AR NA SAOLTA SEO
An Ghaeltacht Trí Shúile Strainséirí
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

idir cháineadh agus mholadh déanta ar Éirinn san eagrán is deireanaí den treoirleabhar Lonely Planet. Tugann Breandán Delap scuaird timpeall ar na ceantair Ghaeltachta le blaiseadh a fháil dá bhfuil scríofa fúthu.

Íomhá
Gleann Cholm Cille
Íomhá
An Cheathrú Rua (le Mikeort ar picasaweb)
Íomhá
Dún Chaoin

“Oh wad some power the giftie gie us To see oursel’s as others see us!” - Robert Burns

Breithiúnas dian go leor atá tugtha ag an treoirleabhar taistil is mó ráchairt ar domhain faoin a bhfuil ar fáil don turasóir sa tír seo anois le hais mar a bhíodh dornán blianta ó shin. Siocair an domhandú cultúir is beag difir anois idir sinn agus an chuid eile den Eoraip, a deir Lonely Planet, sa dóigh nach bhfuil in Éirinn na linne seo ach "a land of motorways and multiculturalism, planned and developed in between double decaf lattes and time out at the latest spa for a thermal mud treatment." Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt!

Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu. Níor mhiste dá réir sin aird a thabhairt ar a bhfuil le rá acu más mian linn tionscal na turasóireachta a chaomhnú nó a fhorbairt. Rófhurasta a bheadh sé na scríbhneoirí a cháineadh seachas cluas éisteachta a thabhairt dá bhfuil le rá acu.

Maíonn na húdair gurb é an cultúr traidisiúnta an ghné is meallacaí dá bhfuil againn -“it still holds the key to Ireland’s draw as a tourist destination." Cén t-iontas mar sin gur léirmheas thar a bheith fábhrach don chuid is mó atá déanta ar cheantair Ghaeltachta na tíre? Cé is moite den chur síos lom atá déanta ar chorr-áit ar nós An Rinn i bPort Láirge, nach nochtaítear aon tuairim maith nó olc faoi, ba léir go raibh na húdair thar a bheith tógtha le formhór na gceantar Gaeltachta. Is cinnte go bhfuil lón machnaimh ann dóibh siúd a bhíonn ag déanamh margaíocht ar thurasóireacht chultúir sna ceantair seo.

Tír Chonaill

Ach tá na blianta de chaiteachas ar chur chun cinn na turasóireachta i gceantar Ghaoth Dobhair curtha ó mhaith ag foilsiú an eagráin seo de Lonely Planet. Óir is beag strainséar a rachaidh ar saoire ann bunaithe ar an chur síos atá ar an pharóiste sa leabhar seo. Deirtear ann go bhfuil an ceantar loite ag róthogáil agus ag barraíocht tithe saoire: “the coast, dotted with white, sandy beaches, has been overrun by holiday homes...a few hotels are scattered along the roadside and that’s pretty much Gweedore.” Ní chuirtear fiacal san cháineadh a dhéantar ar Chnoc Fola: “Bloody Foreland is a spectacular stretch of coast...or at least it was until holiday homes mushroomed across the horizon.” Maítear go mbíodh cáil tráth den saol ar a áille is a bhí dul faoi na gréine ann ach nach bhfuil ann anois ach ‘legoland.’

Maítear go bhfuil Na Dúnaibh ar leithinis Ros gCuill rófhorbartha fosta. Go deimhin deir an leabhar go bhfuil stráicí móra de Chontae Dhún na nGall millte ag easpa pleanála: “cashed-up Dublin developers building holiday homes in some of Donegal’s most pristine beauty spots. Stretches of coastline have fallen prey to a blitz of bungalows (generally a euphemism for two or three-storey ‘McMansion’ homes.) These rows of identikit houses have clearly diminished the natural beauty of some parts of the county over the past two decades.” Ar ndóigh, meastar go mbíonn 40% de thithe an chontae folamh don chuid is mó den bhliain, ach is dócha gurb é neart an phunta Sterling in éadan an Euro dornán blianta ó shin a ba chúis go príomha leis an bhorradh i dtithe saoire.

Más buille don turasóireacht í an mhéid atá ráite faoi Ghaoth Dobhair, tá íomhá níba tharraingte tugtha do pharóiste Gaeltachta eile i ndeisceart an Chontae: “’There’s nothing feckin’ here,’ endearingly blunt locals forewarn visitors to...Gleann Cholm Cille. But, with some stunning walks fanning out from the three-pub village, scalloped beaches, an excellent Irish language and culture centre, and a fine little folk museum, chances are you’ll disagree.” Tugtar moladh faoi leith don obair atá ar siúl ag Oideas Gael sa cheantar. Cé go ndeir na húdair go gcuirfeadh dreapadh Sliabh a’ Liag eiteoga ar do chroí (“these spectactular polychrome cliffs”) is léir nach bhfuil a leithéid déanta acu féin le tamall anuas agus iad ag maíomh go dtig do charr a thiomáint an bealach uilig go barr an tsléibhe. Ní fíor sin ar ndóigh, mar go nglacfadh sé ionann is trí uair an chloig an mullach a bhaint amach ón charrchlós i mBun Glas!

Conamara - Connachta

Maidir le Conamara, measann údair Lonely Planet gurb é “the last refuge” don Ghaeilge. Déanann an leabhar cur síos beacht ar fhás na meán Gaeilge sa cheantar agus ar na tionscail thinteáin a d’eascair astu: “The spoken Irish is enjoying a renaissance around the country (when posh Dublin parents compete to enrol their kids in Irish-language schools, you know something is up) can be credited in no small part to several media outlets based in Connemara and Galway.” Ach maidir le bóithre cáiliúla Chonamara, a spreag an iomad lúibín ag an Oireachtas, deirtear: “Even Connemara’s flatest stretches of road tend to be bumpy due to the uneven bog beneath the tarmac.” Cáintear an rófhorbairt i mBearna ach deirtear go mbíonn seisiúin mhaith ceoil Tigh Hughes ar an Spidéal. Moltar Trá an Dóilín ar an Cheathrú Rua agus áilleacht Chuan Chill Ciaráin ach go háirithe.

Moltar na tránna ar leithinis Bhéal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo agus deirtear go bhfuil Poll an tSómais iargúlta ach galánta.

An Mhumhain

Deirtear gurb áit dhraíochtúil é Guagán Barra i nGaeltacht Mhuscraí.

Áiteanna iontach speisialta iad leithinis Chorca Dhuibhne (“the landscape is dramatic, especially in shifting mist”) agus Baile na Sceilg (“as wild and beautiful as anything on Ted’s fictional isle”) dar le Lonely Planet. Ardmholadh fosta a thugtar do Dhaingean Uí Chúis. Tá tagairt ann don chonspóid a bhain le hainm an bhaile ach deirtear gur mheall an baile daoine cruthaíocha ó achan chearn den domhan le teacht chun cónaithe ann. Moltar an tírdhreach in iarthar Dhuibhneach go crannaibh na spéire agus moltar Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDun Chaoin ach go háirithe. Cé nach bhfuil i mBaile an Fhéirtéaraigh dar le Lonely Planet ach baile beag le roinnt siopaí is tithe tábhairne (“all the essentials really”), rachaidh an turasóir fiosrach caol díreach go Tigh Uí Mhurchú ar an bhaile, áit a bhfuil madra rua i gcás gloine agus piasún ina ghob aige agus é ag breathnú síos ar chainteoirí Gaeilge atá ag ithe béilte bunúsacha an tigh!

Moltar go mór do thurasóirí seal a chaitheamh ar na hoileáin Ghaeltachta. Deirtear go fiú go dtig leat deoch mheisciúil a fháil ar Árainn Mhór Dhún na nGall agus in Inis Meáin na Gaillimhe 24 uair a chloig sa lá! Tugtar “escapist’s Heaven” ar Oileán Chléire amach ó Chósta Chorcaigh.

Cad is féidir linn a fhoghlaim as a bhfuil scríofa san eagrán nuafhoilsithe seo de Lonely Planet? Ar dtús báire, is léir ón leabhar go gcuireann cuairteoirí luach ard ar thraidisiún, ar shaíocht áite agus ar áilleacht aiceanta. Nithe iad seo atá ar fáil go flúirseach i gceantair Ghaeltachta na tíre agus gur fiú a chaomhnú is a fhorbairt. Ar an darna dul síos, caithfear dul i ngleic go mear leis an iomaíocht idir róthógáil agus caomhnú na timpeallachta. Ina dhiaidh sin, beidh rogha éasca le déanamh ag tionscal na turasóireachta anseo; géilleadh do na tuairimí a nochtadh ann nó neamhaird iomlán a dhéanamh díobh agus muinín a chur ina áit sin sa mhéid atá scríofa ina gcuid bróisiúir shnasta féinbholscaireachta. Beidh toradh an chinnidh seo le feiceáil sa rath a bheas ar thionscail na turasóireachta sna blianta beaga amach anseo.

    • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal, Co na Gaillimhe. -----------------

Naisc: Áiteanna i nGaoth Dobhair http://www.youtube.com/watch?v=ea5QZX2yJ5oRinn Ua gCuanach http://ga.wikipedia.org/wiki/AnRinn(ContaePhortL%C3%A1irge)http://www.beo.ie/index.php?page=archivecontent&archiveid=2

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.