AR NA SAOLTA SEO
Cá bhFuil Sé?
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá Robert McMillen den bharúil gur saoithiúil an dóigh a athraíonn saol na polaitíochta i bhfaiteadh na súl.

Íomhá
Cén troigh gan tuairisc a bhfuil an fear seo
Íomhá
An Feisire a ghnóthóidh, Jim Allister

Cá dtosóidh mé? Mothaíonn sé gur sa chianaimsir a bhí muid ag treabhadh frí oilbhéim Iris Robinson agus sinn ag dréim go mór le tuilleadh scéalta fá iompar drúisiúil ar chúl na gcuirtíní lása, ach go tobann, in áit an uafáis, tháinig an pholaitíocht chun cinn ar mhodh thar a bheith saoithiúil. Ag tús na míosa, bhí an chaint uilig ar Peter Robinson, an mairfeadh a thréimhse mar Chéad Aire, mar cheannaire an DUP, mar pholaiteoir i ndiaidh a bhfuair muid amach fána bhean chéile agus faoi na líomhaintí a cuireadh ina éadan féin.

Toghadh Arlene Foster ina Céad Aire gníomhach agus seo leis Peter ar shiúl le haire a thabhairt dá bhean bhreoite. Ach i bhfaiteadh na súl, bhí Peter cóir ar ais arís agus cainteanna idir an DUP agus Sinn Féin faoi lán seoil arís. (Cén stádas atá ag Robinson agus ag Foster anois? An bhfuil biseach ar Iris?) Bhí na nuachtáin lán dóchais go mb’fhéidir go raibh socrú ar na gaobhair, go raibh fuinneamh úr sa chóras agus go raibh an DUP réidh leis an bheart a dhéanamh maidir le hAistriú Cumhachtaí Póilíneachta agus Cirt.

Ach níor shaill gan fiacha é - cead ag mórshiúlta Oráisteacha siúl fríd cheantracha náisiúnaíocha. Má bhí lámh ag Sinn Féin i mbunú Chumainn na nÁitritheoirí - agus bhí - ní hionann sin is a rá go bhfuil smacht ag an pháirtí anois orthu.

Cumainn Áitritheoirí

Glac Bóthar Garbh Achaidh i bPort an Dúnáin, mar shampla. Cuireadh cosc ar mórshiúlta Oráisteacha i bPort na Dúnáin in 1825 agus in 1827. In 1835 a maraíodh an chéad Chaitliceach, Hugh Donnelly, ansin. Seo aighneas, mar sin, atá níos doimhne agus níos bunúsaí ná mar a thuigeann daoine taobh amuigh den cheantar sin. Tá sé taobh amuigh den chineál allagar polaitíochta atá ag dul ar aghaidh ag Stormont. Anuas ar sin, d’fhág Breandán Mac Cionnaith, urlabhraí na n-áitritheoirí i laethanta foréigneacha na 1990í, d’fhág sé Sinn Féin i 2007 agus tá sé anois ina rúnaí ginearálta d’Éirígí. Níl mórcheannas Shinn Féin chomh láidir agus a bhíodh sé sa cheantar agus dá mbeadh Adams agus McGuinness sásta géilleadh d’éileamh an DUP maidir le mhórshiúlta Oráisteacha, bheadh daor orthu.

Tá sin ar na fáthanna go bhfuil an idirbheartaíocht atá ag dul ar aghaidh faoi láthair chomh malltriallach sin, táthar ag dul i ngleic le mórtas cine dhá dhream atá in iomaíocht lena chéile le corradh le 200 bliain. Níl sé sin furasta, go háirithe nuair nach bhfuil fís ag aon duine seachas seasamh a lucht leanúna féin a chur chun cinn. Ar ndóigh, tá an Tionól tógtha ar choincheap sin an “dá phobal”. An féidir leis an Fheidhmeannas mairstean má éiríonn sé soiléir nach n-oibreoidh an dá threabh lena chéile go deo na ndeor? Táthar a rá go bhfuil an bhearna idir na páirtithe ag cúngú, ach ní chruthóidh an béarlagair sin muinín go bhfuil socrú fadradharcach, fadtréimhseach i ndán dúinn.

Cá bhfuil Jeffrey!?

an-ráchairt ar na leabhair Where’s Wally? ach is í an cheist is coitianta ó thuaidh inniu nó Where’s Jeffrey? Níl tasc nó tuairisc ar Jeffrey Donaldson, idirghabhálaí tábhachtach de chuid an DUP, le cúpla seachtain anuas. Tá a fhios againn nach bhfuil caidreamh foirfe idir é féin agus Peter Robinson, ach tá scéalta ag dul thart le cúpla mí anuas fá shaol pearsanta Donaldson. Tá cuid mhór cainte sa bhlagasféar go bhfuil oilbhéim réidh le pléascadh fá Fheisire Ghleann an Lagáin, ach ní fhacthas a dhath sna nuachtáin go fóill. Táthar ag cur na ceiste an bhfuil teastas PID – faisnéisiú ar leas an phobail - i bhfeidhm, teastas a chuireann cosc ar na meáin an scéal a thuairisciú. Is féidir fosta go bhfuil “super-PID” i bhfeidhm a chuireann cosc ar fhoinsí nuachta a rá bhfuil an bun-PID féin i bhfeidhm!

Tá Feisire eile de chuid an DUP luaite i ráflaí fána shaol pearsanta agus ar ndóigh, tá sé seo ag cur buartha ar gach páirtí agus ar na rialtais. Má fhaightear amach go bhfuil peacaí marfacha ar anam an DUP, thiocfadh leis an tóin titim as an pháirtí. Rachadh a vótairí i dtreo an TUV, páirtí Jim Allister, agus rachadh an Tionóil, an próiseas ar fad, go toinn poill.

An Cárta Oráisteach:

Bhí fearg an domhain ar Alastair McDonnell, fear atá ag iarraidh a bheith ina cheannaire ar an SDLP, nuair a chuala sé fá na cainteanna idir an DUP, an UUP agus an Páirtí Coimeádach. Luaigh McDonnell an “cárta flannbhuí” agus ní gan fáth."The Orange card was the one to play", a scríobh an Coimeádach, Lord Randolph Churchill, an fear céanna a dúirt "Ulster will fight, and Ulster will be right." le linn na n-agóidí Riail Baile/Home Rule.

Is léir nár fhoghlaim páirtí Cameron an ceacht sin gan taobhanna a ghlacadh ó thuaidh. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil togra “an aontais aontachtaí” ag titim as a chéile mar thoradh ar na codarsnaí inmheánacha níos mo ná rud ar bith eile.

Flash Harry:

Sa toghchán atá romhainn, beidh Harry Hamilton i measc na n-iarrthóirí ar son an UUP. Is mó an clú atá ar Harry mar mhacasamhail Freddy Mercury leis an bhuíon, Flash Harry!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.