Tá ‘fíricí’ agus fíricí sa saol, dar le Donncha Ó hÉallaithe, ach is fearr fanacht i dtaobh leis an daonáireamh le teacht ar an gcineál fírice atá ceart!
Má cheap an tAire Éamonn Ó Cuív T.D., go bhféadfaí an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhrostú tríd an Chomhchoiste Oireachtais, a mbíonn cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta idir lámha acu, bhí dul amú air. Bhí sé de phribhléid agam cur i láthair a dhéanamh os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le Dréacht-Stráitéis an Rialtais. Fuair mé an cuireadh an cur i láthair a dhéanamh mar gur scríobhas chuig Cathaoirleach an Chomhchoiste, Tom Kitt T.D.
Bhailíomar le chéile i dTeach Laighin ar an 21 Eanáir, na hionadaithe ann ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Pobal, Comhluadar, Foras na Gaeilge agus TG4. Bhíos féin ann mar dhuine aonair, a bhíonn ag déanamh taighde ar bhonn neamhspleách ar úsáid na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tugadh seacht nóiméad do gach dream cur i láthair a dhéanamh. Seo leanas na polaiteoirí a d’éist linn agus a ghlac páirt sa díospóireacht inár ndiaidh: Dinny McGinley T.D. (FG), An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (FF), Micheal Ring T.D., (FG), Mary Upton T.D., (LO), Mary White T.D. (Glas), An Seanadóir Pearse Doherty (SF), An Seanadóir Jerry Buttimer (F.G) agus Michael Kennedy T.D. (FF). Craoladh an seisiún éisteachta beo ar TG4 agus tá téacs, a raibh le rá ag chuile dhuine ar fáil anois ar shuíomh an Oireachtais.
Bhí chuile chainteoir báúil leis an nGaeilge, ar ndóigh, agus ag tacú leis an Straitéis. Im thuairim, bheadh sé níos sláintiúla, dá gcuirfeadh duine nó beirt ceist, cén fáth ar cheart tuilleadh airgid, fuinnimh agus acmhainní a chur amú ar an nGaeilge. Dúirt an scríbhneoir Pádraic Ó Conaire tráth go mba é an chúis nár chuir polaiteoirí sa Dáil in aghaidh alt ar bith i reachtaíocht a bhain leis an nGaeilge, ná gur thuig siad go maith nach raibh san alt ach ‘maisiúchán’ gan mhaith. Níor bhraith mé go mba shin é an dearcadh a bhí ag na polaiteoirí a labhair ar an gComhchoiste. Bhí sé le tuiscint uathu go raibh siad sásta tacú le Straitéis don Ghaeilge a d’oibreodh.
Iarracht Ilpháirtí
Bhí imní ar go leor acu faoina bhfuil beartaithe ag an Rialtas a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta, faoin Straitéis: ‘gníomhaireacht Ghaeilge nua náisiúnta’ a dhéanamh dhó. Bhí an tSeanadóir Pearse Doherty fadbhreathnaitheach, i dtaobh an méid a dúirt sé faoin comhthéacs polaitiúil ina raibh an straitéis á shocrú. “Caithfimid a bheith cinnte” a dúirt sé, “cibé Rialtas a bheidh i bhfeidhm i gceann 10 mbliana, go bhfuil sé dáiríre ó thaobh na straitéise seo. Caithfidh aontú a bheith ann idir na páirtithe, na páirtnéirí agus na dreamanna pobail. Beidh orainn am a ghlacadh le sin a chur i bhfeidhm.”
Lean an Dochartach air agus dúirt go neamhbhalbh go raibh neamart á dhéanamh ar an nGaeltacht sa mholadh go ndéanfaí Údarás na Gaeltachta a iompó isteach ina Údarás na Gaeilge. “Ní thabharfainn tacaíocht leis an mholadh atá ann [sa Stáitéis 20 Bliain] faoi sin. Má dhéanfaimid sin, beimid ag laghdú stádas na Gaeltachta...” Sách ráite. Ar ndóigh táid ann, i measc lucht na Gaeilge, a bhíonn ag iarraidh an stádas teanga atá ag an nGaeltacht a ísliú. Mar shampla ar Clár Plé na hirise seo mí na Samhna seo caite, bhí sé le rá ag léitheoir amháin nach bhfuil “brí anois leis an téarma ‘gaeltacht’ ach amháin sa chiall is leithne – gach cainteoir líofa in áit ar bith, bíodh sin in Éirinn nó thar lear.” Seans go bhfuil daoine ann a chreideann a leithéid ach más amhlaidh atá an scéal, céard a thugtar ar cheantar tíre cosúil le Ros Muc nó Rann na Feirste, ceantar ina úsáidtear Gaeilge mar ghnáth-theanga cumarsáide i measc formhór an phobail, mar gur teanga na háite í?
Fíric Féachta
Dúirt ionadaí ón eagraíocht Pobal os comhair an Chomhchoiste, go mba ‘fíric’ é go raibh an Ghaeilge níos láidre in oirthear na tíre ná mar atá sé in iarthar na tíre. Faraor nach bhfuil. Ar mhaithe le Pobal agus duine ar bith eile a chreideann a leithéid, cuirfidh mé na fíricí seo os bhur gcomhair. I gCúige Laighin tá Gaeilge dar leo féin ag 38.6% dena daoine agus usáideann 3.3% díobh siúd a bhfuil Gaeilge acu í go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. I gCúige Chonnacht tá Gaeilge ag 47.5% den daonra agus is cainteoirí laethúla Gaeilge, taobh amuigh den córas oideachais, 7.9% de na daoine a bhfuil Gaeilge acu! Tá na figiúirí seo bunaithe ar na torthaí ón Daonáireamh a tógadh sa bhliain 2006.
Tá an-mheas agam ar an méid atá bainte amach i dTuaisceart Éireann ag Pobal agus ag dreamanna eile atá ag saothrú le fada, gan mórán tacaíochta, le húsáid na Gaeilge a mhéadú is a leathnú i measc an phobail. Ní gá ach cuairt a thabhairt ar an gCultúrlann ar Bhóthair na bhFál, lena thuiscint go bhfuil éacht déanta. Ach ní gá a bheith ag déanamh díscríobh ar an nGaeltacht lena a chur in iúl go bhfuil obair iontach á déanamh i mBéal Feirste agus in áiteanna eile. Tá an Ghaeltacht sách buailte, gan ár gcairde i saol na Gaeilge a bheith ag iarraidh tairne a bhualadh sa chónra.
Aithnítear go bhfuil géarchéim teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós chun tosaigh mar theanga pobail. Ní leigheas ar an ngéarchéim sin, deireadh a chur leis an aon eagras reachtúil atá dírithe ar an nGaeltacht, mar atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.