AR NA SAOLTA SEO
Deich gCeist
Seán Tadhg Ó Gairbhí Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá roinnt ceisteanna tábhachta ag dó na geirbe ag Seán Tadhg Ó Gairbhí. Ceann acu is ea gur Éire ‘an t-aon Stát san Eoraip nach bhfuil an phríomhtheanga oifigiúil riachtanach don Státseirbhís.’

Íomhá
An Dr. Conchúr Ó Giollagáin
Íomhá
An Dr. Brian Ó Curnáin
Íomhá
Donncha Ó hÉallaithe, an gníomhaí teanga
Íomhá
Obair Choimisinéara, de leataobh ag cruinniú poiblí, faoi cheist a ardaíodh
Íomhá
Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis

Le cúpla mí anuas tugadh deis do ghrúpaí teanga a gcuid moltaí maidir leis an dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i láthair an Choiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá go dtí deireadh na míosa seo ag an gcoiste tuairisc a chur le chéile don Rialtas bunaithe ar na moltaí sin. Seo deich gcinn de na ceisteanna is mó faoin straitéis a d’eascair as an bplé.

  1. An soláthar don chainteoir dúchais

An bhfuil an iomarca béime sa dréachtstraitéis ar chothú an dátheangachais ar bhonn náisiúnta seachas ar chosaint a dhéanamh ar an gcainteoir dúchais Gaeilge?

Seans gurb é seo an cnámh spairne is mó sa dréachtstráitéis. Tá roinnt saineolaithe, agus údair an Staidéir Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ina measc, den tuairim go ndéanfadh an straitéis mar atá tuilleadh dochair fós do stádas na Gaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. An “dátheangachas fabhtach” a thugann an Dr. Conchúr Ó Giollain ar an gcur chuige seo. In alt san Irish Times, dúirt Ó Giollagáin agus an Dr. Brian Ó Curnáin: “The draft, however, suggests bilingualism as the solution, when it has been scientifically indicted by linguists for generating pervasive language death.”

Thug iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív aghaidh ar an gceist bhunúsach seo sa Seanad an mhí seo caite ach níor léir uaidh an raibh sé i gceist aon rud a dhéanamh faoin scéal:

“Tá roinnt imní léirithe ag roinnt tráchtairí gur polasaí gníomhach don chomhtheangachas atá beartaithe againn don Ghaeltacht. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le rá nach é sin atá i gceist ar chor ar bith. Ba mhaith linn ar lámh amháin go mbeadh pobal uile na Gaeltachta dátheangach ach go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga i dteaghlaigh, i gcóras oideachais agus i saol gnó agus sóisialta na Gaeltachta.”

  1. Struchtúr ceannais

Cén duine ba cheart a bheith i gceannas ar chur i bhfeidhm na straitéise?

Léarscáil bóthair don Ghaeilge don fiche bliain atá romhainn,” a thug Éamon Ó Cuív ar an straitéis, ach cé air a dtitfidh an cúram an léarscáil a léamh? Cén treoraí a bheidh ann?De réir na straitéise is ‘aonad straitéise’ i Roinn na Gaeltachta a bheadh i gceannas ar chur i bhfeidhm an phlean. Ní mó ná sásta, áfach, a bhí an-chuid daoine a chuir moltaí faoi bhráid an Choiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leis an leagan amach seo.

I measc na moltaí a rinne Fiontar agus na saineolaithe idirnáisiúnta a chuir comhairle ar an Rialtas maidir le ceapadh an phlean, bhí go gcuirfí Oifig Comhordaithe Clár ar bun i Roinn an Taoisigh a bheadh i bhfeighil ar chur i bhfeidhm na straitéise. Bhí cuid mhaith de na toscaireachtaí a chuaigh chun cainte leis an gcoiste i bhfábhar an chur chuige sin. Is cosúil nach nglacfar leis an moladh sin, áfach.

Dúirt Aire nua na Gaeltachta Pat Carey le déanaí gur ranna éagsúla a bheidh i gceannas ar an bplean, cé nach bhfuil seo deimhnithe fós.

  1. Plean gníomhaíochta

Is maith ann an straitéis ach cá bhfuil an plean a leagann síos spriocanna soiléire maidir lena chur i bhfeidhm?

Léirigh roinnt toscaireachtaí a chas leis an gcoiste imní faoi easpa bheartas gníomhaíochta na dréachtstraitéise.

Dúirt Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go raibh sé riachtanach go mbeadh beartas gníomhaíochta ann maidir le feidhmiú na straitéise agus go raibh géarghá le spriocanna soiléire agus “amscála cuí” a leagan síos láithreach.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh gá le beartas gníomhaíochta ‘comhthreomhar’ leis an straitéis féin.

Dúirt sé go raibh sé “an-tábhachtach” go gcuirfí beartas gníomhaíochta leis an straitéis “a léireodh na rólanna a bheidh ag na geallsealbhóirí agus na himreoirí éagsúla.”

Is cinnte go méadóidh an tsoiniciúlacht faoin straitéis muna nglactar leis an moladh seo.

  1. Maoirseacht agus monatóireacht

Cé a bheidh freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na straitéise agus cé a chinnteoidh go ndéanfaidh an Rialtas beart de réir a bhriathair?

Ba cheist choitianta í seo ag na cruinnithe leis an gcoiste.

“Gan amhras, is gá go mbeadh meicníocht láidir, neamhspleách agus trédhearcach ann le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise,” a dúirt Tomás Mac Ruairí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

“Ní oibríonn aon straitéis mura mbíonn dream éigin neamhspleách ag déanamh evaluation uirthi go rialta,” a dúirt an gníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe a d’aontaigh le moladh Fiontar go bhfágfaí faoi Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla an obair mheastóireachta a dhéanamh.

  1. An córas oideachais

An bhfuil laige ollmhór sa dréachtstraitéis maidir le cúrsaí oideachais? Bhí go leor acu siúd a chuir aighneachtaí faoi bhráid an choiste den tuairim go bhfuil an scéal amhlaidh.

Mhol Údarás na Gaeltachta go mbeadh cumhachtaí agus feidhmeanna maidir le hoideachas Gaeltachta ag Bord athstruchtúraithe an Údaráis agus go gcuirfí i bhfeidhm Alt 9 den Acht Oideachais a deir gur faoi na scoileanna Gaeltachta atá sé an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomharsanacht na scoile.

Mhol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge go gcuirfí clár comhtháite d’fhoghlaim na Gaeilge ón réamhscolaíocht go dtí an tríú leibhéal i bhfeidhm tríd an straitéis. (Seo moladh eile ó Fiontar nár cuireadh san áireamh sa dréachstraitéis.) Dúirt an Chomdháil chomh maith gur cheart ról níos láidre a thabhairt don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta, COGG, i gcur chun cinn na Gaeilge tríd an gcóras gaeloideachais. Bhí Comhluadar buartha nach raibh faic sa dréachtstraitéis faoi conas a chinnteofaí go mbeadh an gaeloideachas ar fáil do chách, cuspóir sa Ráiteas i Leith na Gaeilge a rinne an Rialtas i 2006.

Bhí moladh i dtuarascáil na saineolaithe go bhforbrófaí dhá churaclam Gaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta, ceann amháin a dhéanfadh freastal ar an ngnáthmhac léinn Gaeilge agus ceann eile a bheadh oiriúnach don dalta i scoil Ghaeltachta nó ar an nGaelscoil.

Ceist í seo atá go mór i mbéal an phobail le cúpla seachtain anuas agus imní léirithe ag eagraíochtaí an ghaeloideachais faoi phleananna na Roinne Oideachais athruithe éagsúla a dhéanamh ar churaclam na hArdteiste.

  1. Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge

Cén ainm agus cén ról ba cheart a bheith ar an Údarás ‘nua’ agus cén t-idirdhealú a bheidh idir é agus Foras na Gaeilge?

Ceist í seo a bhí ag dó na geirbe ag toscaireachtaí éagsúla. Mheas roinnt acu gur ‘ísliú stádais’ don Ghaeltacht a bheadh ann dá dtabharfaí ‘Údarás na Gaeilge’ ar an eagraíocht nua mar atá molta sa dréachtstraitéis. Meastar anois, áfach, gur Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheidh ar an eagraíocht nua, mar a mhol an tÚdarás féin.

Ach cá bhfágfadh an socrú nua an eagraíocht trasteorann, Foras na Gaeilge? Bhí formhór acu siúd a labhair ag na cruinnithe den choiste den tuairim go raibh gá le soiléiriú sa straitéis maidir le ról an Údaráis nua agus ról an Fhorais ar fhaitíos go mbeadh trasnaíl, nó ‘dúbláil’, i gceist. Dúradh chomh maith go raibh deimhniú ag teastáil nach mbainfí cúram na fiontraíochta den Údarás nua agus nach ndéanfaí aon chreimeadh ar na feidhmeanna atá ag an Údarás sa Ghaeltacht faoi láthair.

  1. Tuaisceart Éireann

An dtugann an dréachtstraitéis dóthain airde ar an dTuaisceart nó an amhlaidh gur céim ar gcúl atá ann don chur chuige uile-oileánda?

Bhí Janet Muller ón scátheagras Pobal buartha nár bhain ach an leathchuid den 13 príomhchuspóir sa dréachtstraitéis leis na Sé Chontae. Bhí imní uirthi freisin go raibh ‘doiléire’ ann maidir le ról Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeilge. D’éiligh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go dtabharfaí faoin taighde atá riachtanach le straitéis don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann a fhorbairt agus a fheidhmiú

  1. Beartas athchothroime

Tá aitheantas tugtha sa dréachtstraitéis do chearta phobal na Gaeilge faoin Acht Teanga ach cé a chuirfidh an tseirbhís trí Ghaeilge ar fáil?

D’aontaigh mórán toscaireachtaí le tuairim an Choimisinéara Teanga go raibh gá le gníomh cothromúcháin earcaíochta chun a chinntiú go mbeidh go leor foirne sa tseirbhís phoiblí a bheidh inniúil ar an nGaeilge a labhairt agus a scríobh. Dúradh go raibh gá le soláthar sa dréachtstráitéis do scéim earcaíochta nua chun go mbeadh dóthain daoine inniúla dátheangacha ag obair sa tseirbhís.

Dúradh gurb í Éire an t-aon Stát san Eoraip nach bhfuil an phríomhtheanga oifigiúil riachtanach don Státseirbhis.

  1. An earnáil dheonach

Cad tá i ndán don earnáil dheonach?

Tá sé i gceist le cúpla bliain anuas atheagar ó bhun a dhéanamh ar earnáil dheonach na Gaeilge, ach níl aon chinnteacht fós ann faoi cad tá i ndán dóibh, nó fiú cé acu a thiocfaidh slán.

Cé go raibh Pádraig Ó hAoláin ó Údarás na Gaeltachta sásta go bhfuil leathnú ar bhunús náisiúnta le déanamh ar ghné na Gaeilge de obair an Údaráis, dúirt sé go raibh gá le “beachtú” agus le “soiléiriú” a dhéanamh chomh maith ar an ról a bheidh ag an earnáil dheonach Ghaeilge.

Gan amhras, bheadh na heagraíochtaí deonacha féin sásta dá ndéanfaí an “soiléiriú” sin.

  1. Costas agus toil pholaitiúil

An mbeidh an t-airgead ann díol as an bplean agus an mbeidh an toil pholaitiúil ann leis an straitéis a chur i bhfeidhm?

Mhol dreamanna éagsúla don choiste go ndéanfaí ‘luacháil’ ar an bplean féachaint cad iad na hacmhainní a bhí ag teastáil agus cad iad na hacmhainní a bheadh ar fáil.Agus ar deireadh thiar an cheist is mó ar fad acu - an mbeidh an toil pholaitiúil ann an plean a chur i bhfeidhm as seo go ceann fiche bliain eile? An freagra ar sin. N’fheadar éinne.

Naisc: Ó Giollagáin & Ó Curnáin http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2009/1229/1224261353885.htmlhttp://www.dcu.ie/fiontar/http://www.pobal.org/gaeilge/

Príomhtheanga oifigiúil http://www.inis.gov.ie/ga/JELR/ComhdhailNaisiuntanaGaeilge.pdf/Files/ComhdhailNaisiuntanaGaeilge.pdfhttp://www.coimisineir.ie/index.php?page=baile&tid=1http://europa.eu/index_ga.htmhttp://www.education.ie/home/home.jsp?pcategory=17216&ecategory=33538&language=GA

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.