Ag caitheamh súil siar ar thréimhse Uí Chuív i gceannas ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge, tá Donncha Ó hÉallaithe den bharúil gur lig sé an deis amú, mar nach raibh sé de mhisneach aige dul i ngleic le fadhb bhunúsach na Gaeltachta, ceist na teorann.
Tá a ré mar Aire Gaeltachta tagaithe chun críocha faoi dheireadh agus thar am, im’ thuairimse. Ceapadh Éamon Ó Cuív mar Aire Stáit sa Roinn Ealaín, Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileáin tar éis Olltoghcháin 1997 agus cuireadh freagracht na Gaeltachta air. Bhí dóchas agamsa agus ag go leor daoine eile as a cheapachán: bhí smaointí aige, bhí fuinneamh aige, bhí fíordhílseacht aige don Ghaeilge, thuig sé cás na Gaeltachta níos fearr ná aon Theachta Dála eile agus bhí airgead ar fáil ón státchiste, a bhuíochas sin don borradh faoin ngeilleagar a bhí ina thús ag an am sin.
Bhíos im’ eagarthóir ar an iris Pléaráca i 1997 agus go gairid tar éis a cheapaithe ina Aire Stáit, thug sé an deis dom agallamh a chur air, don iris. Chuireas ceist dhíreach air faoi theorainn na Gaeltachta. Seo é an freagra a thug sé orm, focal ar fhocal:“Beidh an cheist sin dhá plé agus ní dhéanfar an cheist a sheachaint. Tá roinnt áirthid smaointe i mo chloigeann agam. Tá mé ag plé na gceisteanna sin leis an Státseirbhís faoi láthair. Mar is eol dhuit, bhí roinnt oibre déanta ag an iar-Aire (Michael D. Higgins T.D.) ar an gceist seo. Mar shampla, bhí tairiscintí lorgtha aige maidir le staidéar a dhéanamh ar theorannacha na Gaeltachta. Tá an scéal sin ar fad á bhreithniú agus is féidir leat a bheith cinnte go mbeidh rud éigin dearfach á dhéanamh i dtaobh na ceiste.”
B’shin 1997. Céard a rinne se i dtaobh na ceiste? Bhunaigh sé Coimisiún na Gaeltachta sa mbliain 2000 i dtosach agus d’iarr sé ar an gCoimisiún sin moltaí a chur faoina bhráid faoi na critéir a d’fhéadfaí a úsáid leis an teorainn a athshocrú. Tugadh na moltaí dhó sa mbliain 2002 ach in áit na moltaí a chur i bhfeidhm, bhunaigh sé Coiste Comhairleach. Ansin rinne sé an Staidéar Cuimsitheach ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a choimisiúnú ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus d’iarr sé go dtiocfaidís aníos le critéar teangeolaíochta dhó, a d’fhéadfaí a úsáid in athbhreithniú ar na teorannacha. Shuigh sé ar na moltaí sin ar feadh bliana agus bunaíodh coiste rialtais lena scrúdú. Chuir an Coiste Rialtais an dréachtstraitéis don Ghaeilge le chéile ach ní luaitear sa straitéis cén critéar a úsáidfear leis an teorainn a tharraingt.
Gaeltacht na dTreabh
Má bhí na teorannacha as riocht 13 bliain ó shin tá an scéal chomh háiféiseach anois is gur oilbhéim anois é, im’ thuairimse. Tá leath de limistéar Cathair na Gaillimhe sa nGaeltacht go fóill! Dá reáchtáilfí toghchán Údarás na Gaeltachta i mbliana, mar ba chóir, bheadh níos mó vótaí sa toghchán i gCathair na dTreabh ná mar a bheadh sa gceantar Gaeltachta chois cósta a shíneann ón Spidéal siar go Carna, ’sé sin, an ceantar i gConamara Theas ina úsáidtear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide go laethúil.
Ag caint ar Údarás na Gaeltachta, is léanmhar an chaoi ina bhfuil an eagraíocht sin fágtha aige. Tá Údarás na Gaeltachta scriosta aige. Thug sé reachtaíocht nua isteach i dtosach a mhéadaigh tionchar na bpolaiteoirí ar an Údarás, trí líon na suíochán a bheadh faoi smacht na bpolaiteoirí áitiúla a mhéadú ó 7 go 17. D’athraigh sé na rialacha faoina dtroidfí an toghchán, a rinne an toghchán níos cosúla le toghchán comhairle chontae, sa méid is go raibh cead ag iarrthóirí na bpáirtithe, ainm, mana agus meirge an pháirtí a chur ar an bpáipéar ballóide, ach níor tugadh an cead céanna d’iarrthóirí a bheadh ainmnithe ag eagraíocht phobal sa nGaeltacht. Buntáiste mór ab ea é sin do na polaiteoirí. Cén toradh a bhí ar athraithe Uí Chuív? As an seisear a toghadh ó Ghaeltachtaí na Gaillimhe, ba as Uachtar Ard fear amháin agus ba as Cathair na Gaillimhe beirt, duine acu gan mórán Ghaeilge aige!
Le scór ball, bhí Bord an Údaráis chomh mór is nach bhféadfadh sé feidhmiú i gceart. B’fhéidir gurb shin a theastaigh óna intinn Machiavelliach. Ó reáchtáileadh an toghchán deireanach cúig bliana ó shin, tá an t-airgead a chuirtear ar fáil do Údarás na Gaeltachta á laghdú bliain i ndiaidh a chéile, sa gcaoi is nach fiú don Údarás cruinnithe réigiúnacha a reáchtáil a thuilleadh mar nach bhfuil aon airgead acu le tograí a cheadú, a chuirfeadh postanna ar fáil sna ceantair Ghaeltachta.
Coilleadh an Údaráis
Nuair a bhí an t-atheagar á chur ar an Údarás aige, thug Ó Cuív le tuiscint go mbeadh an tÚdarás níos cumhachtaí ná mar a bhí roimhe sin. In agallamh cuimsitheach ar RnaG ag an am, dúirt sé le Seán Ó Cuirreáin, gur chreid sé féin go gcaithfidh an tÚdaras fás ina “údarás leathan forbartha”. Údarás le bord mór agus airgead beag atá anois ann. Tá rudaí chomh dona is go bhfuil an tÚdarás ag díol ar an margadh oscailte, pé maoin atá acu sna ceantair Ghaeltachta éagsúla, ag an uair is measa le talamh forbartha a dhíol ó bunaíodh an stáit. Ceannaíodh an talamh sna seachtóidí le go mbeadh banc talún ag an Údarás, le húsáid amach anseo chun fostaíocht a chruthú sa nGaeltacht. Tá an tÚdarás ar a mhíle dhícheall ag iarraidh é a dhíol anois. Díoladh talamh, cuirim i gcás, in aice le calafort Ros a’ Mhíl le gairid. Má thagann forbairt ar an gcalafort sin, mar atá beartaithe, b’fhéidir go mbeidh an stát ag iarraidh an talamh sin a cheannach ar ais, ar 10 n-oiread an airgid ar ar díoladh é. Ó Cuív is cúis leis an dúnghaois gan chéill seo.
Ach is measa ná sin, a raibh beartaithe a dhéanamh leis an Udarás, do réir an Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Údarás a scrios ar fad mar eagras forbartha Ghaeltachta trí Údarás na Gaeilge a dhéanamh dhó, a bheadh freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre.
Bhí an-dóchas as Éamon Ó Cuív, nuair a ceapadh é i gceannas cúrsaí Gaeltachta sa mbliain 1997. Fuair sé 12 bhliain le dul i ngleic le fadhbanna na Gaeltachta, mar Aire Stáit i dtosach agus ansin mar Aire Rialtais. Theip air. Chuir sé athbhreithniú na dteorannacha Gaeltachta ar an méar fhada, arís is arís, cheal misnigh. Ach tabharfaidh mé creidiúint dhó faoi rud mór amháin a rinne sé: Oifig an Choimisinéir Teanga a bhunú agus duine den scoth a mholadh don Rialtas le ceapadh is le hathcheapadh i gceannas air. Tá toradh le feiceáil ar an gcuid sin dá gcuid oibre ach maidir le slánú na Gaeilge mar gnáth-theanga chumarsáide sa gcuid sin den Ghaeltachta ina bhfuil sé fós á húsáid mar gnáth-theanga laethúil, theip air dul i ngleic leis an bhfadhb. Bhí sé thar am dhó an pháirc a fhágáil. Tá súil agam go ndéanfaidh sé rian níos fearr a fhágaint ar an Roinn ar a bhfuil sé i gceannas anois, ná mar a d’fhág sé ar an nGaeltacht.
Naisc: Tuarascáil an Choimisiúin: http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeltacht/TuarascailChoimisiunnaGaeltachta2002-dulchuncinnoshin/