AR NA SAOLTA SEO
Muintir Emberá
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Míníonn Alan Desmond go leor de scéal an mhionlaigh seo, muintir Emberá sa Cholóim. Ar nós mionlach eile go leor ar fud an domhain, níl a saol le maíomh orthu.

Íomhá
Abhainn Atrato a shníonn trí Chocó
Íomhá
Sráidbhaile Emberá

Chuaigh ceann de bhuíonta armtha mídhleathacha na Colóime isteach i ndufair iarthuaisceart na tíre, i bhforaois bháistí Chocó, mí Márta na bliana seo caite, d’fhonn buíon armtha mhídhleathach eile a ruaigeadh as agus an áit a chur faoina smacht féin. Santaítear foraois bháistí Chocó, a shíneann breis is míle ciliméadar ar feadh chósta na Colóime isteach go Panama, toisc go bhfuil tábhacht ag baint léi mar shuíomh straitéiseach agus mar fhoinse acmhainní aiceanta.

Le teacht níos tapúla ar a n-iomaitheoirí, chuir na meirligh nuathagtha d’fhiacha ar na háitritheoirí dúchais cabhrú leo. Fuadaíodh beirt déagóirí, mar shampla, is bhí orthu a bhfuadaitheoirí a threorú timpeall na dufaire. Anuas ar choireanna den saghas seo, tuairiscíodh go ndearnadh an-chuid ban a éigniú.

Ní hionadh mar sin gur theith breis is 2000 duine den phobal áitiúil laistigh den aon mhí amháin, de chois is de chrainn snámha, óna n-áit dúchais i ndúfairí iarthuaisceart na Colóime.

Chruthaigh an teitheadh seo a chuid fadhbanna féin, ar ndóigh. Thug na daoine easáitithe aghaidh ar shráidbhailte beaga eile agus fial flaithiúil an chóir a cuireadh orthu sna háiteanna sin, níorbh fhéidir cóir cheart a sholáthar. Bhí easpa foscaidh is bia i gceist, ní nach ionadh nuair a thuigtear gur mhéadaigh an daonra faoi dhó in áiteanna áirithe le teacht na dteifeach. Is ceantair iad seo atá iargúlta go leor, gan rochtain éasca ar roinnt díobh. Ní hann do bhonneagar stáit a chuirfeadh taca míochaine ar fáil, gan trácht ar thacaíocht aigneolaíoch.

Ba den phobal dúchais Emberá an dá mhíle duine a thréig a n-áiteanna cónaithe anuraidh. Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Emberá in iarthuaisceart na Colóime chomh maith le 22,000 díobh trasna na teorann i bPanama agus níorbh é ionradh na bliana seo caite an chéad uair ar chuimil an mí-ádh leis an bpobal seo, ná geall leis.

An Forrachtadh ó Thús Deireadh

Cé gur ag tús na 16ú haoise a thosaigh na Spáinnigh seilbh a ghabháil ar na críocha a dtugtar an Cholóim orthu sa lá atá inniu ann, d’imigh breis is céad bliain thart sular éirigh leis na coilínigh tailte na nEmberá a smachtú in ainneoin an bhuntáiste a bhí acu ó thaobh na teicneolaíochta míleata de. Chuir na hEmberá go láidir in aghaidh na gcuirí gan iarraidh ach ar deireadh thiar thall, bhí orthu cúlú níos sia isteach sna dufairí is sna sliabhraonta, áiteanna a bhfuil siad le fáil inniu.

Ba iad na hacmhainní aiceanta is mianra cosúil le rubar, ór is airgead a ghéaraigh suim na gcoilíneach i gcúige Chocó, an cúige sa Cholóim is mó a shamhlaítear leis na hEmberá agus sa 20ú haois is iad acmhainní cosúil le plandaí trópaiceacha, ola phailme is adhmad a tharraing aird na dtionscal mór, aird nach bhfuil imithe go hiomlán chun sochair do phobal Emberá. Cuirtear fadmharthain an phobail seo i mbaol nuair a bhaintear an fhoraois den talamh chun plandáil ollmhór ola phailme a chur ar bun, díreach mar a chuirtear nuair a leagtar crainn ar son tionscal an adhmaid.

Seans gurb é is mó is cúis le heasáitiú na nEmberá sa Cholóim ná straitéis fhrithdhrugaí an rialtais. Mar chuid den fheachtas seo, déantar tailte sinseartha na nEmberá, agus tailte nach iad, ar ndóigh, a thoitriú ón aer.

An Damba Urrá ar an Abhainn Sinú

Ach is dócha gurb é an éagóir is mó a bhfuil cur amach ag an domhan mór uirthi ná tionscadal an chora, nó an damba Urrá. Cinneadh sna caogaidí go dtógfaí damba hidrileictreach ar an abhainn Sinú, atá ar na haibhneacha is mó tábhacht sa Cholóim. I dtuairisc a eisíodh i 1977 is a mhol an tionscadal, níor luadh go raibh lonnaíocht Emberá gar don áit tógála, rud a d’fhágfadh go mbáfar an lonnaíocht sin. Ní hamháin sin, ach de réir Bhunreacht na tíre is conarthaí idirnáisiúnta atá sínithe ag an gColóim agus caithfear dul i gcomhairle le pobail dúchais sula dtiocfar i dtír ar aon acmhainn aiceanta laistigh de chríocha na bpobal sin.

Ina ainneoin sin go léir, d’fhógair rialtas na Colóime i 1992 go leanfaí ar aghaidh leis an tionscadal. Níor chun leasa na nEmberá é. De dheasca thógáil na cora, nach ndeachthas i gcomhairle leo mar gheall air ar ndóigh, cuireadh deireadh leis an riar iasc a bhí mar phríomhbhia acu is tháinig an mhaláire i measc Emberá na Sinú den chéad uair.

Ní hionadh mar sin go bhfuil agóid á déanamh ag Emberá na Sinú ó shin i leith. Eagraíodh léirsithe ar fud na tíre i 1996, chomh maith le suí istigh ag Ambasáid na Sualainne i mBogotá, príomhchathair na Colóime, toisc go raibh baint ag comhlachtaí na tíre sin le tógáil is le maoiniú na cora. Chuathas i muinín an dlí, leis, agus ag deireadh na nóchaidí rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go gcaithfidh an comhlacht Urrá S.A., atá i bhfeighil an damba agus ar cuideachta ilnáisiúnta é, cabhrú le hEmberá na Sinú sa deisiú agus san atógáil atá le déanamh de dheasca an scriosta a rinne tionscadal an damba. Thug Urrá S.A. bodhaire Uí Laoire ar bhreith na cúirte.

Bagairt agus Marú

Más é an chluas bhodhar atá tugtha ag Urrá S.A. d’éilimh na nEmberá, is é an lámh láidir atá tugtha ag eagraíochtaí paraimíleata na heite deise dóibh. Maíonn na buíonta seo go bhfuil baint ag na hagóideoirí Emberá le FARC, dream paraimíleata na heite clé, ach tá roinnt Emberá easáitithe mar gheall ar bhagairtí ó FARC chomh maith.

Pé bunús atá, nó nach bhfuil, le líomhaintí dreamanna na heite deise, tá breis is deichniúr ceannairí Emberá dúnmharaithe acu ó 1993 ar aghaidh.

Ina fhianaise sin go léir, ní dhéanfar iontas de go n-áiríonn Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhfuil na hEmberá ar na pobail dhúchais sa Cholóim atá i mbaol a dhíothaithe.

Tá an sórt céanna anachana is anró mar sciúirse ag mionlaigh éagsúla eile ar fud na Colóime gan dabht, agus is cinnte gur fada go staonfaidh na hEmberá de bheith ag éileamh a gceart, ach is deacair aon léaró dóchais a aithint i dtír nach bhfuil urraim don bheatha, gan trácht ar phrionsabal an smachta reachta.

Naisc: Teanga http://www.ethnologue.com/showlanguage.asp?code=ctoAn áit http://en.wikipedia.org/wiki/Departmentof_Choc%C3%B3An pobal http://www.youtube.com/watch?v=QBTg6YIBGTITurasóireacht http://www.youtube.com/watch?v=xehZMd999nY&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.