AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ar Mhaith Leat Cupán Tae?
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

gnóthaí ag téamh i SAM an mhí seo ach dar le Brian Ó Broin, ní gnóthaí aimsire is bun leis an ardú teasa an iarraidh seo, ach corraíl pholaitíochta a d’fhéadfadh cor a chur i leagan amach polaitíocht SAM ar an mórgóir.

Íomhá
Tír na nIontas (Vicipéid)
Íomhá
Rush Limbaugh ag an CPAC 2009
Íomhá
Seomra Nuachta ag Fox News (le Inside Cable News ar Vicipéid)

Creideann 61% de Mheiriceánaigh go bhfuil Meiriceá ag titim i léig. Deir 75% nach bhfuil muinín acu sa rialtas. Tá 10.5% d’oibrithe na tíre dífhostaithe. Tá praghasanna tithe titithe 30% ó 2006. Anois, ó tá tinneas cinn agat, ar mhaith leat cupán tae? Más ea, ar mhaith leat deor dhomlais leis?

Dáta mór sna Stáit Aontaithe is ea an 15ú Aibreán. Faoi mheánoíche an lae sin, caithfidh gach saoránacheachtrannach cónaitheach a bhfuil teacht isteach níos airde ná $9,000 aige ráiteas cánach don stát agus don chónaidhm faoi seach a sheoladh isteach chuig rannóga cánach rialtais. Ach tá tábhacht eile ag baint leis an lá le bliain anuas. Is é an 15ú Aibréan lá ceiliúrtha neamhoifigiúil an "Tea Party".

Má tá tú ag smaoineamh ar Alice i dTír na nÍontas agus an Hatadóir Mire, fág marbh é. Thosaigh gluaiseacht na Tea Parties i mí Feabhra 2009 nuair a thograigh infheisteoirí baile (daoine a dhéanann infheistíocht óna dtithe féin), a chaill go leor sa teip airgeadais sna míonna beaga roimhe sin, málaí tae, mar chomharthaí díspeagtha, a sheoladh chuig na comhaltaí comhdhála a vótáil ar son an phacáiste tarrthála ollmhóir do na bancanna agus do na comhlachtaí móra a bhí ar tí teip. Dar leis na hinfheisteoirí seo, níor cheart don rialtas a bheith ag teacht i gcabhair ar ollchomhlachtaí nuair nach raibh siad sásta an rud céanna a dhéanamh do na hinfheisteoirí beaga.

Ar ndóigh, bhí an ceart ag na hinfheisteoirí go pointe áirithe. Tá airgead nach beag ag na comhlachtaí móra chun vótaí a cheannach sa chomhdháil, agus breathnaítear go forleathan ar an gcomhdháil anois mar fhoras lofa, lán daoine nach cúram dóibh aon rud ach iad féin agus an dream a íocann iad as a dtionchar ar reachtaíocht na tíre.

Cóisir an Bholgaim

D’éirigh chomh maith sin leis an bhfeachtas málaí tae gur thosaigh na gníomhaithe seo ag caint faoi "Tea Parties", agus dhíríodar a bhfearg ar rialtas Mheiriceá, agus ar réimeas úrnua Barack Obama go háirithe. Bhíothas ag íoc i bhfad an iomarca cánach, dar leo, le foras a bhí ag obair ar son aicme shaibhir, oidithe na tíre, agus ag tabhairt neamhairde ar ísealaicme na tíre, a bhí ag íoc mórchuid na cánach, agus a bhí thíos leis an gcúlú airgeadais. Ba léir go raibh go leor daoine, go háirithe ar an eite dheis, a sheas go láidir in aghaidh réimeas nua na nDaonlathach, agus a shíl gur loic an réimeas a bhí ann ar feadh ocht mbliana, réimeas George Bush agus na bPoblachtach, orthu freisin. Nárbh fhéidir iad a tharraingt le chéile agus a eagrú?

As seo a d’eascair an tseift agóidí a eagrú timpeall na tíre ar an 15ú Aibreán. Ag úsáid an idirlín, agus le cabhair bealaí teilifíse báúla mar Fox News, agus cláracha raidió báúla mar an Rush Limbaugh Show (a bhfuil 15 milliúin éisteoirí aige), tograíodh an 15ú Aibreáin a úsáid mar lá agóidíochta in aghaidh an rialtais agus na cánach.

Agus, dar fia, gan ach dhá mhí go leith nó mar sin ó thús na gluaiseachta a dhul thart, thángadar amach ina sluaite. Faoin 15ú Aibreán bhí ceangal nua déanta acu - an Boston Tea Party, rud atá ar eolas ag gach éinne a rinne Stair ar scoil i Meiriceá nó in Éirinn. De réir fabhalscéalaíocht Mheiriceá, am cinniúnach i stair na tíre ab ea an eachtra seo, nuair a caitheadh boscaí agus burlaí tae isteach i nduga Bhoston mar agóid in aghaidh chórais canach Shasana (a leag cáin ar na cóilínithe gan ionadaíocht a thabhairt dóibh i bParlaimint.

Má tá tú ag fáil boladh aisteach ón ngluaiseacht nua seo, ní tusa amháin atá á fháil. "Karl Rove" atá taobh thiar de, a deir cara amháin liom go hamhrasach, agus é ag tagairt don chomharleoir agus don phleanálaí Poblachtach a raibh tionchar nach beag aige ar bheartais George Bush ó na 1990aí i leith. "Fox News" a deir cara eile faoi chogar, ag tagairt don bhealach teilifíse coimeádach a thugann go leor daoine "eite teilifíse an Pháirtí Poblachtaigh" air.

Fearg agus Faitíos go Forleathan

Más ea, ámh, ní mhíníonn siad seo tarraingt iomlán gluaiseacht na Tea Parties. Tá fearg agus faitíos le haireachtáil go domhain in aigne an ghnáth-Mheiriceánaigh. Fearg mar gheall ar thitim thubaisteach na tíre le déanaí, agus faitíos mar gheall ar an duine nua seo sa Teach Bán. Ní hé go bhfuil ciníochas i gceist, agus tá dul amú ar dhaoine a deir go bhfuil. Ach is comhartha é an teaghlach gorm seo sa Teach Bán go bhfuil Meiriceá ag athrú. Ní hiad na Protastúnaigh ghealchnis Sasanacha atá i gceannas na tíre níos mó, agus go deimhin táthar ag tuar go mbeidh an cine geal ina mhionlach i gceann glúine.

Dá réir sin an agóidíocht. Daoine neamhthairiseacha a fheicfeas muid ar na sráideanna don chuid is mó ar an 15ú Aibreán, iad dífhostaithe nó ar beagán tuarastail. Den chine geal don chuid is mó, ach thairis sin, measctha agus scoiltithe ina dtuairimí ach in aon rud amháin: freasúracht.

Is dócha gur sin an fhadhb is mó a bhéas ag an ngluaiseacht seo - cé gur léir céard atá siad in aghaidh, ní léir in aon chor céard atá siad ar a shon, seachas cánacha ísle, agus, ar ndóigh táimid uilig ar a shon sin i ndeireadh báire.

Scríobh mé tuairim is leath bliana ó shin ar an scoilt sa Pháirtí Poblachtach i Meiriceá. Go raibh eite dheis an pháirtí ag iarraidh é a ghabháil ón taobh istigh trí shleamhnú isteach i gcóras an pháirtí ó leibhéal na bhfréamhacha. Is cosúil go bhfuil ag éirí leo, ach amháin go bhfuil na gníomhaithe iad féin ruainnín scoiltithe, agus ní féidir leo aontú ar iarrthóirí.

Idir an dá linn, is mór an spórt é seasamh ar an líne sleasa agus breathnú ar an gcogadh atá ag briseadh amach i saol na heite deise. Má éiríonn leis an ngluaiseacht an Páirtí Poblachtach a ghabháil, caillfidh an Páirtí Poblachtach a eite láir, a aistreoidh go dtí na Daonlathaigh. Má theipeann ar an ngluaiseacht, is cinnte go mbunóidh siad a bpáirtí féin go hoifigiúil cibé, agus scoiltfidh sin domhan na heite deise, agus seansanna na heite deise leis, ó bunaíodh córas polaitíochta Mheiriceá do dhá pháirtí. Más ea, ba cheart lucht an Tea Party a bheith dóchasach, ámh: le déanaí d’eagraigh comhlacht pobalbhreitheanna toghchán samhailteach idir na Poblachtaigh, na Daonlathaigh, agus an Tea Party. Bhí an bua ag an Tea Party le 33%. Ní bhfuair na Daonlathaigh ach 25%, agus na Poblachtaigh 12%. Tá domhan polaitíochta Mheiriceá ag réiteach do thoghchán lár téarma Samhain na bliana seo, agus tá na feachtais ag tosú anois - bígí ag breathnú amach ar an 15ú Aibreán, mar sin, do bhurlaí tae i nduga Bhoston arís, mar tá an Teaparty ag teacht! Naisc: Obama ar Leasú na Sláinte http://www.youtube.com/watch?v=BbFONcRouQwCóisir an bhlogaim i dTír na nIontas http://www.youtube.com/watch?v=9Cva0t0s4PUTír na nIontas http://www.youtube.com/watch?v=sBUni7Flbts

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.