AR NA SAOLTA SEO
Mangairí an Fhaitís
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Chuaigh an gháir amach, ‘slándáil dúiche, le deifir!’, ach ‘cén dúiche?’ a fhiafraíonn Maidhc Ó Cathail.

Íomhá
Michael Chertoff, Rúnaí na Slándála Dúiche i SAM (ar Vicipeid)
Íomhá
Jonathan Cook, iriseoir, údar (é féin le Commons ar Vicipéid)
Íomhá
Naomi Klein, údar, iriseoir (Jacob Appelbaum a tharraing ar Vicipéid)

Díreach i ndiaidh na heachtra aistí ar Eitilt Northwest 253 lá Nollag, bhí Michael Chertoff ar fud na meán ag cur scanóirí coirp chun cinn mar an réiteach is fearr ar fhadhbanna slándála aerthaistil SAM. Ó d’éirigh sé as oifig mar rúnaí Slándála Dúiche i 2009, bhunaigh Chertoff gnólacht slándála.

I measc cliantchuideachtaí an Chertoff Group, tá déantúsóir na scanóirí. Cé gur thug meáin áirithe an choimhlint leasa gnách seo faoi deara, rinneadh neamhaird ar shárú ar iontaoibh i bhfad níos measa ar phobal SAM. In agallamh ar CNN, luaigh Chertoff an eachtra os cionn Detroit mar “a very vivid lesson in the value of that machinery.” Ceacht amháin nár fhoghlaim sé, áfach, ná go raibh an ghnólacht shlándála a lig an Moslamach óg ón Nigéir gan chlóchead ar bhord an eitleáin neamh-mhuiníneach.

Bunaíodh ICTS International N.V. i 1982 ag iarbhaill de phóilíní intíre Iosrael, an Shin Beth, agus iarbhaill slándáil El Al. Ciontaíodh Menachem Atzmon, ar leis ICTS, i 1996 as calaois maidir le feachtas toghchánaíochta agus é ina chisteoir do Likud, páirtí Begin, Shamir, Sharon agus Netanyahu. Cé go bhfuil clú agus cáil bainte amach ag slándáil aerthaistil Iosrael, níl stair sábháilteachta ICTS thar lear thar mholadh beirte. I Mí na Nollag 2001, d’éirigh leis an “buamadóir bróige” Richard Reid cor a chur ar ICTS ag Aerfort Charles de Gaulle i bPáras. Agus ba é fochuideachta ICTS, Huntleigh USA, a bhí i bhfeighil slándála in Aerfort Logan i mBostún, áit as ar fhág dhá eitilt a fuadaíodh ar 11 Meán Fómhair, 2001. Suimiúil go leor, d’oibrigh máthair Chertoff le El Al sna 50í. Ina leabhar Israel and the Clash of Civilizations, scríobh Jonathan Cook: “There are reports that she was involved in Operation Magic Carpet, which brought Jews to Israel from Yemen. It therefore seems possible that Livia Eisen was an Israeli national, and one with possible links to the Mossad.”

Saorchead Isteach is Amach i SAM

Mar sin féin, níor fiafraíodh de Chertoff mar gheall air seo i rith na héisteachta Seanaid i gcomhair a cheapacháin mar rúnaí Slándála Dúiche i 2005. Thacaigh Seanadóirí Joseph Lieberman agus Charles Schumer leis, agus ceadaíodh é sa Seanad, atá faoi smacht ag AIPAC, le vóta 98-0.

Ceaptar gurb é Chertoff a lig an 200 Iosraelach a gabhadh i 2001 a dhul ar ais go hIosrael, gan ach “sarú ar dhlíthe inimirce” curtha ina leith. Scríobh an Ghníomhaireacht Feidhmithe Drugaí tuarascáil faoi na “mic léinn ealaíne” seo agus a gcuid “gníomhaíocht amhrasach” roimh 9/11. De réir na tuarascála, bhí siad díreach i ndiaidh a chuid ama san arm Iosraelach a chur isteach – “the majority in intelligence, electronic signal intercept, or explosive ordnance units.” Mar a chuir eagarthóir Antiwar.com Justin Raimondo é ina leabhar iontach The Terror Enigma, “the probability that these are graduates of the Mossad School of Art (summa cum laude) is certainly high.”

Ach an bhféadfaí a bheith in amhras faoi thírghrá an fhir a chum Acht Patriot SAM?

Tobar an tSaibhris, Teacht ar Ola ar 9/11

Ar 11 Deireadh Fómhair, 2001, mí i ndiaidh na n-eachtraí uafáis, thug Seanadóir Lieberman isteach S. 1534, bille a bhunaigh Roinn Slándála Dúiche. Agus cé a rinne urraíocht ar an acht dépháirteach ach Arlen Specter, Síónach eile.

An lá i ndiaidh 9/11, dúirt Benjamin Netanyahu go místuama go raibh marú suas le 3,000 Meiriceánach “go han-mhaith” d’Iosrael. Bhí sé go han-mhaith, go háirithe d’earnáil áirithe in Iosrael.

In alt dar teideal “Laboratory for a Fortressed World,” chuir Naomi Klein síos ar an mborradh a tháinig faoi earnáil na slándála dúiche i ndiaidh 9/11. Sa bhliain 2007, dar léi, bhí Iosrael ag onnmhairiú $1.2 billiún de tháirgí “slándála” a bhí tástáilte ar Phalaistínigh sa chríoch ghafa. Agus is é Roinn Slándála Dúiche SAM ceann de na margaí is seasmhaí atá ag Iosrael.

Mar a chuir Klein go maith é, “Israel has struck oil. The oil is the war on terror, the state of constant fear that creates a bottomless global demand for devices that watch, listen, contain and target ‘suspects.’”

Agus ag cabhrú le hIosrael leas a bhaint as an “acmhainn” seo, bhí “slándáil dúiche” á chur chun cinn ag leithéidí Chertoff, Lieberman, Schumer agus Specter sna Stáit Aontaithe. Ba cheart do Mheiriceánaigh cúpla cheist a chur orthu, áfach. Cén dúiche? Agus cé dó a bhfuil an tslándáil?

Tá leagan den alt seo i mBéarla le tagairtí ar fáil anseo:http://dissidentvoice.org/2010/01/the-merchants-of-fear-israel%E2%80%99s-profiting-from-homeland-insecurity/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.