AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An Chéad Naomh Astrálach
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Cloisfear trácht i mbliana ar Mary MacKillop na hAstráile. Tá cuid dá naomhsheanchas san alt seo ag Bearnaí Ó Doibhlin.

Íomhá
An tSiúr Mary MacKillop (Searley a tharraing ar Vicipéid)
Íomhá
Melbourne na bliana 1839 le W. Knight (ar Vicipéid)
Íomhá
Adelaide breis is céad bl. ó shin (Vicipéid)

Ní tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí creidimh. Rinne an nuachtán, an Christian Science Monitor, taighde idirnáisiúnta sa bhliain 2008, cuir i gcás, inar léirigh na rannpháirtithe go raibh óige na tíre seo ar an dream ba mhíchráifí ar domhan. Bhí beagnach fiche faoin gcéad den daonra gan aon chreideamh, de réir daonáirimh de chuid Biúró Staidrimh na hAstráile, a foilsíodh sa bhliain 2006. Is léir gur sochaí shaolta í an Astráil agus, dá bhrí sin, is fíorannamh a bhíonn cúrsaí creidimh i lár an aonaigh abhus.

Bhí ríméad le sonrú go forleathan abhus, ámh, nuair a d’fhógair an Vatacáin go díreach roimh an Nollaig go ndéanfaí naomh de dhuine Astrálach den chéad uair, d’ainneoin na tréithe náisiúnta thuasluaite. Mary MacKillop is ainm don bhean a bheas ina céad naomh ag an Astráil, agus táthar ag súil go mbeidh an deasghnáth ar siúl sa Róimh sna míonna beaga amach romhainn. Beannaíodh Mary MacKillop ag an bPápa Eoin Pól a dó sa bhliain 1995, le linn a chuairte ar an Astráil.

Ba de bhunadh Albanach í Mary, a tháinig ar an saol i Melbourne sa bhliain 1842, a bhí go luath i stair chine geal na tíre seo. Fuair sí bás céad bliain ó shin agus ba bhreoiteachán í ar feadh seacht mbliana roimh a bás de dheasca stróc. Chaith sí tréimhse ag múineadh faoin tuath san Astráil Theas sular ghlac sí na móideanna le bheith ina bean rialta, agus í cúig bliana is fiche d’aois. Bhunaigh sí féin agus an tAthair Julian Tenison Woods an t-ord rialta, Siúracha Naomh Iósaf an Chroí Rónaofa, an bhliain chéanna. Tugtar na hIósafánaigh ar an ord rialta abhus i gcoitinne.

Fás Céadach

Mhéadaigh an t-ord go han-tapa agus bhí 34 scoil acu taobh istigh de thréimhse cheithre bliana, ag soláthar oideachais do pháistí a raibh cónaí orthu faoin tuath san Astráil Theas, ach go háirithe do pháistí na mbocht agus do pháistí sna ceantair is iargúlta. Rinne a scoileanna dianiarracht oideachas a thabhairt do pháistí na mBundúchasach freisin, tionscnamh ceannródaíochta faoin am sin.

Ba bhean chráifeach fhlaithiúil í Mary MacKillop, a chaith a saol oibre ag obair ar son daoine faoi mhíbhuntáistí, ach ní raibh a saol gan conspóid. Coinnealbhádh í sa bhliain 1871 de bharr gur mheas an tEaspag Sheil in Adelaide, príomhchathair na hAstráile Theas, go raibh sí ag spreagadh aimhréire agus greannaithe i measc na siúracha. Is féidir go raibh cuid den cheart ag Sheil ar a laghad, mar gur thaistil Mary chomh fada leis an Róimh le cead a fháil ón Vatacáin leanúint ar aghaidh le hobair an oird fud fad na hAstráile, beag beann ar mhianta an Easpaig Sheil.

Bhí deighilt idir Mary agus an tAthair Woods i dtaobh aidhmeanna an oird go luath ina stair, agus tharla scoilt san ord dá bharr a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. Tugtar na hIósafánaigh dhonna ar an ngrúpa a d’fhan dílis do Mary agus na hIósafánaigh dhubha ar an ord rialta eile. Bhí coimhlint ghéar idir Mary agus an tEaspag Reynolds in Adelaide ní ba dhéanaí ina saol, agus d’éirigh leis í a bhriseadh as a post mar cheannaire ar an ord ar feadh tamaill.

Ní Lia Duine ná Ráiteas

Chuir daoine áirithe a chlaonadh féin ar scéal Mary MacKillop a luaithe is a chualathas fógra na Vatacáine. D’eisigh Marilyn Hatton, urlabhraí Astrálach de chuid Women’s Ordination Worldwide, ráiteas inar mhaígh sí go raibh an-chosúlacht idir an streachailt a bhí ag Mary MacKillop leis an gcliarlathas agus an feachtas atá ar siúl ag mná áirithe ar fud na cruinne a bheith níos lárnaí san Eaglais Chaitliceach. De réir Hatton, “...these women too are living the gospel message and they see the hierarchy of the church as having lost its way.”

Ní mó ná sásta a bhí an Cairdinéal George Pell, Ardeaspag Sydney, leis an ráiteas seo. D’eisigh seisean ráiteas ag fearadh fáilte roimh fhógra na Vatacáine, ach ag rá freisin, “Mary MacKillop shows that the hostile mythology that Catholic women of old were weak, submissive and ineffectual doormats is frightful nonsense.” Dúirt sé freisin nach gcuideodh naomhainmniú Mary MacKillop leis an bhfeachtas ar son oirniú na mban mar nach raibh sise i bhfabhar a n-oirnithe.

Mar a bheifeá ag súil leis, thapaigh na polaiteoirí an deis a ladar a chur i meadar gan suaitheadh. Cé gur tógadh an príomhaire, Kevin Rudd, ina Chaitliceach, tá sé ag freastal ar sheirbhísí Anglacánacha le fada an lá. Is Anglacánach í a bhean chéile. Nuair a chualathas go raibh an Vatacáin ar tí Mary MacKillop a naomhainmniú, áfach, chuaigh sé ar Aifreann sa Mary MacKillop Memorial Chapel in Sydney.

Cáineadh an príomhaire go géar as freastal ar Aifreann san áit sin ag an am sin ag baill áirithe de chuid an fhreasúra, ach go mór mór ag na Caitlicigh sa chomhaireacht chúil. Is Caitliceach é ceannaire an fhreasúra, Tony Abbott, a bhí ina ábhar sagairt ar feadh tréimhse sular thug sé aghaidh ar chúrsaí polaitíochta, agus cháin sé an príomhaire de bharr go raibh sé ag polaitiú an scéil.

Imeacht don Róimh

Tá an t-ord rialta, Siúracha Naomh Iósaf, ag cuimhneamh ar thoscaireacht chéad duine a chur go dtí an Róimh le bheith i láthair ag an searmanas naomhainmnithe i mBaisleac Naomh Peadar. Táthar ag súil go mbeidh go leor oilithreach Astrálach eile ann, daoine óga agus ionadaithe den mhuintir dhúchais chun tosaigh ina measc. Beidh ceiliúradh náisiúnta ar siúl san Astráil freisin agus tá an t-ord ag súil go mbeidh gach paróiste Caitliceach ar fud na tíre páirteach ann. Chomh maith le liotúirge ar leith san Aifreann ar lá an cheiliúrtha, tá an t-ord ag súil leis an gceiliúradh fíor-Astrálach i ndiaidh an Aifrinn: an fulacht fia. Tá gean agus cion ar leith ag muintir na hAstráile ar na hIósafánaigh, ar a dtugtar na Brown Joeys i ngnáthchaint mhuintir na tuaithe, agus measaim go mbeidh lá mór ag an ord rialta nuair a dhéanfar naomh de Mary MacKillop. Bheadh sé oiriúnach dá mbeadh a lá mór saor ón gcineál claonbholscaireachta thuasluaite a bhí le sonrú nuair a fógraíodh a naomhainmniú. -------------------

Naisc: Oifig na Staidreamh http://www.abs.gov.au/http://en.wikipedia.org/wiki/MaryMacKillophttp://en.wikipedia.org/wiki/JulianTenisonWoodsNa Siúracha http://www.sosj.org.au/An tEaspog Ó Siadhail http://adbonline.anu.edu.au/biogs/A060129b.htmAn Cairdinéal Pell http://www.youtube.com/watch?v=YLQdFPSwZk8&feature=relatedMarilyn Hatton http://www.ocw.org.au/news-articles/view-all/http://www.catholica.com.au/gc2/occ/016occ_100708.php

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.