heart and consciousness. In this sense they are self-appointed prophets. ...’ (Maritain, i leabhar de Fréine, S., 1960, 124)

Naisc: Anuraidh http://www.youtube.com/watch?v=kawB3zv0cbo&feature=relatedNa blianta siar http://www.youtube.com/watch?v=DuC53CPS4kY&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.