AR NA SAOLTA SEO
Baol tua an Bhord Snip ar ais ar an Chlár Oibre
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Is beag moladh de chuid an Bhord Snip Nua i leith na Gaeilge is na Gaeltachta a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo. Ach tá an bhagairt ag treisiú de bharr beirt airí a bheith éirithe as oifig dar le Breandán Delap

Íomhá
An Taoiseach, Brian Cowan
Íomhá
Is maith an cuidiú an chianóg
Íomhá
TG4
Íomhá
An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin

Cén dream is mó a bhain tairbhe as moltaí An Bord Snip Nua i leith na Gaeilge? Iriseoirí is léiritheoirí cláracha teilifíse is raidió na Gaeilge. Óir ní raibh aon easpa scéalta ná díospóireachta le breis is sé mhí anuas agus eagraíochtaí teanga is pobail ag baint na sál dá chéile ag iarraidh a bpáiste féin a chosaint ón tua. Agus cén dream is mó atá thíos leis na moltaí úd? Colm McCarthy agus a chuid comhleacaithe a chur a oiread sin dua orthu féin clár ciorruithe a chur le chéile, clár ar tugadh droim láimhe dó don chuid is mó. B’fhéidir nach bhfuil ach leath ama sroichte againn ó thaobh teacht slán ón ghéarchéim airgeadais, ach tá cuma na maitheasa ar chlár na scór ag an staid seo: Pobal na Teanga 1 Colm McCarthy 0. Agus sinn ag teannadh ar am breise, áfach, tugadh an cárta dearg do bheirt airí rialtais, rud a chiallaíonn go mbeidh atheagar ar na Ranna Stáit éagsúla agus impleachtaí dá réir ann do na ciorruithe a bhí molta.

Níl aon amhras ach gur todhchaí dhuairc a bhí i ndán don Ghaeilge ag tús an Fhómhair, áfach. Clár sceanairte a bhí molta ag Tuarascáil An Bord Snip Nua don teanga, a bhainfeadh an bonn de thionscail fhadbhunaithe Ghaeltachta agus de struchtúr riaradh na Gaeilge in aon scríob amháin. Moladh go gcuirfi deireadh le roinn rialtais faoi leith do chúrsaí Gaeltachta agus bhí éiginnteacht dá bharr ag baint le todhchaí an 196 ball dá fhoireann. Chiallódh sé seo nach mbeadh aon ionadaíocht faoi leith ag an Ghaeltacht, ná ag an Ghaeilge, ag bord an Rialtais. Moladh fosta go mbainfí cúraimí fiontraíochta de Údarás na Gaeltachta agus gur faoi Enterprise Ireland a bheadh cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht feasta. Mhol údair Thuarascáil an Bhord Snip chomh maith go gcuirfí deireadh le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, an scéim ina n-íoctar mná tí Gaeltachta as scoláirí a choinneáil i rith an tsamhraidh. Moladh fosta go gcuirfí deireadh le híocaíochtaí Scéim Labhairt na Gaeilge agus an Scéim Tithíochta Gaeltachta. Sa bhreis ar sin, moladh go gcuirfí deireadh leis an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus go slogfadh an Roinn Oideachais a gcuid feidhmeanna.

Ba bheag luach a chur údair Thuarascáil an Bhord Snip Nua ar chúrsaí Gaeilge ach bhí sé doiligh cás a dhéanamh ar a son ó tharla an tua a bheith ag titim ar achan ghné eile de chaiteachais an stáit. Nó ní raibh aon éalú ó mhaíomh na tuarascála nach raibh tionscnaimh éagsúla teanga ar an chloch is mó ar an phaidrín faoi láthair, nó "a relatively lower priority in terms of the existing pressures on the public finances” mar a dúradh ann.

Bodhaire Uí Laoire i dTaca le Mac Cárthaigh

Ach d’imigh sin agus tháinig seo. In agallamh a thug sé do Nuacht TG4 i mí Dheireadh Fómhair, thug an Taoiseach, Brian Cowen, le fios nach raibh sé i gceist aige deireadh a chur le Roinn na Gaeltachta. Ba léir go ndearna sé beart de réir a bhriathair, tráth ar foilsíodh na meastúcháin ag deireadh na bliana mar go raibh buiséad agus cúraimí leagtha síos don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ó shin i leith ar ndóigh, tá seasamh na Roinne daingnithe sa Dréacht-Straitéis Fiche Bliain i leith na Gaeilge agus é ráite go mbeidh Aireacht shinsireach ann i gcónaí. B’fhéidir nach sa riocht ina bhfuil sé faoi láthair a bheas an Roinn, ach tá sé i gceist go mbeadh Aire Sinsireach freagrach as cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge don scór bliain amach romhainn in ainneoin mholadh McCarthy agus eagarfhocal san Irish Times le déanaí. Ba shin an chéad mholadh i leith na teanga mar sin a caitheadh i dtraipéisí.

Níor baineadh a gcuid cúraim fhiontraíochta nó fostaíochta de Údarás na Gaeltachta ach an oiread. Cé gur déanadh ciorrú mór ar bhuiséad na heagraíochta, níorbh aon eisceacht é i measc eagrais stáit a d’fhulaing a mhacasamhail de shrianta. Níor chaill aon duine de na fostaithe a phost agus go deimhin tá sé molta ag an Dréacht-Straitéis go méadófaí cumhachtaí agus dlinse an Údarais agus go mbeadh feidhm lárnach ag an eagraíocht i gcur chun cinn na straitéise. Tá ról COGG á spíonadh i gcomhthéacs na Dréacht-Straitéise fosta; tá buiséad curtha ar fáil dó agus gan iomrá ar bith go bhfuil deireadh ag teacht leis.

Scéimeanna nár Cealaíodh

Ní léir ach an oiread go mbeidh deireadh curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge (nó Scéim na Deich bPuntaí mar a thugtaí air tráth) ina n-íoctar €260 in aghaidh an teaghlaigh Ghaeltachta, ach líofacht Ghaeilge na clainne a chruthú do chigire scoile. Tá foirmeacha na bliana seo scaipthe agus líonta isteach, agus go deimhin tá próiseáil agus cigireacht déanta orthu agus, i gcásanna áirithe, tá airgead íoctha le teaghlaigh go fiú.

Fiú amháin i gcás an Scéim Tithíochta Gaeltachta, bhí cinneadh glactha ag an Aire Ó Cuív roimh fhoilsiú Thuarascáil McCarthy go gcuirfí ar fionraí é - rud a tharla beag beann ar mholtaí an Bord Snip. Thiocfadh an rud céanna a rá faoi chomhdhlúthú na gcoistí pobail agus eagrais phobail áirithe atá faoi lán seoil ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair, siocair go raibh fógra tugtha ag an Aire Ó Cuív le fada go raibh géarghá le bearta cuíchóirithe dá leithéid.

Ba é an moladh ba mhó de chuid an Bhord Snip a tharraing díospóireacht sna ceantair Ghaeltachta ná go gcuirfí deireadh le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Bhí tráchtairí áirithe ag tuar gur buille an bháis a bheadh sa mholadh seo do na coláistí samhraidh; tionscail a chothaigh na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge ina láthair aiceanta labhartha. Ach níor tháinig an tuar fán tairngreacht seo ach an oiread agus i ndeireadh na dála, d’fhógair an tAire Ó Cuív sa Dáil an mhí seo caite go mbeadh cúram na scéime á aistriú go Roinn na Gaeltachta agus go gcaillfeadh na mná tí 50 cent an dalta in aghaidh an lae. Is beag an ciorrú é seo nuair a chuirtear díbhoilsciú agus praghasanna níos saoire ar bhia agus cothbháil san áireamh.

Na Meáin Chraolta Ghaeilge

Níor cuireadh moltaí na tuarascála ar shaol na craoltóireachta Gaeilge, ceann de na gnéithe is mó costas, maidir le tacaíocht an stáit don teanga, i bhfeidhm ach an oiread. Mhol an Bord Snip go laghdófaí íocaíocht díreach TG4 ón Státchiste, ach go n-ardófaí dá réir a teacht isteach ón cheadúnas teilifíse. Is beag tionchar a bheadh ag an mholadh seo ar TG4, óir gur RTÉ a bheadh thíos leis de bharr gur lú an sciar den cheadúnais a bheadh ar fáil dóibh. Bhí tuairimíocht áirithe ann go mbeadh ciorruithe breise i ndán do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus do Nuacht TG4, atá maoinithe as ioncam an cheadúnais cheana féin, dá dheasca sin.

Is beag de mholtaí Thuarascáil An Bord Snip i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a cuireadh i bhfeidhm mar sin. Bunaíodh brúghrúpaí le cur i gcoinne na gciorruithe – Guth na Gaeltachta ina measc – agus níl aon amhras ach go raibh tionchar áirithe ag na cruinnithe agus na hagóidí a d’eagraigh siad ar fud na tíre. Feachtais thomhaiste agus ciallmhara a bhí ar bun acu. Anuas ar sin, caitheadh go leor fuinneamh diúltach sna meáin Ghaeilge ag clamhsán faoin chur chuige neamhthrócaireach a bhí molta ag McCarthy, fuinneamh a bhfeadfaí a chaitheamh ar dhóigheanna níos dearfaí. Ar ndóigh ní fios dúinn cé mhéid de mholtaí McCarthy i leith na Gaeilge is na Gaeltachta a chuirfi i bhfeidhm murach an fuinneamh diúltach céanna. Ach ba ar chaomhnú an status quo a bhí iarrachtaí phobal na teanga dírithe le dornán míosa anuas seachas ar leasuithe chun maitheasa a dhéanamh ar bheartais teangan, rud a bhí intuigthe go leor is dócha.

I ndeireadh ama, bhí cnámh lom na fírinne ag Aire na Gaeltachta nuair a dúirt gur léargas ab ea Tuarascáil an Bhord Snip den chrot a bheadh ar an tír dá mbeadh sé faoi stiúir eacnamaí de chuid Baile Átha Cliath 4. De bharr gur theip ar a chuid údar cúinsí sóisialta is polaitiúla a chur san áireamh ina gcuid moltaí ciorruithe, thig a rá le cinnteacht áirithe, go bhfuil an tuarascáil chomh marbh le hart. É sin, go dtí 8.45pm ar an 18 Feabhra seo caite, tráth gur thug an Taoiseach le fios go raibh glactha aige le rún an Aire Willie O’Dea go mbeadh sé ag éirí as oifig.

Cor suntasach ab é sin i saolré an rialtais seo agus cuireadh an lasóg sa bharrach nuair a d’imigh an tAire Stáit Trevor Sargent sna sála air. D’fhág sé sin go raibh atheagar i ndán don chomhaireacht agus do na ranna Stáit éagsúla. D’fhág sé fosta go raibh moltaí ciorruithe an Bord Snip ar achan ghné de shaol na tíre ar ais ar an chlár oibre. An Coimisinéir

Tá sé seo ag tarlúint ag am ina bhfuil comhdhearcadh traspháirtí ag teacht chun tosaigh i leith na teanga. Is léir nach bhfuil fonn ar éinne go mbeadh cur chun cinn na Gaeilge ina ábhar spairnedeighilte. Bhí sé seo le feiceáil ach go háirithe sa díospóireacht i dtithe an Oireachtais ar athcheapachán an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, tráth ar chuir achan pháirtí polaitiúil fáilte d’aon ghuth roimh an chinneadh. Tá an comhdhearcadh seo le feiceáil fosta sna hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Chomhchoiste Oireachais a bhíonn ag plé le cúrsaí teanga dul i bpáirt le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus iad ag breithniú na dréachtstraitéise nua. Tugadh cuireadh d’eagraíochtaí Gaeilge áirithe a gcuid tuairimí i leith na dréachtstraitéise a roinnt leo agus go deimhin tháinig an Comhchoiste ar chamchuairt chun na Gaeltachta.

Chonacthas an tábhacht a bhí le comhaontú sa Tuaisceart agus tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil aon pháirtí polaitiúil ag iarraidh ‘peil pholaitiúil’ a imirt leis an teanga faoi láthair ach an oiread. Is chun leasa na teanga agus na Gaeltachta é an comhdhearcadh seo, dar liom. Ní hionann sin le rá nár cheart go mbeadh an freasúra ag ceistiú cur chuige an rialtais i leith na Gaeilge ná ag moladh leasuithe. In áit dul ar ‘ruathar aonair’, áfach, is mó de sheans go gcuirfear a gcuid tuairimí san áireamh i ndréachtadh beartas. An breacadh ré úr é seo do chúrsaí teangan?

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

Naisc: http://www.youtube.com/watch?v=hnmV6gAu8iY&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=BnxUJ4UebmE&feature=relatedhttp://anghaeltacht.net/gforsa/maccarthaigh.htmlhttp://www.cogg.ie http://www.coimisineir.ie/http://www.beo.ie/index.php?archiveid=1624&page=archivecontenthttp://www.youtube.com/watch?v=gRmfcRZvZ0U&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=OTDzYJtajKI&feature=relatedgreann http://www.dailymotion.com/video/xc8i6dcolm-mc-carthy-s-bottom-line-on-annews

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.