AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Staid na hAontachta: Fearg agus Faitíos
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Má athraigh chuile shórt le teacht i réim Obama, ní raibh ann ach gal soip mar tá gluaiseacht nua an treo eile ar fud na tíre dar le Brian Ó Broin.

Íomhá
Cnoc na Cathrach (GearedBull ar Vicipéid)
Íomhá
Rush Limbaugh III (le Jeick ar Vicipéid)
Íomhá
Sarah Palin (le Bruce Tuten ar Vicipéid)

Tugann an t-uachtarán aitheasc faoi staid na haontachta os comhair tithe Chomhdháil Mheiriceá agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí ag deireadh mhí Eanáir gach bliain. Cuireann sé síos, de ghnáth, ar a shláintiúla is atá an tír, an méid dóchais atá aige as a bhfuil i ndán don tír, agus an reachtaíocht éifeachtach a rith seisean agus a pháirtí le bliain anuas.

Ach ba dheacair don uachtarán a leithéid a dhéanamh i mbliana.

Ba bheag am méid reachtaíocht fónta a ritheadh. Táthar ag cailliúint postanna fud fad na tíre. Tá luach tithe na tíre titithe go tapa agus i bhfad. Tá praghas chuile ní ag ardú. Agus gach uair a dhéanann an t-uachtarán iarracht rud ar bith a dhéanamh chun an meath a stad, cuirtear go tréan ina aghaidh. Ba chosúil go raibh clabhsúr dearfach curtha leis an mbille sláinte i rith na Nollag, ach cuireadh caidhp an bháis ar sin fiú nuair a chaill na Daonlathaigh suíochán seanaid mí Eanáir.

Mar sin, tháinig an t-uachtarán Obama amach as an gcúinne ag tarraingt faoi smigeanna ar gach taobh. Plimp! Fuair na breithiúna buille as cinneadh a dhéanamh a thug cead do chomhlachtaí móra airgead a thabhairt do pholaiteoirí. Plimp! Fuair a pháirtí féin buille smige as chomh meata is a bhí siad sa chomhdháil. Agus plimp! Leagstraiméad ar smig pháirtí an fhreasúra as chomh dígeanta is a bhí siad i dtaobh clár oibre na comhdhála. As ucht Dé, a thug sé le fios, tá an tír ag titim as a chéile agus tá sibhse i mbun iaróige?

Fáth na Feirge

Tá fearg ar an uachtarán. Is cosúil. Tá fearg air mar tá faitíos ar a pháirtí, na Daonlathaigh, agus ní chaithfidh siad a vótaí mar is mian leo, don chuid is mó mar tá faitíos orthu roimh a gcuid toghthóirí. Tá faitíos orthu freisin mar tá an freasúra, na Poblachtánaigh, ag vótáil en bloc chun stop a chur le gach rud a dhéanann an Páirtí Daonlathach, agus breathnaíonn na Daonlathaigh lagtha. Tá formhór na bPoblachtánaithe ag vótáil en bloc mar tá faitíos orthusan freisin. Tá faitíos orthu roimh thrí dhream: eite dheis a bpáirtí, atá ag cur laige agus amaidí ina leith, polaiteoirí sa mbaile ar an eite chéanna, atá ag eagrú feachtas ina n-aghaidh le cinntiú go gcaillfidh siad a suíocháin i dtoghchán lárthéarma 2010, agus a dtoghthóirí, atá á ngríosadh ag na polaiteoirí céanna agus scaothairí raidió is teilifíse.

Faitíos, faitíos, faitíos. Tá ainspiorad an fhaitís ag siúl na tíre agus tá an toradh ag teacht as an áit a cheapfá: táimhe. Agus naimhde sa tóir air, is é nádúr an duine é féin a chaitheamh i bpoll nó teitheadh suas crann ard go n-imí an chontúirt.

Má tá tú ag lorg polaiteora i láthair na huaire, mar sin, go háirithe ceann atá sa Pháirtí Daonlathach, nó i measc lucht eadrána an Pháirtí Phoblachtánaigh, féach suas sna crainnte, nó isteach sna pluaiseanna.

Leis an bhfírinne a dhéanamh, níl le feiceáil go soileir i dtírdhreach na polaitíochta i Meiriceá faoi láthair ach antoiscigh nua na heite deise, mar Scott Brown i Massachusetts, a thóg suíochán seanaid Ted Kennedy i dtoghchán speisialta i lár mhí Eanáir, agus Chris Christie, nuaghobharnóir Nua-Gheirsí, a fuair lámh in uachtar ar Jon Corzine, sealbhóir cáiliúil an tsuíocháin.

Cliseadh Airgid agus Cliseadh Misnigh

Ceart go leor, is é an meath airgeadais is siocair le cuid mhaith den chlaochlú seo. Le linn na drochshíne, is le fear an dúshláin an buntáiste, agus is é an sealbhóir atá thíos leis. Ach tá níos mó ar siúl anseo, rud a bheas mé ag caint faoi arís amach anseo. Tá gluaiseacht nua sa tír, a bhfuil dlúthbhaint aige le polaiteoirí mar Sarah Palin, craoltóirí mar Rush Limbaugh, agus leabharlannaí ár mbaile anseo i Nua-Gheirsí.

Níl aithne agat ar an leabharlannaí úd, agus ní gá, ach bhí caint agam léi inné, agus d’fhoghlaim mé go leor faoi thírdhreach nua na tíre. Duine de chosmhuintir na tíre í, jaibín beag aici mar státsheirbhíseach, tigín beag aici cúpla míle ón leabharlann, fear céile a bhfuil fadhbanna croí aige, ach atá ag fáil cóireáil faoi Medicare, an córas sláinte d’aosaigh. Téann an bhean seo ar Aifrinn gach Domhnach, agus tá roinnt garpháistí aici. Anois feiceann sí a baile ag athrú. Tá i bhfad níos mó Gormach sa cheantar ná cheana, agus cloistear Spáinnis ar an tsráid go minic. Tá a hEaglais faoi léigear, le daoine i mbun feachtais sa stát chun ginmhealladh a choimeád agus pósta aeracha a cheadú. Gearradh pá seachtaine di cúpla mí ó shin mar gheall ar an ngéarchéim, agus tá riaráistí móra ag a mac sa morgáiste. Breathnaíonn cúrsaí go dona, agus ó tháinig an t-uachtarán óg amaideach seo isteach bliain ó shin, is in olcas atá rudaí imithe.

I nDáil Tae

Deir an fear sin Rush Limbaugh an rud céanna. Éisteann sí leis i rith am lóin, agus daoine eile cosúil leis ar a bealach ar obair agus ar ais. Agus mar sin, chuaigh sí cúpla mí ó shin go dtí “Tea Party”, cruinniú de dhaoine cosúil léi a bhí tuirseach de na hathruithe seo go léir agus a bhí ag iarraidh rud éigin a dhéanamh faoi. Agus m’anam, shocraigh siad ar phlean – cumainn áitiúla an Pháirtí Poblachtánaigh a ghabháil. Agus sin díreach a rinne sí, i gcomhair le daoine eile cosúil léi – tá sí ar choiste an pháirtí áitiúil anois, agus déanfar cinnte nach dtiocfaidh iarrthóirí eile chun cinn sa pháirtí a dhéanfadh comhréiteach leis an diabhal sin sa Teach Bán.

Ar ndóigh, ní hí ár leabharlannaí an t-aon duine atá ar an intinn seo – tá an rud seo ag tarlú ar fud na tíre. Agus tuigfidh tú anois an faitíos.

Tá eagla ar lucht eadrána sa Pháirtí Poblachtánach go gcaithfear, nó go vótálfar, as a bpostanna iad sular féidir leo seasamh sa chéad toghchán eile, agus mar sin tá siad ar a ndícheall ag vótáil go tréan in aghaidh rud ar bith nach dtaitníonn leis na hantoiscigh nua ar an eite dheis.

Cuireann sé seo na Daonlathaigh i bponc. Munar féidir comhoibriú a dhéanamh leis an bhfreasúra, ní féidir mórán a dhéanamh. Bhí móramh vóta amháin acu sa seanad go dtí lár mhí Eanáir nuair a chaill siad suíochán i Massachusetts don uasal Brown, a luaigh mé cheana. Leis an vóta sin, is féidir leis an Seanadóir Brown stop iomlán a chur le reachtaíocht go léir an Pháirtí Dhaonlathaigh, agus b’shin an gealltanas a thug sé agus é i mbun feachtais – gurbh é a vóta seisean a chuirfeadh deireadh leis an mbille sláinte a bhí ar a bhealach tríd an gcomhdháil.

B’fhéidir go ndéanfaidh an t-aitheasc difríocht, ach déarfainn nach ndéanfaidh. Tá cogadh fíochmhar ar na mallaibh, ní hamháin idir Daonlathaigh agus Poblachtánaithe, ach idir dhá eite an Pháirtí Phoblachtánaigh, agus ní tharlóidh tada sa tír go dtí go mbeidh an cogadh sin thart.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.