Tá cur síos ag Liz Curtis an mhí seo ar chathair ilchultúrtha Londan, áit ar chaith sí tréimhse le déanaí.
Tá mé i ndiaidh tamaillín a chaitheamh i Londain. Bhí sé an-aisteach dul ansin ó Bhéal Feirste. Tharla an t-uafás ag an Ionad Trádála Domhanda trí seachtaine sula ndeachaigh mé anonn. Bhí an chuma ar an scéal go raibh achan duine i Londain an-bhuartha go dtitfeadh eitleán orthu gan choinne le beannachtaí ó Osama bin Laden, agus anois tá siad buartha faoin antrasc fosta.
Bhuel, i mBéal Feirste maireann daoine ina ndomhan beag féin, agus tá an t-atmaisféar seicteach mar scamall chomh mór agus chomh híseal sin os cionn achan rud nach sílfeá go raibh domhan mór taobh amuigh ar chor ar bith. Agus is cinnte nach mbeadh Tuaisceart na hÉireann mar an chéad sprioc ag lucht tacaíochta na bPalaistíneach. Ach thall i Londain níl rud ar bith eile sna nuachtáin ná ar an teilifis seachas feachtas buamála na Meiriceánach agus na Sasanach san Afganastáin.
Deirtear go bhfuil mórchuid na Sasanach i bhfábhar an fheachtais sin, ach chuaigh mé féin ar an mhórshiúl ina éadán ar 13 Deireadh Fómhair agus bhí scata millteanach mór i láthair. Bhí Cearnóg Trafalgar plódaithe ag an deireadh.
Agus mé ar mo bhealach go dtí an mórshiúl, bhí lánúin óg in aice liom ar an traein. Bhí an cailín ag caint le cara dá cuid ar a fón póca: “Beidh mo mhamaí ar an mhórshiúl,” a dúirt sí. “Beidh mamaithe a lán daoine ann.” Thosaigh mé ag gáire, mar is cuid de ghlúin na mamaithe mé féin.
Agus bhí an fhírinne ráite aici. Bhí daoine as achan ghlúin ann, ó sheandaoine go páistí i mbugaithe. Bhí a lán mac léinn ann chomh maith, mic léinn leighis san áireamh, agus cótaí bána agus steiteascóip orthu. Bhí daoine as CND ann, comhshaolaithe, sóisialaithe, cóir ag caitheamh léinte dearga agus ag canadh go bríomhar leo, Moslamaigh ina n-éadaí traidisiúnta, agus a lán daoine ag iompar bratacha agus fógraí mar “Not in my name” agus “Two bombs don’t make a right”.
Bhí atmaisféar breá cairdiúil ann, agus achan duine glan in éadán pholasaí cogaidh Tony Blair. Ach níl an chuma ar an scéal go bhfuil sé ag éisteacht.
Ceantar ilchultúrtha
Bhí mé ag stopadh le cara in Harlesden in iarthuaisceart Londan. Seans go bhfuil a fhios agat é. Tá roinnt mhaith Éireannach ann, de réir na nuachtán atá le fáil (fiú an Irish News ó Bhéal Feirste) agus na tithe tábhairne inar féidir leat amharc ar chluichí CLG ar an teilifís.
Is áit de chuid an lucht oibre é Harlesden. Tá sráideanna deasa duilleogacha ann, agus iad lán tithe a tógadh thart fá chéad bliain ó shin. Ach tá cuid de na tithe ag titim as a chéile, péint ag scamhadh, píosaí móra adhmaid ag cur tacaíochta ar fáil do chuid acu, fiú, agus cláracha ar na fuinneoga.
Caithfidh mé a rá gur breá liom Harlesden, go háirithe mar gheall ar gur áit é atá go hiomlán ilchultúrtha agus de bharr go réitíonn daoine le chéile. Tá codarsnacht ollmhór idir an áit agus Béal Feirste, ar ndóigh, áit a bhfuil dhá phobal den dath amháin, atá go hiomlán scartha.
Tá daoine i Harlesden as achan chearn den domhan. Thuas staighre, mar shampla, bhí lánúin as an Pholainn agus a n-iníon bheag, lánúin as Gána agus fear as Eritrea. Tá a lán daoine sa cheantar as Na hIndiacha Thiar ó dhuchas, mar aon le daoine ón Afraic, ó oirthear na hEorpa, ón Ind agus ón Phacastáin.
Ar an phríomhshráid, is féidir ionaim agus bananaí glasa agus mangónna a fháil, agus a lán glasraí nach bhfaca mé riamh roimhe. Tá siopaí a dhíolann cosmaidí Afracacha agus píosaí fada gruaige - fíor agus saorga - leis an ghruaig a shíneadh. Tá roinnt mhaith siopaí inar féidir lámhmhaisiú a fháil i stíl Nua-Eabhrac. Tá siopaí bearbóra Iar-Indiacha ann, atá mar ionaid phobail. Agus suas síos an tsráid téann fír óga gorma i ngluaisteáin snasta atá ag preabadh le ceol.
Tá méid millteanach eaglaisí sa cheantar agus ar an Domhnach feictear scataí daoine ag dul chucu, iad gléasta go deas. Chomh maith le Caitlicigh agus Eaglais Shasana, tá Baistigh, Meitidistigh, Deisceabail Chríost, Seventh Day Adventists agus an United Reformed Moravian Church ann.
Mahogany
Tá fuinneog siopa sa phríomhshráid atá lán de mhascanna carnabhail. Tá siad lonrach, ildaite, galánta. Ina measc, tá fiana grástúla ruithneacha, grian óir ollmhór, agus bean a bhfuil bananaí ar bharr a cinn. Chuaigh mé isteach agus bhí fear óg ann ag obair le píosaí móra sreinge.
D’fhiafraigh mé do an bhféadfainn cúpla grianghraf a ghlacadh.
“Tá fáilte romhat,” a dúirt sé. Ansin chuaigh muid i mbun comhrá. Daniel an t-ainm a bhí air agus tugtar Mahogany ar an chomhlacht.
“Déanann muid cultacha fá choinne achan chineál ócáide,” a dúirt sé. “Mar shampla, Carnabhal Notting Hill agus Paráid Ardmhéara Londan agus geamaireachtaí na Nollag. Chuaigh muid go Corcaigh uair amháin agus thaitin sé go mór linn. Chuir muintir na háite fáilte mhór romhainn.”
Is as Oileán na Tríonóide dadaí Daniel, agus bhunaigh seisean an comhlacht, in éineacht le bean atá ina dearthóir an-eolach.
“Tógadh leis an Charnabhal mé,” a dúirt Daniel. “Rinne mé staidéar ar an innealtóireacht agus ar an dearthóireacht thionsclaíoch. Oibrím anseo mar tháthaire, ag cur na n-úmacha le chéile. Cuireann daoine eile an phéint agus an glitter orthu.”
Ansin mhínigh sé an méid seo domh: “Ceilúradh saoirse i ndiaidh na sclábhaíochta ab é an Carnabhal ar dtús. Ní raibh cead ag na sclábhaithe seinm ar na drumaí, mar bhí eagla ar na huinéirí go seolfaí teachtaireachtaí leo. Ansin fuarthas drumaí ola agus rinneadh drumaí astu.”
Is féidir dul i dteagmháil le Mahogany ag costumes@mahoganycarnival.com nó cuairt a thabhairt ar a suíomh gréasáin ag www.mahoganycarnival.com.