AR NA SAOLTA SEO
‘ ... Mar Ná Beidh Ár Elite Arís Ann’
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

I ndeireadh an lae ba ar Inspector Jacques Clouseau is mó a smaoinigh Breandán Delap seachas ar Sherlock Holmes nuair a rinne sé scagadh ar an taighde is déanaí faoin teanga a foilsíodh san iris The Economic and Social Review.

Íomhá
Watson agus Holmes (le Signey Paget ar Vicipéid)
Íomhá
Ollscoil Luimnigh (le Munsterbusiness.ie ar picasaweb)
Íomhá
Ollscoil Uladh, Cúil Raithin (le Kone4040 ar picasaweb)

Bí cinnte gur le caithréim a ghlac naimhde na Gaeilge le tuarascáil a foilsíodh i dtús na míosa seo caite a léirigh gur fearr an seans go mbeadh post "maith" - gairmiúil, bainistíochta nó teicniúil - ag cainteoirí Gaeilge ná an chuid eile den phobal agus go bhfuil níos lú seans acu a bheith dífhostaithe ná iad siúd nach bhfuil ábalta an teanga a labhairt.

Irish Speakers a Social and Educational Elite - Report,” a mhaígh The Irish Times amhail is go raibh cruthúntas acadúil ar fáil faoi dheireadh chun fírinniú a dhéanamh ar an tuairim a nocht a gcuid colúnaithe Kate Holmquist agus Sarah Carey corradh le bliain roimhe sin faoin “language of educational apartheid.”

Ní raibh aon neart ar ndóigh, ag údair na turascála (ó Ollscoil Uladh agus Ollscoil Luimnigh) ar an cheannlíne úd agus thiocfadh le fo-eagarthóireacht níba thomhaiste é a chur i láthair níos cruinne: “Bilingual People Have a Social and Educational Advantage - Report.”

B’iad na húdair, áfach, a roghnaighlinguistic elite” a lua i dteideal dá bpáipéir seachas “linguistic advantage” nuair a foilsíodh é in “The Economic and Social Review, Eagrán 40, Uimhir. 4.

Bhain siad úsáid as ráitis a chur Sir Arthur Conan Doyle i mbéal an bhleachtaire Sherlock Holmes le tabhairt le tuiscint go raibh a dtaighde féin bunaithe ar loighic agus ar bhleachtaireacht. Bhí rud a bhí ina rún diamhair le fuascailt acu: an mhistéir mhór faoin chúis go bhféadfadh buntáiste fostaíochta a bheith ag duine le Gaeilge ar an duine nach raibh aige ach an Béarla. Chaithfí fiosrú a dhéanamh agus teacht ar an fhirinne leis an amhras a ruaigeadh.

The curious incident about Irish speakers in Ireland is that although many of them never speak Irish – and, of those that do, only a few speak it with any regularity – they have considerable advantage in the labour market.” Sin a spreag chun taighde agus anailíse iad.

An Seanchas Gearr is Fearr

An t-ábhar iontais a bhí ag na húdair go raibh sé “curious”, go mbeadh buntáiste ag duine le Gaeilge agus iad ar thóir fostaíochta anseo seachas duine gan Ghaeilge agus chum siad foirmle chasta mhatamaitice leis an rúndiamhracht a réiteach. Ach an dteastaíonn foirmle chasta mhatamaitice? Tar éis an tsaoil, nárbh é an Sherlock Holmes céanna a rinne cur síos in The Abbey Grange ar a bheith ag lorga complex explanation when a simpler one is at hand?”

Níl amhras ar bith ach gur tuarascáil spéisiúil atá inti (http://www.esr.ie/Vol40_4/Borooah.pdf) agus tá na húdair le moladh as an phróiseáil atá déanta acu ar staidrimh as an daonáireamh. Ní hionann sin agus a bheith ar aon fhocal leo faoin bhrí atá leis na staitisticí céanna. B’é an t-adhmad ba mhó a bhí le baint as an iniúchadh a rinne údair na tuarascála ar shampla de 5% de dhaonáireamh 2006 (mar aon le 3% de dhaonáireamh na Ríocht Aontaithe, 2001) ná:

  • Go bhfuil a dhá oiread níos lú seans go mbeidh cainteoirí Gaeilge dífhostaithe ná iad siúd nach bhfuil an teanga acu.

  • Go bhfuil 42% de chainteoirí Gaeilge fostaithe i bpostanna gairmiúla, bainistíochta, nó teicniúla, le hais 27% dóibh siúd gan Ghaeilge

  • Nach bhfuil ach 12% de chainteoirí Gaeilge fostaithe i bpostanna neamhoilte, nó breacoilte, le hais 20% den phobal gan Ghaeilge

Sin iad na fíricí loma don té a ghlacadh, gan cheist, leis na sainmhínithe a úsáideann na húdair. Ní easaontaím leis na huimhreacha ach níl mé ar aon tuairim leis na húdair faoin tátal gur féidir a bhaint astu.

De réir mo bharúlasa, cruthaíonn siad go bhfuil buntáiste acu siúd atá dátheangach (.i. go bhfuil Gaeilge AGUS Béarla acu) agus iad ar thóir oibre seachas gur aicme faoi phribhléid iad lucht labhartha na Gaeilge. Tá sainmhíniú nuachumtha ag na húdair ar cad is teanga bheo ann: “Consequently, if one regards a “living language” as one which is used daily, in a non-institutional setting, then Irish is a living language for less than one in twenty of Irish speakers in Ireland and a living language for one in forty of Ireland’s population.” Bheinn in amhras nuair is gá sainmhíniú ar leith a chumadh don téarma "teanga bheo".

Dhá Theanga v. Aon Teanga Amháin

Is ionann an cás maidir lena sainmhíniú ar lucht labhartha na Gaeilge, .i. aon duine ón 1.66 milliún duine a dúirt sa daonáireamh i 2006 go raibh Gaeilge aige. Is daoine iad sin a deir go bhfuil Gaeilge agus Béarla acu seachas cainteoirí aon teangach Gaeilge. Braithim mar sin go bhfuil bonn lochtach faoin staidéar ón tús sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar an teoiric gur cheart go mbeadh ionannas agus cothromaíocht fostaíochta idir daoine le Gaeilge agus daoine le Béarla. Ach ní fíor sin. I ndáiríre, comórtas atá i gceist sa pháipéar seo idir daoine a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu agus daoine le Béarla amháin.

Is í croí na faidhbe san anailís nár tugadh san áireamh go bhfuil poist áirithe ann nach féidir le duine le Béarla amháin a fháil mar nach bhfuil siad cáilithe chucu. Mar shampla, is iomaí post ina bhfuil an Ghaeilge mar riachtanas (bunmhúinteoirí, cuir i gcás, nó Gardaí go dtí roinnt blianta ó shin, nó postanna in eagraíochtaí Gaeilge), nó, mar bhuntáiste i gcás postanna sa státchóras a bhíonn ag freastal ar phobal na Gaeltachta nó na Gaeilge.

Nár cheart go mbainfí na postanna nach dtig le héinne nach labhraíonn Gaeilge cur isteach orthu a bhaint den chothromóid le comparáid bhailí a dhéanamh? Níl aon phost go bhfuil cosc ar dhuine dátheangach - Gaeilge agus Béarla- a fháil. Ní bheidh duine gan Ghaeilge ag léamh na nuachta ar TG4, cuir i gcás, ach thig le duine dátheangach an Nuacht Bhéarla a léamh ar RTE. Nach luíonn sé le ciall go dtabharfadh fostóirí áirithe buntáiste do dhuine a bhfuil scil teanga sa bhreis aige? Níl mistéir ar bith ag baint leis sin!

Ní léir gur tuigeadh sa taighde seo gur daoine dátheangacha iad an 1.66 milliún a bhí faoi anailís anseo seachas gur cainteoirí Gaeilge amháin iad.

Lena chois sin, níor mhór idirdhealú a dhéanamh idir na staitisticí a phléitear sa tuarascáil seo agus an chuid eile den staidéar nach bhfuil ann ach tuairimíocht, ar beagán bunúis dar liom. Trí mhórchúis atá leis an bhuntáiste a bhíonn ag "cainteoirí Gaeilge" i margadh an tsaothair dar le húdair na tuarascála: oideachas, go háirithe forbairt na ngaelscoileanna; na hábhair tríú leibhéil a roghnaítear agus an mogalra sóisialta a bhaineann leis an teanga.

Easpa Uimhreacha

Maidir leis an ghaelscolaíocht, níl bunús staidreamh nó staitisticí ar bith tugtha san anailís dá dtionchar ar an fhórsa oibre sa bhliain 2006. Níl oiread agus figiúr amháin mar thaca leis. Go deimhin, tháinig an fhorbairt faoin ghaelscolaíocht rómhall le go mbeadh tionchar aige ar an scála sin ar fhostaíocht ar bhonn náisiúnta sa bhliain 2006. Ní raibh gaelscoileanna leath chomh flúirseach nuair a chuaigh daoine a bhí san fhórsa oibre i 2006 ar scoil. Tagraítear ins an tuarascáil don anailís ar scoileanna friothálacha na n-ollscoileanna agus léiritear gur chuir 22% de ghaelscoileanna dara leibhéil a gcuid mac léinn uilig chun na hollscoile le hais 7% de scoileanna eile.

Níl aon cheist faoi iontaofacht na bhfigiúirí sin, ach má theann cuid mhór de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, ní bheadh san fhórsa oibre i 2006 ach na daoine sin a thosaigh ar ghaelscoil sna blianta roimh 1990, ag glacadh leis gur chaith siad ocht mbliana i ngaelscoil, cúig bliana i meánscoil, agus trí bliana ag tríú leibhéal: 16 bliana in iomláine. I bhfocail eile, daoine a thosaigh ar scoil idir lár na gcaogaidí agus lár na nóchaidí is mó a bheadh san fhórsa oibre i 2006 agus níor mhiste a rá go raibh rogha na gaelscolaíochta teoranta go maith i gcaitheamh formhór an ama sin.

Ar aon chuma, ní raibh ach thart fá 5% de dhaltaí na tíre ag freastal ar ghaelscoileanna fiú i 2006 féin agus bhí thart fá 95% ag freastal ar ghnáthscoileanna. Cad tuige a mbeifí ag lorg fianaise gur de thoradh gaelscoileanna atá buntáiste fostaíochta ag lucht an dátheangachais? Nach bhfuil an Ghaeilge á múineadh i ngach scoil? Níor fhreastal ach fíorbheagán den 1.66 milliún a dúirt sa daonáireamh go raibh Gaeilge acu ar ghaelscoileanna.

Is í an dara chúis a luaitear maidir leis an bhuntáiste a bhíonn ag cainteoirí Gaeilge i margadh an tsaothair ná na hábhair ollscoile a roghnaítear. “Occupational attainment may also be influenced by the subjects studied by those with third level education...10 per cent of Irish speakers...obtained their third-level education in Education, in contrast to 3 per cent of non-speakers.” Ach tá míniú iontach simplí ar sin: teastaíonn Gaeilge uait le dul i mbun bunmhúinteoireachta. Sin í an chúis go roghnófá oideachas mar ábhar tríú leibhéal. QED

Gréasán a Ghnóthaíonn?

Maítear sa tuarascáil fosta go bhfuil cainteoirí Gaeilge mar chuid de mhogalra sóisialta a thugann buntáiste dóibh sa mhargadh saothair mar go bhfuil ‘caipiteal sóisialta’ ag baint leis an teanga: “From an Irish perspective, such attributes may include the Irish language (Gaeilge) and Irish culture (e.g. Irish sports such as hurling and Gaelic football). These linguistic, cultural, and sporting bonds are instrumental in creating social (interpersonal or informal) networks, whereby individuals who are bound by these ties accumulate trust and social capital. Ties between individuals within a social network can accrue benefits to those involved. One such example is in the job market.” An bhfuil údair na tuarascála seo a mhaíomh i ndáiríre go bhfuil an líonra sóisialta Gaeilge ar aon dul leis an chumann rugbaí nó gailf nó le seancharbhat na scoileanna príobháideacha?

Samhlaím an focal “elite” in Éirinn le dream beag daoine faoi phribhléid: lucht an rachmais, abhcóidí sinsir, amhantraithe airgeadais, forbróirí, baincéirí, comhairleoirí leighis, tiarnaí talún Angla-Éireannacha srl. (Agus ollúna ollscoile ar ndóigh!) An bhfuil siad dáiríre ag rá gur “elite” iad 1.66 milliún duine, 42% de phobal na tíre? Cruthaíonn sé sainmhíniú aisteach ar an fhocal “elite”!

Léirítear gurb ionann na buntáistí atá ag lucht labhartha na Gaeilge san fhórsa oibre i dTuaisceart Éireann agus na buntáistí atá sa Phoblacht. Shílfeá gur ábhar iontais amach is amach a bheadh ansin ann féin do lucht acadúil, go háirithe in Ollscoil Uladh. Níl tacaíocht bunreachtúil ag an teanga ó thuaidh; ní úsáidtear mórán í sa tseirbhís phoiblí, ní theastaíonn sí le dul i mbun bunmhúinteoireachta, tá jabanna sna meáin Ghaeilge níos teoranta ná mar atá ó dheas. Bhí an ghaelscolaíocht níos teoranta fosta ag tráth an daonáireamh ansin i 2001. Ach fós, tá an seasamh céanna ag lucht a labhartha agus atá ó dheas? Tuilleadh oibre don bhleachtaire dalba!

An Neamhaird

Ins an chonclúid, nochtann údair an staidéir an tuairim go gcuirfidh a gcuid tátal as go mór do dhaoine. Neamhaird is mó a rinne na meáin den scéal agus níor chothaighdíospóireacht phoiblí dá laghad, fiú litir amháin go dtí an Irish Times!

Faoi Sherlock Homes arís a fágadh an focal scoir: “We appreciate that the status of Irish as a language is an emotive subject in Ireland and that some – indeed, many – might find our conclusions difficult to accept. But, as Sherlock Holmes, had he been an Irish speaker – which, alas, he was not – might have said: ‘Nuair a fhaigheann tú réidh lena bhfuil dodhéanta, fiú agus gan í a bheith róchosúil, níl fágtha agat ach an fhírinne.’”

Shílfeá gur cheart d’aon taighde acadúil a bheith ábalta seasamh ar a chonláin féin agus gur cheart gur treise i bhfad na fíricí loma mar chruthúnas dá thábhacht ná ráitis smartáilte, smolchaite ó charachtar ficsin.

Ba mhaith liom na húdair a chloisteáil ag míniú don fhear as Leitir Mór atá ag smaoineamh ar dul go Boston ar thóir oibre nó do bhean Chorcha Dhuibhne go bhfuil Springfield ar a hintinn anois, nó fear Ghort an Choirce atá ag smaoineamh ar Ghlaschú mar a rinne a sheanathair roimhe, gur chuid den ‘elite’ iad!

Mar mhalairt ar Sherlock Holmes, sílim féin gur fóirsteanaí i bhfad cur síos a rinne bleachtaire eile – Inspector Jacques Clouseau – don tátal atá bainte as staidrimh na tuarascála seo: “There is a time to laugh and a time not to laugh, and this is not one of them.”

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal, Co na Gaillimhe. ---------------------------

Nasc: Irish Times http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2010/0109/1224261977461.html

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.