Tá bliain eile imithe agus gan oiread agus gradam amháin buaite ag fear na súile nimhe. Tá fonn air beannachtaí na Nollag a ghuí ar roinnt daoine, mar sin féin.
»»»fdgjfdngjfhgjfd gthgfgth grthtgreyhtjuker ggf
»»»Tá an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda tar éis Meiriceá a athrú ó bhonn. Feiceann Barra Ó Donnabháin comharthaí, áfach, go bhfuil acmhainn grinn na Meiricéanach á taispeáint féin arís.
»»»Tá cur síos ag Liz Curtis an mhí seo ar chathair ilchultúrtha Londan, áit ar chaith sí tréimhse le déanaí.
»»»Tá Fachtna Ó Drisceoil den tuairim nach bhfuil an straitéis cheart roghnaithe ag Lucht Oibre don chéad olltoghchán eile agus go mbeidh an páirtí féin agus an daonlathas thíos leis seo.
»»»De bharr phróiseas na síochána, measann Tony Birtill go mbeidh sé níos fusa ag Éireannaigh sa Bhreatain comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916 agus ar eachtraí tábhachtacha eile i stair na hÉireann.
»»»Féachann Robert McMillen in alt na míosa seo ar dhearcadh na n-aontachtaithe agus na ndílseoirí i leith dhíchoimisiúnú an IRA.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe an mhí seo ar an díchoimisiniú sna sé chontae agus tugann sé cur síos ar spórt nua atá tagtha chun cinn san Afraic.
»»»Sé mhí ó shin bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an bua ag an bhfreasúra in olltoghchán na míosa seo san Astráil. Tá athrú tagtha ar an scéal le roinnt míonna anuas, áfach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Measann go leor daoine san Astráil gur mar gheall ar thoghchán a bheith ag teacht a dhiúltaigh rialtas na hAstráile glacadh leis na teifigh a tarrtháladh san Aigéan Indiach ar an 26 Lúnasa. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Is iad na Sínigh an grúpa mionlaigh is mó sna sé chontae. Mar a mhínigh duine den phobal sin do Liz Curtis, áfach, tá go leor de mhuintir Bhéal Feirste doicheallach go maith rompu.
»»»Tá Fachtna Ó Drisceoil den tuairim gur gá athruithe radacacha a dhéanamh ar an Seanad chun é a dhéanamh níos daonlathaí.
»»»Feiceann Tony Birtill cosúlacht mhór idir an dóigh a bhfuiltear ag caitheamh le Moslamaigh i Sasana le cúpla seachtain anuas agus an tslí ar caitheadh leis na hÉireannaigh sa tír le linn na dTrioblóidí.
»»»Déanann Robert McMillen cur síos ar dhrochsheachtain eile sna Sé Chontae.
»»»Bheadh Barra Ó Donnabháin san Ionad Trádála Domhanda nuair a d’ionsaigh na sceimhlitheoirí é, murach gur cuireadh moill air. Déanann sé cur síos anseo ar an lá uafásach sin, an 11 Meán Fómhair.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe ar imeachtaí in Éirinn agus thar lear le tamall anuas.
»»»Féachann Robert McMillen ar cheist na póilíneachta sna sé chontae, ceist atá ina cnámh spairne go fóill idir na páirtithe polaitíochta éagsúla.
»»»Daoradh breis is ceithre scór chun báis sna Stáit Aontaithe anuraidh. Tá Stephen E. Brown go láidir den tuairim go bhfuil an córas claonta i gcoinne daoine dubha agus grúpaí mionlaigh.
»»»Ní raibh an ceithearnach Ned Kelly ach cúig bliana is fiche nuair a crochadh é sa bhliain 1880. D’éirigh leis an-cháil a bhaint amach i rith a shaoil ghairid, áfach, agus tá trácht air go fóill san Astráil, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Bíonn neart imeachtaí bríomhara ar siúl le linn fhéilte mhí Lúnasa i mBéal Feirste. Mar a mhíníonn Liz Curtis, áfach, bíonn dáiríreacht agus crá croí i gceist fosta, chomh maith leis an spraoi.
»»»Braitheann Fachtna Ó Drisceoil go bhfuil cur chuige nua, atá i bhfad níos míleata, á úsáid ag urlabhraithe an Lucht Taistil agus iad páirteach i ndíospóireachtaí sna meáin chumarsáide.
»»»Bhí Balor ar saoire an mhí seo caite agus tá spin rud beag níos fearr air dá bharr.
»»»Féachann Tony Birtill ar phobalmheas a foilsíodh sa nuachtán The Guardian le deanaí faoi Thuaisceart Éireann.
»»»Is ceap magaidh é George W. Bush do go leor daoine ach measann Barra Ó Donnabháin go bhfuil dul amú orthu siúd a mheasann gur daoi é an tUachtarán.
»»»Chinn An Bord Pleanála ag deireadh mhí an Mheithimh diúltú don chead pleanála le haghaidh líne ardvóltais 110 kV a thógáil trí iarthuaisceart Dhún na nGall, cead a bhí tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall do Bhord Soláthair an Leictreachais (BSL).
»»»An t-ilchultúrachas - sin an chéad rud a thug mé faoi deara agus mé i mBoston. Chuir sé iontas orm meascán chomh mór sin daoine a bheith ag maireachtáil le chéile in aon áit amháin - daoine geala, daoine dubha, lucht na Spáinnise agus an dream ón Áis. Thairis sin ní dhearna mé mórán machnaimh ar cheist na gciní, cé go raibh na cúrsaí seo go mór i mbéal an phobail agus mé ag fágáil “the old country”, mar a thugtar ar Éirinn anseo.
»»»Tá cáil ar Jim Larkin mar dhuine a bhí go hiomlán in aghaidh na dí. Nuair a bhí sé ag obair mar shaoiste sna dugaí i Learpholl i 1903, cuir i gcás, ní raibh sé sásta pá a thabhairt do na dugairí sa teach tábhairne, mar a bhí sé de nós ag na saoistí eile a dhéanamh, agus ní raibh seans ag fear ar bith a raibh boladh dí ón anáil post a fháil le Larkin.
»»»Míníonn Robert McMillen cén fáth a bhfuil polaiteoirí áirithe aontachtacha, leithéidí David Burnside agus Jeffrey Donaldson, chomh mór sin i gcoinne aon athrú a dhéanamh ar an RUC.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.