AR NA SAOLTA SEO
An Crios á Theannadh ar Aer an Tíogair
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

logleabhair scairdeitleáin an rialtais aimsithe ag Beo.ie. Is é seo an chéad uair ar cuireadh a leithéid ar fáil agus tá go leor faisnéise iontu maidir le gnásanna taistil ár gcuid Airí Stáit. Ins an alt seo, déanann Breandán Delap anailís chuimsitheach ar a bhfuil iontu.

Íomhá
Cuntas an Gulfstream
Íomhá
Cuntas an Learjet 45
Íomhá
Armas Aerchór na hÉireann
Íomhá
Gulfstream an Rialtais (1541 a tharraing ar Flicker)
Íomhá
Learjet 45 (a tharraing Tasesc ar Vicipéid)

Baol a bhaineann le bheith i gceannas ar eagraíocht ar bith ar feadh tréimhse fhada ná gur minic nach ligean an sotal duit idirdhealú a dhéanamh idir na nithe atá tú i dteideal a dhéanamh agus iad siúd nár chóir a dhéanamh. Tá a leithéid fíor ach go háirithe faoi Éire Teoranta atá á rialú, a bheag nó a mhór, le breis is scór bliain anuas (díomaite de bhearna dhá bhliain go leith i lár na nóchaidí) ag comhrialtais a bhfuil Fianna Fáil mar pháirtí cheannasach ann. Tá sampla eile den sotal seo le sonrú i logleabhair scairdeitleán an rialtais le cúig bliana anuas. Tá sonraí an logleabhair úd, a scaoileadh saor tríd An Acht um Shaoráil Faisnéise, á fhoilsiú don chéad uair in Beo na míosa seo.

Trí aerárthach a bhaineann baill den rialtas úsáid astu:

An Gulfstream IV (ar chostas €7,890 in aghaidh an uair an chloig), An Learjet 45 (ar chostas nach mór €3,000 san uair) agus An Beechcraft Superking Air 200 (ar chostas €1,770 san uair).

Lena chois sin, baintear úsáid go fíorannamh as an CASA (ar chostas €2,821 san uair) mar chúltaca don tSeirbhís Aerthaisteal Aireachta, agus tá na turais sin san áireamh san anailís seo. Déanadh 870 turas ar na scairdeitleáin le linn an ama seo ar chostas €19.4 san iomlán. 343 turas a déanadh ar an Gulfstream ón chéad lá d’Eanáir 2005 go deireadh mí Dheireadh Fómhair 2009. Chosain na turais seo €15.2m ar an cháiníocóir. Déanadh 386 turas ar an Learjet, 131 turas ar an Beechcraft agus 10 dturas ar an CASA ar chostas €3.4m, €710,770 agus €46,575 fá seach. Ar ndóigh níl sna costais sin ach praghas na n-eitiltí agus níl lóistín ná costais iompair ar thalamh san áireamh.

Níl éinne ag maíomh gur cheart d’Airí rialtais a bheith ag taisteal i measc na n-eallachar mhuin high nelly mar a bhíodh Oliver J Flanagan sa tseanam, agus táthar i dteideal gach compord gur féidir a thabhairt daofa ar phraghas mheasartha. Ní chun tairbhe na tíre a bheadh sé ár gcuid airí rialtais a bheith tuirseach, traochta agus iad i mbun dualgais stáit. Tá ócáidí ann fosta nuair is siosmaidí agus nuair is saoire i bhfad scaifte airí agus a gcuid comhairleoirí is státseirbhísigh a eitilt in aon árthach amháin. Bheadh sé míréasúnta lena chois sin nach mbainfí leas as na scairdeitleáin le hAirí a thabhairt ar cuairt chuig saighdiúirí de chuid Arm na hÉireann i láithreacha cogaíochta ar nós Poblacht Shead. Ní thiocfadh leis an chancrán is binbí a bheith míshásta leis an úsáid a baineadh as scairdeitleán an rialtais le déanaí leis an oibrí cabhrach Sharon Commins a thabhairt ar ais abhaile tar éis di 107 lá a chaitheamh i ngéibhinn sa tSúdáin. Is fiú go mór na scairdeitleáin a úsáid fosta nuair a bhíonn práinn ama i gceist. Ach le cúig bliana anuas, ba mar ghnáthchleachtas seachas ar bhonn eisceachtúil a bhíothas ag baint úsáide as.

Eitleán Iomlán nó Suíochán Amháin?

Is léir óna logleabhair, mar shampla, go raibh na scairdeitleáin á n-úsáid lenár gcuid n-airí a thabhairt go cathracha ina bhfuil eitiltí tráchtála ag freastal orthu go laethúil ar chostas i bhfad Éirinn níos lú. Bhíothas ag eitilt go tráthrialta go háiteanna ar nós Páras, Maidrid, An Róimh, Prág, Dún Éideann, Manchain, Luton, Newcastle, Caerdydd, Beirlin, Vín, Zurich, Kraków, Frankfurt, Búdaipeist, Bilbo, srl. Cathracha iad seo a bhfuil aerseirbhís rialta idir iad agus Éire. Deineadh 159 turas ar na scairdeitleáin go dtí an Bhruiséil, mar shampla, áit a bhfuil ceithre eitilt sa lá ag dul ann ó Bhaile Átha Cliath agus ceann amháin ó Aerfort na Sionna.

Is minic go raibh dornán maith airí agus státseirbhíseach (agus iriseoirí go deimhin!) ar na heitiltí a rinne na scairdeitleáin le linn na tréimhse seo. Ar ócáidí eile, áfach, ní raibh ag eitilt ach beirt no triúr. Ar ócáid amháin go fiú ní raibh ach paisinéir amháin sa Learjet a chuaigh go Riyadh ar an 3 Lúnasa 2005. Chosain sé nach mór €48,000 ar an státchiste Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a chur ann. Is cinnte go mbeadh sé ní ba chiallmhara i bhfad suíochán chéad ghrád a cheannach dó ar eitleán tráchtála amach as Londain agus oíche nó dhó in óstán cúig réalt dá mba ghá. Cuimhnímis go raibh an Dáil ar scor agus formhór na comhaireachta ar saoire ag an am agus nach dócha go raibh gá aige pilleadh go gasta.

Chosain sé €27,615 ar Aire Fiontraíochta na hama, Micheál Martin, agus duine dá gcuid státseirbhíseach, Vincent Landers, eitilt ó Chorcaigh go Zurich ar an 26 Eanáir 2005. An bhfuair an cáiníocóir luach ár gcuid airgid as an turas seo do bheirt agus eitiltí rialta tráchtála ag dul ann ó Bhaile Átha Cliath? Dhá lá ina dhiaidh sin chosain sé €35,505 ar thuras a thug an tAire céanna go Prág (agus beirt ina theannta an t-am seo.) Chosain sé nach mór €80,000 ar thuras dhá lá a ghlac an tAire Stáit Micheal Ahern agus státseirbhíseach amháin go dtí an Róimh, Istanbul agus Búcairist. An raibh bealach níos saoire ann leis an bheirt acu a thabhairt ann? Ar an 27 Bealtaine 2006 chuaigh Aire Gnóthaí Eachtracha an ama, Dermot Ahern, go Vienna agus státseirbhíseach ina theannta ar chostas €39,450. Chosain sé €25,000 an tAire Martin agus státseirbhíseach a thabhairt go Istanbul. Chosain sé €23,250 an tAire Stáit Dick Roche (agus beirt ina theannta) a chur go Corfu ar an 26 Meitheamh, 2009. Ar ndóigh, níl sa mhéid thuasluaite ach blaiseadh beag den chaiteachas le linn an ama sin.

Eitiltí Intíre

Ba léir fosta go raibh na scairdeitleáin á n-úsáid go rialta ag roinnt Airí rialtais le haghaidh turais intíre go Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí, Sligeach, Port Láirge agus Doire. Díolann an rialtas na milliún Euro d’fhordheontais achan bhliain le comhlachtaí ar nós Aer Arann, Ryanair agus Cityjet le seirbhís aeir a chur ar fáil idir na ceantair seo agus an t-ardchathair. Cad tuige mar sin nach mbainfí leas as seirbhís atá an rialtas ag íoc as cheana féin? Cad tuige an mbeadh gá leis an chostas a dhúbailt? Níor mhór a áiteamh fosta go mbeadh ar a gcuid tiománaithe an carr stáit a thabhairt ó Bhaile Átha Cliath go dtí na haerfoirt réigiúnda sin le hiad a bhailiú ag an taobh eile, rud a chiallaigh go raibh a dhúbailt de chostas ar an stát. B’annamh ach an oiread nach n-eitlíodh Airí rialtais go Béal Feirste nuair a bhí cruinnithe á reáchtáil sa bhaile sin, cé nach nglacann sé ach uair go leith dul ann ar an mhótarbhealach ó Bhaile Átha Cliath.

Glacaimis an bhliain 2005 mar eiseamláir den ghnás sin. Ar an 21 Eanáir an bhliain sin, bhailigh an Beechcraft an tAire Martin Cullen (ina aonar) agus thug chun na hardcathrach é ar phraghas €2,360. Thug an Beechcraft an tAire Martin (ina aonar) ar ais go Corcaigh ar an 19 Bealtaine ar chostas €2,655. Chosain sé €3,945 an t-iar-Aire John O Donoghue amháin a thabhairt ar ais go Ciarraí ar an Gulfstream ar an 16 Aibreán. Chosain sé €4,500 Mary Harney agus duine dá státseirbhísigh a thabhairt go Ciarraí ar an chéad Lá d’Aibreáin, €1,500 ar iad a thabhairt go Doire ar an 13 Bealtaine agus chosain sé €1,770 iad a thabhairt go Sligeach ar an 9 Meitheamh. D’eitil sí go Gaillimh le duine amháin eile ar phraghas €3,540 ar an 21 Bealtaine agus go dtí an tSionainn ar an phraghas céanna. Chuaigh an Beechcraft ar thuras fillte go Corcaigh ar an 17 Dheireadh Fómhair 2005 le síob a thabhairt don Aire Stáit Michael Ahern ina aonair (ar chostas €1,328) agus seachtain dar gcionn le síob a thabhairt don Aire Micheál Martin (ar chostas €2,655). B’amhlaidh an cás ar an 16 Nollaig nuair a chuaigh an t-eitleán céanna go dtí an tSionainn leis an Aire Willie O Dea, ina aonar, a bhailiú. Chosain an turas sin €1,328.

Arís eile, níl ansin ach léargas beag den úsáid intíre a baineadh as na scairdeitleáin le linn na bliana sin gan trácht ar bhlianta eile. An raibh géarghá eitilt a ghlacadh ar na hócáidí sin uilig? Nárbh fhearr i bhfad ticéad chéad ghrád a fháil do na hAirí ar an traein? Nó, Dia idir sinn agus gach olc, go mbainfí leas as a gcarr stáit a íocann an cháiníocóir as go flaithiúil gach bliain? Ceist eile ar ndóigh é an drochshampla a bhí an rialtas ag léiriú maidir lena lorg carbóin de, bíodh is go ndéantar fritháireamh ina leith!

Giorraíonn Beirt Eitilt!

Tharraing na turais a rinne bean chéile an t-iar-Cheann Chomhairle, John O Donoghue, ina theannta le dornán blianta anuas go leor poiblíochta le linn an Fhómhair seo caite. Rinne sí é a thionlacan ar chúig ócáid déag. Léiríonn na logleabhair, áfach, nárbh í Kate Ann O Donoghue an t-aon chéile amháin a rinne turais ar na scairdeitleáin. Ar ndóigh is minic ó thaobh protócal de, go mbeadh cuireadh oifigiúil faighte ag céile Aire freastal ar ócáid ar leith. Rinne Maeve Ahern 13 turas i dteannta a fear céile, an tAire Dermot Ahern: turas trí la go Moscó agus Cív in Iúil 2005; turas thar oíche go Salzburg i Márta 2006; turas aon lae go Valetta i nDeireadh Fómhair 2006; turas dhá oíche go Nua-Eabhrac i Samhain 2006; turas ceithre oíche go Nua Eabhrac agus Washington i Márta 2007; turas thar oíche go La Rochelle i Meán Fómhair 2007; turas lae go Milan i Samhain 2007; turas dhá lá go Nice in Iúil 2008; turas thar oíche go dtí an tSlóivéin I Márta 2008; turas dha lá go Prág in Eanáir 2009; turas dhá lá go Stockholm in Iúil, 2009 maraon le turas inmheánach amháin. D’eitil sí féin, a fear céile agus beirt státseirbhíseach go Bordeaux ar an 13 Meán Fómhair 2007 agus d’fhan ann ar feadh trí lá. Idir an dá linn, d’fhill an Gulfstream go Baile Dhónaill, d’fhan sé díomhaoin ar feadh dhá lá sular fhill sé go Bordeaux leis an cheathrar a thabhairt abhaile. Chosain an turas ar fad €25,000.

Rinne Brian Geoghegan sé turas déag in éineacht lena bhean chéile Mary Harney: turas lae to Sarajevo i Márta 2005; turas ceithre lá go Ceanada i bhFeabhra 2006; turas sé lá go Filideilfia agus Washington i mBealtaine 2006; turas trí lá go Milano i bhFeabhra 2007; turas aon lá go Cóbanhávan i Márta 2007; turas aon lá go dtí Críocha Lochlainn i Márta 2007; turas sé lá go Meiriceá (ina ndeachaigh an scairdeitleán ar sheachród go Las Vegas) i bhFeabhra 2008; turas thar oíche go Ljubiana in Aibreán 2008 mar aon le hocht dturas inmheánach.)

I measc na bpáirtithe eile a rinne turais bhí Anne Gillespie Gallagher, bean chéile Pat the Cope, a rinne cúig thuras ina theannta: turas thar oíche go Fredrickshafen na Gearmáine i Márta 2006; turas dhá oíche go Verona i Samhain 2006; turas aon lá chun na hAithine i Meán Fómhair 2007; turas dhá lá go Dún Éideann in Aibreán 2008 agus turas inmheánach amháin. Rinne bean chéile an Aire Stáit Michael Ahern turas trí lá go Liospóin; chuaigh bean chéile Batt O Keefe ina theannta ar thuras thar oíche as Corcaigh go Larnaca i nDeireadh Fómhair 2006; chuaigh Eleanor Roche, bean chéile an Aire Stáit Dick Roche, ar thuras trí oíche go Sofia agus Búcairist i Nollaig 2006 agus ar thuras thar oíche go Prág i Márta 2009; agus chuaigh bean chéile an Aire Brendan Smith ar thuras dhá lá chun na Sualainne i Meán Fómhair 2009.

Pingneacha!

I measc na dturas ba chostasaí a deineadh le linn na tréimhse seo bhí eitilt an Aire Ahern go Timor Thoir i bhFeabhra 2008 (a chosain nach mór €260,000); eitilt an iar-Thaoisigh, Bertie Ahern, go Winnipeg, San José agus Washington DC i Márta 2006 (a chosain €168,000); agus turas an Aire Mary Harney go Phoenix agus Houston le freastal ar an Superbowl i bhFeabhra 2008 (a chosain €164,000).

Agus mar fhocal scoir, bheadh sé neamartach gan a lua go bhfuair an rialtas luach maith as a gcuid airgid ar dhá ócáid inar eitil bunús na comhaireachta lena chéile. Chuaigh Taoiseach agus Tánaiste an ama, agus naoi n-aire, go Corcaigh ar an Gulfstream ar an 8 Meitheamh 2005 le haghaidh oscailt Dánlann Lewis Glucksman. Ar an 23 Eanáir 2009 d’fhill an Taoiseach agus an Tánaiste nua, i dteannta seachtar Aire ar Chorcaigh ar an scairdeitleán céanna. Ní bheifeá ag dréim go mbeidís uilig ag taisteal lena chéile ar eagla go mbeadh timpiste ann. Smaoinimis ar a tharla don RUC i 1994 nuair a cailleadh deichniúir dá gcuid Oifigigh ba shinsirí i dtimpiste inghearáin i gCeann Tíre na hAlban. B’fhéidir mar sin gur baolach an ní don rialtas iomlán taisteal in aon eitleán amháin. Is cinnte nach bhfuil sé de chleachtas ag teaghlach ríoga Shasana a leithéid a dhéanamh!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.