Dearcann Áine Ní Chiaráin siar san alt seo ar thréimhse fhada Éamoin Uí Chuív i mbun gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Chuile sheans gur cúis sásaimh don Aire Éamon Ó Cuív an t-aistriú go dtí an Roinn Coimirce Shoisialta. Mar dhúshlan, feilfidh an post nua dó agus tá roinnt scéimeanna a bhí faoina shean-Roinn tugtha leis. Le os cionn seacht go leith bliana mar Aire sa Roinn Pobail Tuaithe agus Gaeltachta chomh maith le ceithre bliana mar Aire Stáit, bhí a lán dá shaol oibre mar Aire caite aige leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Beidh sé fós ar an gCoiste Comhaireachta a bheidh ag plé leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus, gan aon amhras, is cúis sóláis é sin do ghníomhairí teanga mar is Aire fuinniúil é a bhfuil a chroí san áit cheart.
Chruthaigh sé sin gan é ach beagán le cois bliana san Aireacht nuair a reachtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ag eascairt as an Reachtaíocht sin, ceapadh Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga i Feabhra 2004. Ba é sin an reachtaíocht ba thabhachtaí do chainteóirí Gaeilge lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta . Ar ndóigh, is as freisin a d’eascair ceann de na conspóidí ba áiféisí, an argóint i gCorca Dhuibhne faoi An Daingean/Dingle. Caitear na clocha gearáin ar fad le Ó Cuív faoin gconspóid sin, ach céard faoi na daoine a vótáil don Acht gan a thionchar a thuiscint?
Pléadh an Bille sa Dáil agus sa Seanad. Má theastaigh an dátheangachas, leis an nGaeilge chun tosaigh ar an mBéarla, cén fáth nár tharla sé ag an bpointe sin. An freagra lom neamhbhalbh, ná, nach maith le Teachtaí Dála, ach oiread leis an bpobal labhairt amach in aghaidh na Gaeilge, is fearr leo leanacht den sean-nós bréagchráifeachta a thugann le tuiscint go bhfuil ardmheas acu ar an teanga a fhad is nach gá dóibh aon dua a chur orthu féin leis. Bhain an meon sin le Stádas Oifigiúil don Teanga san Eoraip. Maíonn Fianna Fáil anois gurb iad féin a bhain an Stádás amach, ach cé nach bhfuil aon amhras gur aontaigh Ó Cuív féin leis an éileamh, ní ón Rialtas a tháinig an brú nó an feachtas sin.
Neamhaird na Meán Béarla
Thar na blianta bhí an tAire Ó Cuiv i gcónaí sásta a thuairimí a phlé go hoscailte leis na meáin uile ach, den chuid is mó, ba iad na meáin Ghaeilge a thug an deis sin dó. Is beag suim a léiríonn na meáin Bhéarla i nGaeilge nó i nGaeltacht agus toisc nach suim leo iad, is minic a bhíodar díspeagúil faoi chumas an Aire mar gheall ar a dhílseacht dá chúram. Fiú sular mhol Colm Mc Carthy gur cheart deireadh a chur leis an Roinn, bhí na meáin Bhéarla ag tuar nach mbeadh post Aire ag Ó Cuív.
Leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge foilsithe faoi dheireadh, tá oiliúint múinteóirí agus múineadh na Gaeilge sa bhunscoil chomh maith le teorannacha agus buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht á bplé. Tá an Staidéar Teangeolaíochta a bhagair go raibh droch-chaoi ar an nGaeltacht i seilbh an Aire agus an Rialtais le blianta agus á phlé mar chuid den Straitéis sin. Tá an obair sin malltriallach ach ní stopann an clog ar mheath na Gaeilge. Chaithfí cur chuige a chomhleacaithe a cheistiú sa chás seo, seachas cur chuige Uí Chuív. Is droch-chomhartha a bhfuil fógartha ag an Roinn Oideachais maidir leis an gCúrsa Gaeilge don Ardteist, gan aon uchtach á thabhairt ann do Ghaeilgeoirí dúchais. Chonaic sinn an Roinn Oideachais as céim le beartais an Rialtais i leith na Gaeilge cheana maidir le ceist an Tumoideachais. Nuair a d’ardófaí sin leis an Aire Ó Cuív, déarfadh sé gur ceist don Aire Oideachais é. Bhíodh sé iontach cúramach gan seasamh ar ladhracha Aire eile. Gan é freagrach as an nGaeilge, b’fhéidir go mbeidh níos mó saoirse aige.