Tá moltaí suimiúla i leith na Gaeilge sa chóras dlí déanta in iris úr agus tá léargas spéisiúil tugtha ar úsáid na teanga ag an leibhéal is sinsirí den státchóras ar fáil in iris eile. Déanann Breandán Delap cur síos orthu san alt seo.
Ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm sa bhliain 2003, tá dualgas ar an stát agus ar chomhlachtaí poiblí cásanna cúirte sibhialta a riaradh i nGaeilge más í sin rogha teanga an pháirtí eile. Mar a bheifeá ag dréim leis, tá méadú tagtha ar líon na gcásanna a éistítear i nGaeilge dá bharr. Tá méadú dá réir tagtha ar líon na n-aturnatha agus na n-abhcóidí le Gaeilge atá i mbun cleachtais.
Díol spéise é mar sin nuair a thagann siad le chéile le scansáil a dhéanamh ar na mórcheisteanna atá ag dó na geirbe acu sa réimse teoranta saineolais seo agus moltaí a chur chun cinn chun iad a leigheas. Súil ar an Dlí (ar phraghas thar a bheith daor: €35) an toradh atá ar a saothar. Trí mholadh faoi leith san iris a thug mise suntas dóibh: go mbunófaí fondúireacht le maoiniú a dhéanamh ar fheachtais dlí a bheadh chun leas na teanga, go gcaithfí leis an Ghaeilge mar theanga mhionlaithe seachas mar theanga oifigiúil agus go mbeadh cead ag duine coiste, nó giúiré, dátheangach a bheith aige i dtriail choiriúil.
Ar an chéad dul síos molann an tAbhcóide, Gearóid Mac Unfraidh, gur cheart go mbunófaí ciste lena chinntiú go dtig le pobal na Gaeilge dul chun na cúirte lena gcearta teanga agus cultúir a chosaint. Maíonn an t-údar nach bhfuil sé d’achmhainn ach ag daoine saibhre agus ag daoine bochta (’nach bhfuil airgead ná maoin saoil dá gcuid féin acu agus nach baol dóibh má chailltear a gcás’) dul chun na cúirte sa lá atá inniu ann de bharr na costais arda a bhaineann leis an phróiseas agus an baol go mbeidh orthu ualach costais an fhreasúra a iompar fosta. Ciallaíonn sé sin go mbíonn drogall ar lucht labhartha na Gaeilge dúshlán an stáit a ghlacadh ar mhaithe le cúrsaí teanga. Ach maíonn an t-údar go bhfuil gá le cásanna áirithe a thabhairt os comhair na cúirte chun cearta teanga agus leas na Gaeilge a chur chun cinn. Tá sé de chumacht ag Oifig an Choimisinéara Teanga plé le haon sárú a dhéantar ar chearta teanga de réir dlí na tíre, ach ní thig leis tabhairt faoi shárú ar chearta atá leagtha amach sa Bhunreacht. Is faoin Ard-Chúirt amháin atá sé rialú a dhéanamh ar chearta bunreachtúla. Is chuige sin a mholann Gearóid Mac Unfraidh gur cheart ciste a bhunú.
‘An Lá a Rachas tú i mBannaí, Cuir do Lámh i do Phóca’
Tá straitéis beachtaithe ag Mac Unfraidh le dul i ngleic le seo. Molann sé go gceapfaí comhairleoir dlí leis na heagrais dheonacha Gaeilge a chur ar an eolas faoi cheisteanna dlí agus le comhairle a chur orthu. Lena chois sin, molann sé go mbunófaí ciste dlí leasa poiblí chun airgeadú a dhéanamh ar fheachtais dlí leasa phoiblí. Chuirfí fondúireacht ar bun le comhairle agus airgeadú a riaradh i réimsí a bhaineann le cearta dlíthiúla na Gaeilge. Cásanna a bhaineann le cearta sibhialta lucht labhartha na teanga seachas ceisteanna pearsanta idir páirtithe a dhéanfaí airgeadú orthu. Locht amháin atá ar an straitéis chuimsitheach seo ná nach léir cárbh as a thiocfaidh an t-airgead leis an fhondúireacht seo a bhunú. Ní dócha go mbeadh an stát toilteanach maoiniú a dhéanamh ar eagraíocht a bheadh ag tabhairt a dhúshlán go rialta sna cúirteanna agus a bheadh ag cur le costais an státchiste. Lena chois sin, is beag fonn a bheadh ar na heagrais dheonacha Ghaeilge sciar dá mbuiséad a chur ar leataobh do fhondúireacht den chineál sin ag am ina bhfuil an bhróg ag teannadh orthu. Ach is cinnte go bhfuil ábhar macnaimh ann gur cheart pilleadh air nuair a bheas an ghéarchéim geilleagair reatha slánaithe againn.
Measann Seán Ó Conaill go mba cheart caitheamh leis an Ghaeilge mar theanga mhionlaithe chomh maith le teanga oifigiúil mar go mba mhó na deiseanna a bheadh ag lucht a labhartha dá bharr. Cé nach bhfuil sé ag iarraidh go mbainfí a stadás mar theanga oifigiúil den Ghaeilge, tá sé den tuairim nach léargas iomlán cruinn é seo ar fhíorsheasamh na teanga in Éirinn na linne seo: ‘Chruthaigh sé seo fadhbanna áirithe ina raibh an stádas sin laghdaithe go dtí stádas teoiriciúil agus uaillmhianach de dheasca nach raibh a dhóthain á dhéanamh chun an teanga a shuíomh is a chosaint sa tír seo.’ Maíonn sé go mbíonn muid de shíor ag díriú ar stádas oifigiúil agus ar chomhionannas agus go bhfuil easpa pleanála ann ó thaobh idirdhealú dearfach a déanamh don Ghaeilge dá thairbhe. Go deimhin, mhol an Grúpa um Athbhreithniú Bunreachta breis is deich mbliana ó shin go dtabharfaí aitheantas dearfach don Ghaeilge mar theanga mhionlaithe. Is é Ceanada an t-eiseamlár atá ag an údar i gcur chun cinn na hargóna seo áit ‘go bhfuil aitheantas oifigiúil agus an t-aitheanas mar theanga mhionlaigh ag imoibriú le chéile le suíomh chomhionannas teanga ceart a thabhairt do lucht labhartha na Fraincise.’ Maíonn Ó Conaill gur mithid d’Éirinn an chéim chéanna a ghlacadh.
‘... ach Is Cothroime Roinnt Ainmhithe ná a Chéile’ (Orwell)
Pléann an tAbhcóide Sinsir, Séamas Ó Tuathail, ceann de na leatroim is mó do chainteoirí Gaeilge i gcóras cúirteanna na tíre. Is é sin, nach bhfuil aon fhoráil ann do ghiúiré dátheangach i gcásanna coiriúla. Go deimhin, tá Ó Tuathaill ag feidhmiú thar ceann Pheadair Uí Mhaicín, fear as Ros Muc, in iarratas ar athbhreithniú breithiúnach in aghaidh cinneadh a rinne Cúirt Chuarda na Gaillimhe gan choiste dátheangach a chur ina shuí lena thriail choiriúil. Is cainteoir dúchais Gaeilge é an tUas Ó Maicín atá cúisithe as ionsaí a dhéanamh ar fhear eile agus tá sé den bharúil go mbeadh sé faoi mhíbhuntáiste dá n-éisteofaí an cás i mBéarla nó dá mbeadh ateangaire ag déanamh aistriúcháin sa chúirt.
Mhaígh Ó Tuathail sa chúirt go bhfuil sé intuigthe sa Bhunreacht go bhfuil sé de cheart ag cainteoir Gaeilge as an Ghaeltacht a chás a chur i nGaeilge os comhair coiste a mbeadh Gaeilge acu, ach deir an Stát go mbainfeadh deacrachtaí feidhmiúla le sin. Tá an t-ábhar i lámha na gcúirteanna faoi láthair, ach tá argóint chuimsitheach déanta ag an Abhcóide Ó Tuathail san idirlinn ar an chúis gur cheart go gceadófaí a leithéid. Ríomhann sé samplaí idirnáisiúnta, i gCeanada ach go háirithe, le tacú lena chás. Baineann sé leas fosta as staidrimh an daonáirimh dheiridh lena léiriú go mbeadh giúiré dátheangach níos ionadaí ar an ghréasán déimeagrafach i gcontaetha Gaeltachta, b’fhéidir, ná mar a bheadh giúiré aontheangach. Mar fhocal scoir, deir Ó Tuathail go ndéanann an t-easnamh seo mugadh magadh de sheasamh oifigiúil na Gaeilge: ‘Muna gceadaíonn agus muna n-áisíonn an Stát triail os comhair giúiré dátheangach do lucht labhartha na teanga náisiúnta, go háirithe i gcás cainteora dúchais i gceantar a bhfuil an Ghaeltacht láidir, níl sa chaint ar fad faoin nGaeilge a bheith ina teanga oifigiúil de chuid an Stáit seo ach caint san aer.’
‘Ná Scaoil do Rún le Bun an Chlaí, ...’
Idir an dá linn, tá léargas thar a bheith spéisiúil ar úsáid na Gaeilge ag an leibhéal is airde den státsheirbhís tugtha ag Seán Aylward, Ard-Rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ins an iris Ghaeilge a d’fhoilsigh an Roinn sin le linn Sheachtain na Gaeilge. Tá cuma shoineanta, a bhaineann le ré eile, ar an úsáid a bhain taoisigh is Airí Stáit as an teanga agus iad i mbun oibre nuair a amharctar ar chuimhní cinn Aylward trí lionsa comhaimseartha. Le linn na tréimhse a chaith sé ag obair in Oifig an Taoisigh, cuirim i gcás, ba ghnách le Taoiseach an ama Seán Ó Loingsigh gan labhairt ach i nGaeilge amháin ar an ghuthán speisialta a bhí aige le labhairt leis an Uachtarán. Gaeilge bhreá na Mumhan a labhair an Loingseach agus Pádraig Ó hIrghile lena chéile i dtólamh. Ba i nGaeilge a chuir Aylward teiléacs agus meamram ar an 24ú lá de Lúnasa 1979 chuig an Taoiseach a bhí ar saoire sa Phortaingéil ag an am, le hinsint dó faoi mharú an Tiarna Mountbatten i gCo Shligigh agus trí shaighdiúr déag de chuid Arm na Breataine ar an Phointe i gCo. an Dúin.
Ba bheag Gaeilge a labhair comharba Uí Loingsigh, Cathal Ó hEochaidh san Oifig ‘ach bhíodh sé an-chúramach leathleathanach as Gaeilge a úsáid i ngach óráid mhór a bheadh le tabhairt aige ó am go ham – ag an Ard-Fheis gach bliain, mar shampla, agus ag ócáidí stáit i nDáil Éireann.’ Cé gur “Charlie” a thug formhór an phobail air, díol spéise gur “Cathal” a thug a mháthair, a bhean chéile agus a theaghlach air, dar le hAylward. Scríobhadh sé nótaí beaga i nGaeilge ó am go chéile lena pheann Sheaffer ar nós “Cad a tharla?” nó “Aontaithe”.
Is minic a dheirtear faoin Ghaeilge go labhrann Éireannaigh í thar sáile le nithe a cheilt nó lena chinntiú nach dtuigtear a bhfuil le rá acu. Déanann Aylward cur síos ar ócáid i mBagdad i 1986 nuair a chaith sé oíche ag labhairt i nGaeilge le John Bruton, a bhí ina Aire Tráchtála ag an am, tar éis cainteanna a bhí ar siúl acu le Rialtas Saddam Hussein agus iad lán cinnte de go raibh seirbhís rúnda an deachtóra ag cúléisteacht leo!
Ach thig dul thar fóir leis an teanga rúnda. Deir Aylward go mbaineadh Arm na tíre úsáid as an teanga le nithe rúnda a cheilt i gcumarsáidí raidió agus iad ag obair leis na Náisiúin Aontaithe sa Phalaistín. Bhí alltacht air, áfach, nuair a fuair sé amach go raibh Chaim Herzog (fear a ceapadh ina Uachtarán ar Iosraeil ina dhiaidh sin) ag obair le Lucht Faisnéise Iosrael, agus go raibh onóir sa Ghaeilge faighte aige san Ardteist fad is a d’fhreastail sé ar Scoil na mBráithre i Sráid Synge! Is fada na cuimhní cinn seo ón chomhcheilg chasta agus an cogar mugar i ndorchlaí cúlráideacha a shamhlaítear le cúrsaí taidhleorachta idirnáisiúnta!
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.