AR NA SAOLTA SEO
Cé atá Freagrach as Slad na hIaráice?
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Áiríonn Maidhc Ó Cathail ceithre dhuine dhéag atá freagrach as ár na hIaráice dar leis. Cé hiad?

Íomhá
Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael
Íomhá
Lewis Scooter Libby

Tá sé seacht mbliana anois ó d’ionsaigh SAM an Iaráic, ach is iomaí tuairim fós faoi cad chuige a rinne siad é, agus cé atá freagrach as an gcinneadh tubaisteach sin. Le cheist na freagrachta a shoiléiriú, ní foláir athbhreithniú ar an tionchar lárnach a bhí ag ceithre dhuine dhéag ann.

Ar bhealach, d’fhéadfá a rá gur thosaigh cogadh na hIaráice sna seascaidí nuair a chas Albert Wohlstetter, ollamh in Ollscoil Chicago, le Ahmed Chalabi. Níos déanaí, chuir Wohlstetter an tIarácach cam in aithne do bheirt dalta coimirce dá chuid, Richard Perle agus Paul Wolfowitz. Roimh an ionradh ar an Iaráic, ba iad Perle agus Wolfowitz ba mhó a chuir chun cinn bréaga an Iarácaigh maidir le hairm ollscriosúla.

Bhí Richard Perle freisin i gceannas orthu siúd a d’ullmhaigh tuarascáil do Benjamin Netanyahu i 1996. Mhol “A Clean Break” don phríomhaire Iosraelach deireadh a chur le réimeas Saddam Hussein. Fuair beirt bhall eile den ghrúpa, Douglas Feith agus David Wurmser, postanna tábhachtacha i rialtas George W. Bush, áit ar éirigh leo an beartas a chur i gcrích sa deireadh.

D’fhoilsigh an Weekly Standard príomhalt dar teideal “Saddam Must Go” sa bhliain 1997. Bhí sé scríofa ag William Kristol agus Robert Kagan, comhbhunaitheoirí an Project for a New American Century (PNAC). An bhliain ina dhiaidh sin, scríobh an mheitheal smaointe nuachoimeádach litir chuig Bill Clinton ag impí air dul i mbun cogaidh leis an Iaráic.

Foilsíodh Tyranny’s Ally: America’s Failure to Defeat Saddam i 1999. Mhaígh sé nach raibh ag éirí le dúnghaois Clinton an tír a smachtú, agus mhol sé do SAM a chuid fórsaí míleata a úsáid chun léarscáil an réigiúin a atarraingt. Bhí an t-údar David Wurmser ina chomhairleoir don Mheánoirthear ag Leas-Uachtarán Cheney ó 2003 go 2007.

Ceithre lá i ndiaidh ionsaithe 9/11, nuair a bhí ionsaí ar an Afganastáin á réamh-mheas ag rialtas Bush, mhol Paul Wolfowitz ionsaí ar an Iaráic mar go raibh sé “do-able.” Ach bhí ar an Leas-Rúnaí Cosanta fanacht cúpla bliain eile. Ansin dúirt sé nach mbeadh na céadta míle trúpaí ag teastáil, go gcuirfí fáilte rompu mar fhuascailteoirí, agus nach mbeadh ar SAM an cogadh a mhaoiniú.

Ar an 23 Meán Fómhair, 2001, mhaígh an Seanadóir Joseph Lieberman go raibh fianaise ann go mb’fhéidir go raibh caidreamh idir Saddam Hussein agus Bin Laden, agus go mb’fhéidir go raibh baint ag Saddam le 9/11 fiú. Ba é Lieberman a bhrúigh Acht um Fhuascailt na hIaráice chun cinn i 1998.

Ais an Oilc

Ina aitheasc ‘Staid an Aontais’ i 2002, luaigh George W. Bush an Iaráic mar chuid de “Ais an Oilc.” An scríbhneoir óráidí Ceanadach David Frum a chum an nath gríosaitheach sin.

Ba é Straitéis um Shlándáil Náisiúnta SAM a d’fhógair Bush i Meán Fómhair 2002 a chosain cogadh réamhionsaithe in aghaidh na hIaráice. D’admhaigh údar na Straitéise, Philip Zelikow, an mhí chéanna, áfach, nach raibh an Iaráic ina bhagairt dá laghad ar na Stáit Aontaithe: “Why would Iraq attack America or use nuclear weapons against us? I’ll tell you what I think the real threat (is) and actually has been since 1990—it’s the threat against Israel.”

Ar an 20 Meán Fómhair, 2002, in alt an eagarthóra sa Wall Street Journal dar teideal “The Case for Toppling Saddam,” mhaígh Benjamin Netanyahu go mb’fhéidir go raibh ábhar eithneachin centrifuges the size of washing machines” curtha i bhfolach ag Hussein ar fud na tíre.

Ba é Lewis “Scooter” Libby a dhréachtaigh an óráid mhí-ionraic maidir le hairm ollscriosúla na hIaráice a thug Colin Powell do na Náisiúin Aontaithe ar an 5 Feabhra, 2003. Bhí Libby ina cheann foirne ag Dick Cheney go dtí gur cúisíodh é as bréag a insint d’imscrúdaitheoirí feidearálach i gcás Valerie Plame.

Bhí an Oifig um Phleananna Speisialta sa Pheinteagán ag fáil tuairiscí scaollmhara i dtaobh na hIaráice ó oifig Ariel Sharon san Iosrael agus á dtabhairt go Bush. Douglas Feith a bhí i gceannas ar “mhonarcha na mbréag” sin.

Agus is ar Bernard Lewis, Ollamh Gradaim de chuid Ollscoil Princeton a rugadh i Sasana, an fear a chum an coincheap áiféiseachCoimhlint idir Sibhialtachtaí,” ar tagraíodh dó mar: “perhaps the most significant intellectual influence behind the invasion of Iraq.”

Ní móide go mbeadh cogadh san Iaráic le seacht mbliana anuas murach an pháirt a bhí ag leithéidí Wohlstetter, Perle, Kristol, Kagan, Wurmser, Wolfowitz, Lieberman, Frum, Netanyahu, Zelikow, Libby, Sharon, Feith agus Lewis. Ach céard atá i bpáirt acu go léir?

Is Giúdaigh atá ina Síónaigh iad go léir (agus caithfear cuimhneamh gur iomaí Giúdach nach bhfuil http://www.jewsagainstzionism.com/). Agus is iad agus a gcuid comrádaithe i bpolaitíocht, sna meáin, agus sa saol acadúil is mó atá freagrach as cogadh na hIaráice -- cogadh ar mhaithe le hIosrael.

Tá leagan den alt seo i mBéarla ar fáil anseo:

http://sabbah.biz/mt/archives/2010/03/13/whos-to-blame-for-the-iraq-war/

Naisc: http://www.newamericancentury.org/State of the Union http://www.youtube.com/watch?v=KpXpxixwwEoMar spraoi, an rud céanna http://www.youtube.com/watch?v=CQRui0RiBuU Netanyahu http://www.opinionjournal.com/editorial/feature.html?id=110002303Lewis http://en.wikipedia.org/wiki/Bernard_Lewishttp://www.armeniangenocidedebate.com/Bernard-Lewis-Armenian-GenocideSaid on the Clash of Civilizations http://www.youtube.com/watch?v=boBzrqF4vmo&feature=relatedChomsky ar an ábhar sin http://www.youtube.com/watch?v=qT64TNho59I&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=U85lC6pKmM0&feature=related

An Iaráic http://www.youtube.com/watch?v=bkOCIfNQXP0&NR=1http://www.youtube.com/watch?v=FQl5xUMZMHI&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=wgNInWQI-qU&feature=relatedhttp://www.dailymotion.com/video/x567enfire-fight-accross-the-tigris-rivertravelhttp://en.kendincos.net/video-vjvndff-islamic-army-in-iraq-sniper-video-baghdad-sniper-anthem-.htmlhttp://en.kendincos.net/video-pnpftrh-ansar-al-islam-35-attacks-against-the-u-s-forces-in-iraq.html

An Iaráin http://www.youtube.com/watch?v=y9oIZpFFyIY&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.