AR NA SAOLTA SEO
Manchain
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhí Tony Birtill i láthair nuair a tháthaigh dreamanna éagsúla na Gaeilge sa Bhreatain lena chéile sa dóigh gur fearr agus gur forleithne a chuirfidh siad an teanga chun cinn sa Bhreatain feasta.

Íomhá
Gaeilgeoirí Shasana agus na hAlban ag an chruinniú i Manchain
Íomhá
Daragh Ó Tuama is Marcas Mac Ruairí ó Ghlór na nGael

D’éirigh go maith le cruinniú suntasach sa Chlub Sóisialta St Kentigern’s i Manchain ar 27 Feabhra nuair a bunaíodh scáthghrúpa nua: ‘Gaeilge na Breataine.’

D’eascair an cruinniú seo as cruinniú eile a d’eagraigh Glór na nGael i mBaile Átha Cliath i Meán Fómhair anuraidh (Beo Deireadh Fómhair 09). Bhí mé féin ann, ó Chonradh na Gaeilge i Learpholl, agus bhí Conraitheoirí eile as Glaschú agus as Manchain ann fosta, chomh maith le baill den Manchester Irish Language Group (MILG) Coventry Irish Society agus as Coláiste na nGael, atá lonnaithe i Londan agus in Essex. Is é an sprioc a bhí againn ansin, an Ghaeilge a chur chun cinn sa Bhreatain agus d’aontaigh muid le chéile go raibh comhoibriú agus pleanáil eadrainn de dhíth chun an sprioc sin a bhaint amach.

Mar sin, tháinig toscairí le chéile arís i Manchain, áit a raibh Marcas Mac Ruairí ó Ghlór na nGael ina chathaoirleach don chéad seisiún. Cé go bhfuil Glór na nGael taobh thiar den tionscamh seo, is fearr leo a bheith mar áisitheoirí i gcásanna mar seo - is é sin, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do daoine ‘ar an talamh’ chun rudaí a dhéanamh iad fein.

Spíon muid cumhachtú daoine ar an talamh, bonneagar le dreamanna a nascadh agus chuir Marcas agus Daragh Ó Tuama comhairle orainn faoi bhunreachtaí, rólanna d’oifigigh ar choistí agus dea-chleachtas ar iarratais mhaoinithe. Luaigh sé an ról atá ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in Éirinn, áit a bhfuil sé ina scáthghrúpa ag 19 grúpa Ghaeilge.

Bliain na Ceannasaíochta

Mhol Julianne Ní Chonchobhair ó MILG go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh dream amháin i gceannas rudaí ar feadh bliana, agus dream eile i gceannas an bhliain dar gcionn: "Mar atá sé le huachtaránacht an Chomphobail Eorpaigh, le tír dhifriúil i gceannas gach bliain," a dúirt sí linn.

D’aontaigh muid léi, agus is dócha go ndeachaigh sí i bhfeidhm orainn mar shocraigh muid go mbeadh an MILG i gceannas rudaí an chéad bhliain! Le Julianne ina Cathaoirleach nuathofa Gaeilge na Breataine, lean muid ar aghaidh ag cíoradh rudaí.

Beidh sí ag scríobh chuig Ambasáid na hÉireann i Londan, a chur in iúl dóibh go bhfuil ‘Gaeilge na Breataine’ ann, agus ag cur iarratas isteach ar Chónaidhm na gCumann Éireannach sa Bhreatain.

Cé go bhfuil muid scaipthe ar fud na tíre, is féidir linn a bheith i dteagmháil lena chéile tríd an teicneolaíocht nua agus tá dream bunaithe againn cheana féin ar www.facebook.com , mar atá, Gaeilge na Breataine. Tugaim faoi deara go bhfuil 233 cara air go dtí seo (19.3.10).

Phléigh muid caighdeán na ranganna agus cúrsaí Gaeilge abhus, agus na buntáistí ag baint leis an Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Agus forbairt mhúinteoirí fosta - an dtig linn úsáid a bhaint as Oideas Gael fá choinne dianchúrsa dóibh ?

Shocraigh muid go mbeidh dhá cruinniú againn le chéile gach bliana, agus os rud é go bhfuil Deireadh Seachtaine Ghaeilge eagraithe ag Coláiste na nGael chéanna féin in Oxford ar 11ú Meán Fómhair, is ansin a bheas an chéad chruinniú eile.

Is as Corcaigh í ó dhúchas, Julianne Ní Chonchobhair, agus tá sí ina cónaí i Manchain le ceithre bliana, ag obair mar innealtóir fuaime agus mar mhúinteoir Gaeilge. Agus tá sárobair déanta aici agus ag MILG (féach ar www.milg.org.uk). Chomh maith le ranganna Ghaeilge tá club cuideachta, ciorcal comhrá, grúpa siúil agus club leabhair acu. D’eagraigh MILG agus Conradh na Gaeilge Féile Scannáin Ghaeilge sa chathair, an chéad uair gur tharla a leithéid sa Bhreatain, dar leo. D’éirigh go maith leis agus i 2009 leathnaigh sé go Féile Ealaíne, le ceol, filíocht, seoladh leabhair agus mar sin de. Eagraíonn siad imeachtaí as Gaeilge mar chuid de Fhéile Éireannach Machain fosta (www.manchesteririshfestival.co.uk).

Ní nach ionadh mar sin gur bhain MILG an chéad duais sa Chomórtas Domhanda de chuid Ghlór na nGael i 2008 agus an dara duais i 2009. Tá an comórtas seo urraithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ag Oideas Gael.

Bhí Julianne an-sásta leis an chruinniú i St Kentigern’s: "Bhí sé go hiontach. D’éirigh go maith linn. Phléigh muid a lán rudaí. Is deis iontach é seo don Ghaeilge sa Bhreatain," a dúirt sí liom.

Aontaím léi, ach caithfidh mé a admháil go raibh an cruinniú easnamhach ar shlí amháin, mar ní raibh duine ar bith ó lár na tíre i láthair.

Lár na Breataine

Ní hé sin le rá nach bhfuil Gaeilgeoirí sa chuid sin den tír - a mhalairt ar fad, le Gearóid Mac an Mhaoir ag múineadh ranganna do Chraobh Birmingham de Chonradh na Gaeilge le blianta fada, Pádraig Ó Dufaigh ina mhúinteoir Ghaeilge i Wolverhampton agus Carmel Silver ag múineadh na teanga i gCoventry le ocht bliana. D’eagraigh Carmel ócáid Ghaeilge dhá lá sa Momentum, Teach na hÉireann i gCoventry, i Meán Fómhair anuraidh agus bhí thart fá 40 duine i láthair. Chomh maith le comhrá agus ranganna, bhí turas lae go Stratford on Avon, as Gaeilge, ár ndóigh! Thug sí ‘Ceardlann Sóisialta Ghaeilge’ ar an ócáid agus bhí tuairisc mhór faoi san Irish Post (3.10.09).

Má tá Gaeilge na Breataine ag iarraidh a bheith ina fíor-scáthghrúpa sa tír, agus a bheith ag feidhmiú ina ‘Aon phointe teagmhála amháin mar chainéal idir an Bhreatain agus Éirinn’. Tá sé riachtanach go mbeidh ár gcairde ó lár na tíre páirteach sa tionscnamh fosta. Agus tá mé cinnte go bhfuil grúpaí eile ag feidhmiú in áiteanna eile ar fud na tíre- anseo in Iarthuaisceart Shasana, cuir i gcás, chuala mé faoi grúpaí ag foghlaim agus ag cleachtadh an teanga i áiteanna mar Preston agus Ormskirk. Casaim le daoine gach bliain ag Coláiste Oideas Gael i nDún na nGall, agus atá ina gcónaí i áiteanna difriúla i Sasana ach atá ag foghlaim na teanga, go minic in aonar.

Sin sprioc eile atá ag Gaeilge na Breataine- cuidiú a thabhairt do dhreamanna nua, ach muna mbíonn fhios againn go bhfuil siad ann, ní féidir linn an sprioc sin a bhaint amach!

Is féidir daoine dul i dteagmháil linn ag: webmaster@milg.org.uk

A bhuí le Chris Evans a tharraing na grianghraif go léir thuas.

Naisc: Naomh Ceanntiarna http://www.stkents.co.uk/irishlanguage.phpGaeilge na Breataine http://www.facebook.com/home.php?#!/profile.php?id=100000297521843Glór na nGael http://www.beo.ie/index.php?page=arnasaoltaseo&contentid=963Teastas Eorpach na Gaeilge http://www.teg.ie/

St Kentigern/Naomh Mungo/Cyndeyrn/Ceanntiarna ’ac Owein ap Urien http://www.cne-siar.gov.uk/gaelic/multimedia/faidhleeachdraidh/naoimh/kentigern.htm

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.