AR NA SAOLTA SEO
Bí Ullamh, ach Bí Amhrasach Fosta!
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

D’fhoghlaim Tony Birtill an ceacht is tábhachtaí le linn cúrsa athfhoghlama. Is ceart a bheith ullamh, ach is fearr a bheith ullamh agus amhrasach más amuigh ar an sliabh atá tú.

Íomhá
Sneachta séidte sa chaoch-cheo
Íomhá
Glanadh
Íomhá
An t-údar ar chlé, David Hooper abhus
Íomhá
Gealadh

Bhí mé ag sléibhtóireacht in Albain Mí Feabhra, áit a mbíonn sneachta ar na cnoic ard isteach go dtí Meitheamh go minic. Ach fuair mé droch-chomhartha sular fhág mé Learpholl ar an dara lá Feabhra - ríomhphost ó mo dheartháir John a chur in iúl dom go raibh timpiste ag beirt cara dá chuid as an Swaledale Outdoor Club agus iad ag dreapadh i gCeantar na Loch, mar a bhfuil an sneachta ina luí fós.

Thit siad ar Gable Crag ag Great Gable agus fuair Alan Turner, feirmeoir, 54 bliana d’aois, bás agus gortaíodh Andy Platell, seandálaí ó Ollscoil Durham.

Aimsir ghruama, fhliuch a bhí ann agus mé ag tiomáint suas an M6 i dtreo na teorann agus shíl mé agus mo chara Jamie nach mbeadh deis ar bith againn dul ar na cnoic an lá sin, ach nuair a bhain muid Moffat amach thosaigh sé ag glanadh. D’éirigh muid amach ag siúl ar an sneachta suas na sléibhte mar a bhí beartaithe againn. Agus bhí an t-ádh orainn - iarnóin deas gheal a bhí ann nuair a bhain muid* Arthurs Seat* (731 méadar) amach agus bhí sé go haoibhinn álainn ar fad ar bharr Hart Fell (808 m) le sraithradharc iontach amach romhainn ar gach taobh dínn.

Sona sásta a bhí muid ag deireadh an lae agus lean muid ar aghaidh go Glaschú le bualadh le cairde. Tháinig duine acu, Tomás Mac Giolla Chainnigh, amach linn an lá dár gcionn. Chuaigh muid ó thuaidh, go dtí An tÁrar, ar cheann Loch Long agus shiúil muid suas Beinn Arthur (884m) le chéile, tríd an sneachta. Bhí crobh oighir agus piceanna oighir de dhíth orainn nuair a dhreap muid suas feadán chun an barr a bhaint amach, áit a raibh radharc álainn ann, le Beinn Laomainn ar thaobh amháin agus Loch Long ar an taobh eile, le hOileán Árainn agus Craig Ealasaid amuigh san fharraige. Lean muid ar aghaidh go barr Beinn Narnain (926m), ceann do na Monroes (Beo eagrán 100). Bhí sé ina cheo caochbhán ar a bharr gan a dhath le feiceáil ann.

Thiomáin muid trí shíobadh sneachta suas bóthar an A9 an oíche sin i dtreo An Aghaidh Mór agus bhí an Brú Óige ag Loch Mór beagnach dúnta nuair a shroich muid an áit.

Ach lá deas geal a bhí ann an lá dár gcionn agus os rud é go raibh mo chairde ag iarraidh dul ar a gclár sneachta, chuaigh mé suas na sléibhte arda i m’aonar - Carn Gorm (1245 m), thart barr Coire an tSneachda go dtí Carn Lochan (1215m).

Seachain an Dallcheo

Bhí sé ina cheo Dé hAoine, chuaigh mé agus cara eile, Gary, suas na cnoic ‘ísle’ taobh thiar den bhrú - Meall a’ Bhuachaille (810m), Creagan Gorm (732m) agus Craig Gowrie (687m). Níl a lán taithí ag Gary agus d’inis mé dó narbh fhiú é dul suas Carn Gorm ar lá mar sin mar ní bhionn rud ar bith le feiceáil agus bíonn sé contúirteach. Ní raibh a fhios agam go raibh timpíste ag titim amach mórán le linn mo chainte féin.

Bhí mé cláraithe ar chúrsa athfhoghlama geimhridh do chinnirí sléibhe ag Lóiste Gleann Mór, an t-ionad traenála cóngarach don bhrú. Tá Foireann Tarrthála lonnaithe ansin agus nuair a chuaigh mé ann an tráthnóna sin thug mé faoi deara go raibh sé ina rí rá ann, le hotharcarr agus carr póilíní taobh amuigh agus baill den fhoireann thart timpeall. Chuala mé ball amháin ag insint do phóilín go raibh teagascóir sléibhe ag siúl thart barr Coire an tSneachda nuair a thit sé tríd coirnis thar ’Jacobs Ladder’ ' agus thit, nó shleamhnaigh sé, 120 méadar síos an feadán seo. Thit sléibhteoir eile síos an áit cheannann chéanna leath uair an chloig ina dhiaidh sin. Ní raibh siad gortaithe go dona, ach b’éigean don fhoireann iad ag iompar anuas den sliabh. Nuair a chuala mé an méid sin, gheall mé dom fein a bheith ar an airdeall agus mé thuas san áit chéanna le teagascóir an chúrsa.

Ba é sin Kevin Rutherford, agus ba iad Claire agus Richard na daoine eile in éineacht liom sa ghrúpa. Ba é "Ginger" (iaroifigeach sa RAF) teagascóir an ghrúpa eile, a raibh ceathrar ann, agus chuaigh muid amach ar mhionbhus le cheile Dé Sathairn go dtí an carrchlós ag Coire Cas. Shiúil an bhuíon s’againne trasna go Coire an tSneachda, áit ar chaith muid an lá ag cleachtadh scileanna geimhridh.

Bhuail muid le dream Ginger arís ag an bus ar ais ag 3 i.n. agus rinne na teagascóirí an earráid is measa ansin - níor chomhairigh siad na daoine a bhí ann agus níor thug siad faoi deara nach raibh Chris i láthair !

Aiseolas agus Breis

Bhí seisiún aiseolais agus cupán caife réitithe romhainn ag Lóiste Gleann Mór. Thug Kevin faoi deara ansin nach raibh Chris i láthair, ach níor thuig sé go raibh sé fós thuas ar na cnoic. Leath bealaigh tríd an seisiun osclaíodh an doras agus shiúil Chris isteach agus fraoch feirge air. "You left me behind!" ar seisean.

A Dhia! A leithéid de dhearmad, agus in Ionad Náisiúnta na hAlban fosta! Rinne Kevin iarracht an locht a chuir ar Chris é féin, ach am amú a bhí ann. Bhí a fhios ag cách go raibh rud ab ionann agus an peaca marfach déanta ag Kevin agus Ginger. Gheall mé dom féin a bheith ar an airdeall faoi dhó ar an lá dár gcionn!

Ag cleachtadh mionoireasóireachta (nó micrea-loingseoireacht) thuas ar Charn Lochan a bhí muid Dé Domhnaigh, i gceo caochbhán. Sin an aimsir is measa le haghaidh loingseoireachta mar bíonn gach rud iompaithe bán; an t-aer agus an talamh agus ní féidir leat íor na spéire a dhealú eatarthu. Níl a fhios agat an bhfuil tú ag dul suas nó síos fiú. Rachaidh tú ó hionad go ball eile ar an léarscáil, ag baint feidhme as compás agus am-áireamh agus tomhas choiscéimeanna. Imreoidh an ceo caochbhán cleasa ort, fiú ar an duine a mbíonn cur amach maith agus eolas cruinn aige ar an cheantar. Bíonn Kevin thuas ar Charn Lochan go rialta, agus in áit amháin, dúirt sé linn: "OK, we’ll go over this way now, towards the 1099 spot height," Thóg muid an treo-uillinn compáis, ach tar éis cúpla coiscéim dúirt Kevin linn arís: "My compass is going crazy." Ba léir dom gur shíl sé go raibh sé ag dul sa treo ceart, d’ainneoin ar léirigh an compás. "My compass is fine," arsa mise, " and it says we go that way," agus shín mé mo lámh sa treo ceart. Thuig sé go raibh meancóg déanta aige: "The compass does not lie," a d’admhaigh sé, agus chuaigh sé an treo ceart.

I nGábh

Bhí a fhios agam tar éis cúpla céad méadar go raibh muid ag druidim ar Jacobs Ladder agus bhí mé ar an airdeall. Tar éis seal ag caint le dreapadóir a bhí ag cur cor ar théad ar an bharr, dúirt Kevin linn: "OK, we’ll go down to the Coire Cas carpark now. You can put your compasses away and relax.. Just follow me."

"Beag an baol" a shíl mé dom féin, agus an compás i mo lámh agam i rith an ama le barr amhrais. Ba mhaith an rud go raibh, mar in ionad dul ó thuaidh, i dtreo Coire Cas, áit a mbíonn daoine ag sciáil, chuaigh sé siar, i dtreo Coire an tSneachda, áit a mbíonn daoine ag dreapadh! Scairt mé air, ach bhí mé ar chúl na meithle agus leis an ghaoth, níor chuala sé mé. Bhí a fhios agam go raibh muid ag dul síos isteach sa coire mícheart, agus bheadh orainn theacht aníos as arís, agus bhí muid uilig sáraithe cheana féin. Tar éis tamall, agus é imithe as an dallcheo, chonaic sé go raibh sé ag dul sa aintreo agus b’éigean dó iompú agus teacht aníos ar a aischéim. Bhí aiféala air gan amhras, ach níor dhúirt sé faic.

Bhí seisiún aiseolais eile againn sular fhág muid Lóiste Ghleann Mór ach is dócha go raibh an ceacht is tábhachtaí foghlamtha agam - ná cuir do mhuinin i nduine ar bith, seachas tú féin agus an compás!

Naisc:

www.swaledaleoutdoorclub.org.ukwww.news.bbc.co.uk/1/hi/england/8490851/.stm www.glenmorelodge.org.uk

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.