Ríomhann Alan Desmond scéal anróiteach mionlaigh eile san alt seo, an Rohingya. Is dream iad atá sáinnithe ag drong mhíleata Maenmar a imríonn gach feall is féidir lena ndíothú de dhroim na talún.
Tá ráflaí ar na meáin faoi láthair go ligfear saor mí na Samhna seo chugainn Aung San Suu Kyi, an bhean ar a dtugtar ceannaire na gluaiseachta ar son an daonlathais i Maenmar, nó Burma mar is fearr aithne ar an áit. Tá Suu Kyi i gcarcair ag drong mhíleata na tíre le fiche bliain anuas nach mór.
Ach dá fheabhas an dul chun cinn seo is ea is mó a laghdóidh sé aird an domhain mhóir ar ngéarleanúint atá á déanamh ag údaráis mhíleata Mhaenmar ar mhionlaigh éagsúla a dtíre, aird atá chomh beag sin faoi láthair gur ar éigean a d’fhéadfadh sé a bheith níos lú.
Cúlra na Rohingya
Ar na dreamanna is mó fulaingt tá na Rohingya, Moslamaigh Shunnaíocha atá lonnaithe in Arakan, nó Stát Rakhine, in iarthar Mhaenmar ar an teorainn leis an mBanglaidéis agus an India. Meastar go bhfuil suas le milliún díobh sa tír. Is ionann Moslamaigh agus tuairim is 4% den 50 milliún duine i mBurma agus cé gur Rohingya iad formhór na Moslamach in Arakan, tá ann do Mhoslamaigh eile, leis. Maíonn na ‘Moslamaigh Bhurmacha,’ mar a thugann siad orthu féin, go raibh a sinsir ag cur fúthu in Arakan na céadta ó shin. Labhraíonn siad teanga atá an-ghar don Bhurmais agus tá siad cosúil le Búdaithe Arakan ó thaobh na nósanna a chleachtann siad.
Tá tuairimí éagsúla maidir le gaol na Rohingya le hArakan, áfach. Deir daoine áirithe gur dream dúchais iad, ach tá barúil ag daoine eile go bhfuil na Rohingya síolraithe ó dhaoine a bhain Arakan amach le linn don áit a bheith faoi shúiste na Breataine ó 1824 go 1948. Tá baint mhór ag an éiginnteacht seo le drochstaid reatha na Rohingya.
Tá teanga na Rohingya díorthaithe ón mBeangáilis agus tá sí an-ghar don chanúint a labhraítear in Chittagong na Banglaidéise.
An tEisiamh Stairiúil
Ba shaoránaigh iad na Rohingya faoin mBunreacht a achtaíodh i ndiaidh do Bhurma neamhspleáchas a fháil i 1948 ach ghabh an t-arm an chumhacht chucu féin i 1962 agus thug Bunreacht nua na bliana 1974 isteach nár aithin na Rohingya mar phobal dúchais. Chun donais ar fad a chuaigh cúrsaí ocht mbliana níos déanaí nuair a eisíodh an tAcht Saoránachta. De réir an Achta seo, bheadh saoránacht acusan atá ar na 135 cine náisiúnta a aithnítear sa Bhunreacht nó atá síolraithe ó dhaoine a lonnaigh sa tír roimh 1823. Mura sásófaí aon cheann den dá choinníoll sin, ní bheadh stádas saoránaigh ag duine.
Ar ndóigh, ní aithnítear na Rohingya mar chine náisiúnta sa Bhunreacht agus tá easpa cáipéisí a shásódh an dara coinníoll. Fágann sin nach saoránaigh iad na Rohingya ina dtír dhúchais. Daoine gan stát iad ó thaobh an dlí de.
An tEisiamh Reatha
Dá mba thír idéalach é Burma, níor dhrochrud ann féin é an easpa saoránachta seo. Ach a mhalairt ar fad de thír atá ann, ar ndóigh, agus ligeann stádas seo na Rohingya do na húdaráis bearta tarcaisneacha táiriúla a chur i gcrích i gcoinne an mhionlaigh Mhoslamaigh seo. Bíonn orthu cead pósta a lorg, mar shampla, agus chun an cead seo a fháil bíonn constaicí éagsúla riaracháin le sárú. Is é bun agus barr an scéil ná go mbítear ag feitheamh ar feadh na mblianta sula bhfaightear an cead pósta. I gcás na lánúine a mbriseann ar an bhfoighne acu is a théann os comhair na haltóra gan cead, tá gach seans go radfar isteach i ngéibheann iad.
Níl de cheart ag na Rohingya rochtain saoránaigh a éileamh ar oideachas, ar obair ná ar sheirbhísí sóisialta. Is beag post stáit a thairgtear do dhuine den dream seo.
Ó na hochtóidí ar aghaidh, tá moscanna agus scoileanna creidimh scriosta agus ní annamh a chuirtear cosc ar dheisiú na bhfoirgneamh seo. Déantar an dochar céanna do láithreacha stairiúla is do shéadchomharthaí Moslamacha agus tá seilbh glactha ag na húdaráis ar roinnt reiligí.
Tá srianadh taistil á chur i bhfeidhm ó thús na mílaoise ar na Rohingya a bhfuil impleachtaí móra aige ar cháilíocht na beatha. Chun dul ó áit go háit i dtuaisceart Arakan, réigiún ina bhfuil an-chuid Rohingya, bíonn ar na Moslamaigh cead taistil a fháil, rud nach bhfaightear go tapa ná saor in aisce. Ciallaíonn sé seo go mbíonn deacrachtaí móra ag Rohingya rudaí bunúsacha a dhéanamh. Gan cead taistil, is minic nach féidir dul go dtí an otharlann ná freastal ar scoil. Dá mbeifí ag iarraidh bogadh ó shráidbhaile amháin go sráidbhaile eile chun a bheith i láthair ag clinic sláinte, bheadh cead taistil ag teastáil. Ós rud é go bhfuil an t-aon ollscoil in Arakan i Sittwe, príomhchathair an stáit, is amhlaidh go bhfágann an srianadh taistil nach mbíonn deis chun freastal go lánaimseartha ar an ollscoil ag mic léinn Rohingya nach bhfuil cónaí orthu sa chathair féin.
Íde na Muc is na Madraí
Anuas air sin, imrítear an foréigean is measa amuigh ar an mionlach beag seo. Ó cuireadh deireadh leis an riail shibhialta i 1962, tá na húdaráis mhíleata ag forrachtadh ar Mhoslamaigh, go háirithe ar na Rohingya. Tá siad á ndíshealbhú, á n-éigniú agus á ndúnmharú. Céastar iad go síní siad cáipéisí a thugann a gcuid talún do Bhúdaithe. Gearrtar cánacha éagóracha orthu. Cuirtear iallach ar Rohingya, idir óg is aosta, obair gan íocaíocht a dhéanamh ar thionscadail éagsúla cosúil le tógáil is cothabháil champaí an airm. Bíonn an easpa bia mar sciúirse orthu i rith an ama.
Toradh amháin atá ar an anró seo go léir ná bochtaineacht agus gannchothú ainsealach i measc na Rohingya atá ag dul i méid an t-am ar fad.
Teitheadh
Ba dheacair iontas a dhéanamh de, mar sin, go bhfuil na céadta mile Rohingya tar éis teitheadh ó Bhurma. Ar na tíortha atá bainte amach ag na Rohingya tá an Mhalaeisia, an Phacastáin, an Araib Shádach is an Téalainn. Tá breis is 200,000 ag cur fúthu sa Bhanglaidéis, ach níl ach tuairim is 30,000 den dream sin aitheanta mar theifigh is foscadh acu i gcampaí de chuid Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR). Is i Cox’s Bazar, ceann de na réigiúin is boichte sa Bhanglaidéis, a chuireann na Rohingya fúthu agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach bhfearann daoine daibhre dúchais na háite fáilte rompu.
Ach an bhfuil aon leigheas ar an scéal náireach seo? Is í an tSín an comhghuaillí is mó atá ag drong mhíleata Bhurma agus is cinnte nach mbeidh an tír sin ag cur aon bhrú ar Bhurma caitheamh níos fearr leis na Rohingya agus go leor achrainn dá gcuid féin ag na Sínigh lena mionlach Moslamach féin, na Uígir.
Ach fiú dá gcuirfí na húdaráis mhíleata as cumhacht amárach, ní fhéadfaí a bheith ag súil go dtiocfadh mórán feabhais ar scéal riabhach na Rohingya. Mionlach beag Moslamach iad a bheadh ag iarraidh seilbh a athghabháil ar na tailte atá faoi smacht Búdaithe anois de dheasca dhúnghaois na droinge míleata. Is beag seans go dtabharfaí cluas thuisceanach do na Rohingya sna cúrsaí seo, is cuma cén sórt rialtais a thiocfadh ina chomharba ar na húdaráis reatha atá i mbun cinedhíothaithe.
Rud amháin a rachaidh i gcion ar éinne a dhéanfaidh staidéar ar chás na Rohingya ná nach n-úsáidtear in aon chor an focal ‘cinedhíothú,’ cé gur deacair cur síos níos fearr a dhéanamh ar an ngéarleanúint atá á himirt ar na Rohingya. Ach is dócha gurb é an dual is faide siar ar a gcoigeal é an tséimeantaic, agus a gcás ag dul chun donais ó bhliain go bliain.